Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 1 April 2015

Joint Oireachtas Committee on Education and Social Protection

Irish Language Education: Discussion

10:00 am

Ms Bláthnaid Ní Ghréacháin:

Maidir le chúrsaí soláthair, is 43% ag an iarbhunleibhéal agus 25% ag an mbunleibhéal nach bhfuil in ann freastal ar an éileamh faoi láthair. Chun dul i ngleic le sin, le haghaidh scoileanna atá ann cheana féin, is gá go mbreathnófaí go géar ar chúrsaí cóiríochta. Tá go leor scoileanna ann atá i ndrochchuí cóiríochta le blianta fada agus nach bhfuil in ann cur leis na scoileanna sin agus fás agus forbairt de réir mar is gá chun freastal ar líon níos mó páistí. Sin ceann de na príomhrudaí.

Maidir le soláthar nua, mar chuid den phróiséas a úsáideann an Roinn anois ag an bunleibhéal, déanann an Roinn suirbhé ar thuismitheoirí maidir leis an éileamh atá ann ar bhunscoileanna lán-Ghaeilge. Ansin breathnaítear ar sin i mbealach iomaíocha agus déantar cinneadh de réir an méid éilimh le haghaidh an cineál scoile áirithe atá ann. An fhadhb leis an gcóras sin ná go mbeidh daoine atá ag lorg oideachas lán-Ghaeilge i gcónaí ina mionlach. Beidh an grúpa sin i gcónaí níos lú ná an daonra áitiúil go ginearálta. Mholfaimid go mbeadh éileamh ar scolaíocht lán-Ghaeilge mar chritéir lárnach in aon phróiséas bunaithe scoile agus go mbreathnófaí ar na bealaí chun éileamh ar oideachas lán-Ghaeilge a chruthú agus a chothú níos fearr. Baineann an méid sin leis an iarbhunleibhéal freisin.

Maidir le chúrsaí Gaeltachta agus cumas na bpáistí i ndiaidh dóibh teacht ar ais ón nGaeltacht, sa taighde a sheoladh inné léiríodh cad a tharlaíonn maidir le páistí nach bhfuil meon an-dearfach acu ó thaobh na teanga de agus iad tar éis tréimhse a chaitheamh sa Ghaeltacht. I ndiaidh b'fhéidir tréimhse trí seachtaine nó mar sin, ní féidir cruthú go bhfuil feabhas soiléir ar chumas teanga na bpáistí ach an áit a bhfuil an feabhas agus an fhorbairt ná ar an inspreagadh agus ar an meon. De réir mar a thuigtear é, is é is fearr an inspreagadh, is é is mó a úsáidfí an teanga agus is é is mó a úsáidfí an teanga, is é is mó a chuirfí le cumas teanga ina bpáistí. Tá ról sóisialú na teanga thar a bheith tábhachtach. Is dócha gur sin freagra na ceiste cad é bunús leis an éagsúlacht meon sin. Tá siad ann sóisialú lena chéile agus tá comhthéacsanna spraoiúla agus sóisialta ann dóibh.