Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 1 April 2015

Joint Oireachtas Committee on Education and Social Protection

Irish Language Education: Discussion

10:00 am

Ms Bláthnaid Ní Ghréacháin:

Tuigim. Tuigim go bhfuilimid faoi bhrú. Maidir le chúrsaí iontráil scoileanna, tuigimid go bhfuil an Bille le foilsiú go luath. Táimid an-bhuíoch don chomhchoiste as ucht an tuiscint a léiríodh cheana fein ar na sain-riachtanais atá ag na scoileanna lán-Ghaeilge.

Tuigtear dúinn go mbeidh sé aitheanta go bhfágfaí faoi údarás na scoileanna lán-Ghaeilge an sainmheon teanga a chosaint iad féin, trí agallamh nó trí cibé beartas a shocraíonn an bord bainistíochta, agus fáiltimid roimhe sin. Tá géarchéim sa chóras maidir le soláthar mhúinteoirí, sna bunscoileanna agus sna hiarbhunscoileanna.

Go bunúsach, má tá múinteoir ag iarraidh iad féin a chlárú le dul ar an bpainéal ath-imlonnaithe tá leasú curtha i bhfeidhm sa mhéid is go gcuireann an múinteoir tic i mbosca le chur in iúl go dteastaíonn uathu nó nach dteastaíonn uathu múineadh i scoil lán-Ghaeilge. Tá sé seo i bhfeidhm le bliain anuas agus de réir an taighde a bhailíomar, tá an-chuid deacrachtaí córasacha ann. Léiríonn sé nach bhfuil daoine ag cur tic sa bhosca. Is bunfhadhb í sin. As 2,000 duine ar an bpainéal forlíontach, chuir 115 múinteoir tic i mbosca chun léiriú go bhfuil spéis acu i múineadh i scoil lán-Ghaeilge. Is é an seasamh atá ag an Roinn Oideachais agus Scileanna ná go bhfuil gach múinteoir cáilithe le múineadh i scoil lán-Ghaeilge in éagmais aon cháilíocht sa bhreis eile.

Is bundeacracht í seo mar níl siad ag cur tic sa bhosca agus tá ceist an-mhór ann faoi chaighdeán na múinteoirí atá ag cur tic sa bhosca sin. Níl an cumas ag formhór na múinteoirí atá ag léiriú spéise dul ag múineadh i scoil lán-Ghaeilge, nó níl an meon, an fheasacht nó an tuiscint cheart acu ar an gcóras lán-Ghaeilge. An rud atáimid ag éileamh le blianta ná go mbeadh painéal ar leith ann do scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta. Ansin caithfimid breathnú ar cheist na réamhsheirbhíse mar cheist phráinneach.

Is saincheist í riachtanais speisialta oideachais sa scoil lán-Ghaeilge atáimid ag díriú uirthi le tamall anuas freisin. Is í an fhadhb atá ann nábíodh is go bhfuil sé intuigthe go bhfuil na scoileanna lán-Ghaeilge, ar nós scoil ar bith, in ann freastal ar pháistí le riachtanais speisialta oideachas, níl an fheasacht, an cur chuige nó an struchtúr cuí tacaíochta ann chun tacú le páistí atá i gcóras tumoideachas. Níl na tacaíochtaí ann ó roinnt gairmeacha, ar nós teiripeoirí urlabhra agus teanga agus síceolaithe atá in ann freastal ar riachtanais na bpáistí sin ina dteanga féin. Cothaíonn sé seo fadhb ollmhór laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht. Táimid i mbun comhchainteanna leis na soláthróirí éagsúla ar an gceist ach tá go leor siceolaithe ón Seirbhís Náisiúnta Siceolaíochta Oideachais, agus siceolaithe eile, ag moladh do thuismitheoirí páistí a tharraingt amach as scoileanna má tá riachtanais speisialta oideachais acu nó gan iad a chur isteach sa chóras. Tá cúrsaí ag feabhsú ach tá an dearcadh sin fós ann. Níl aon fhianaise don dearcadh seo. Léiríonn an fhianaise atá ann go bhfuil an córas in ann déileáil go sásúil le páistí le riachtanais speisialta.