Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 1 April 2015

Joint Oireachtas Committee on Education and Social Protection

Irish Language Education: Discussion

10:00 am

Ms Bláthnaid Ní Ghréacháin:

Gabhaim buíochas leis an gcoiste as ucht an deis ár gcás a chur faoi bhráid an chomhchoiste inniu ar cheist atá lárnach do chlár oibre Gaelscoileanna Teoranta.

Tá Gaelscoileanna Teoranta, atá ag treabhadh an ghort ó 1973 sa réimse bunú agus forbairt na scoileanna lán-Ghaeilge, ag feidhmiú i gcomhthéacs oideachais níos leithne ó Iúil 2014. I ndiaidh próisis fada cuíchóirithe agus comórtais iomaíoch i measc na n-eagraíochtaí atá bunmhaoinithe ag Foras na Gaeilge, d’éirigh le Gaelscoileanna Teoranta an stádas a bhaint amach mar cheanneagraíocht sa réimse gaeloideachas-tumoideachas agus réamhscolaíocht lán-Ghaeilge. Tá, dá réir, róil agus feidhmeanna nua ag an eagraíocht, ar a n-áirítear tacaíocht agus ionadaíocht ar bhunscoileanna agus iarbhunscoileanna lán-Ghaeilge sa Ghaeltacht agus tacaíocht do naíonraí taobh amuigh den Ghaeltacht. Anuas ar na cúraimí seo, leanann gnáthobair na heagraíochta ar aghaidh ag tacú le líon, lonnaíocht agus forbairt na scoileanna lán-Ghaeilge ag an mbunleibhéal agus ag an iarbhunleibhéal ar bhonn 25 contae.

Ó thús na bliana 2014, tá an eagraíocht i mbun próisis pleanála chun críche feidhmiú go héifeachtach i gach réimse, idir reatha agus nua. Aithnítear go mbeidh sé tábhachtach ionadaíocht chuí a bheith san eagraíocht de na réimsí oibre uile, agus dá réir, tá an eagraíocht i mbun struchtúir chuí rialachais agus feidhmeannais a phleanáil agus a fhorbairt. Tá comhairliúchán forleathan á dhéanamh anois leis na scoileanna sa Ghaeltacht agus leis na naíonraí chun tuairimí a bhailiú faoi riachtanais na bpobal faoi seach agus faoi na bealaí is éifeachtaí le freastail ar na riachtanais chéanna.

Is earnáil fhorásach agus uilchuimsitheach í earnáil an oideachais lán-Ghaeilge. Le 308 bunscoil lán-Ghaeilge, 67 iarbhunscoil lán-Ghaeilge agus aonad lán-Ghaeilge ar bhonn 32 contae laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht, maraon le 187 naíonra sna 26 contae lasmuigh den Ghaeltacht, freastalaíonn an earnáil ar riachtanais oideachais os cionn 50,000 dalta. Is earnáil í atá an-tarraingteach do thuismitheoirí agus a gcuid páistí de bharr caighdeán an oideachais, i ngach ábhar an churaclaim agus sa chiall is leithne, de bharr na scileanna coigníochta, teangeolaíochta agus sóisialta a bhronntar ar pháistí, agus de bharr na teagmhála a chothaítear le saibhreas teangacha agus chultúir éagsúla, anuas ar chultúr Gaelach na hÉireann. Is earnáil í ina bhfáiltítear go croíúil roimh pháistí den uile chineál agus den uile chúlra, feiniméan a chuireann go mór le saibhreas comhdhéanamh na scoileanna lán-Ghaeilge.

Leis an spéis orgánach atá san earnáil, mar aon leis an soláthar a cheadaítear ag leibhéal na Roinne do scoileanna nua, tá éileamh ar na scoileanna lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht ag méadú go suntasach agus go comhleanúnach le blianta fada. Fáiltímid go mór roimh an éilimh seo ar ndóigh, ach ní gan dúshláin atá sé nuair nach féidir leis na soláthair reatha freastal ar an éileamh; nuair atá oideachas trí mheán na Gaeilge á cheilt ar thuismitheoirí arb é a mhian é dá bpáistí; nuair nach féidir le páiste a fhreastalaíonn ar naíonra áit a fháil sa bhunscoil lán-Ghaeilge is giorra dóibh agus nuair nach féidir le páiste a fhaigheann a chuid oideachais trí Ghaeilge sa bhunscoil in ann leanúint leis an oideachas lán-Ghaeilge sin ag an iarbhunleibhéal toisc nach ann don rogha agus nach bhfuil an córas in ann freastal go cuí ar pháistí le riachtanais speisialta oideachais ina dteanga dhúchas féin; nuair nach bhfuil scoileanna in ann múinteoirí a earcú leis an gcumas agus an tuiscint chuí atá riachtanach le múineadh i scoil lán-Ghaeilge agus nuair nach bhfuil ábhair á gcur ar fáil ag leibhéal na meánscoile de bharr nach bhfuil ann do mhúinteoirí leis an mbunchumas sa Ghaeilge móide an cháilíocht chuí san ábhar teagaisc.

Is iad sin na saincheisteanna is mó imní don earnáil agus i measc geallsealbhóirí na hearnála na linne seo. Is mian liom dul isteach do cúpla ceann acu beagánín níos doimhne.

Maidir le bunú Scoileanna, bíonn plé rialta agus dea-chomhoibriú idir Gaelscoileanna Teoranta agus an Roinn Oideachais agus Scileanna maidir le soláthar agus éileamh ar oideachas lán-Ghaeilge. Ó athraíodh an cur chuige bunaithe scoile sa bhliain 2011, is tríd córas mear na Roinne a aithnítear na ceantair don soláthar nua ag an mbunleibhéal agus ag an iarbhunleibhéal. Fágann sé seo go bhfuil go leor ceantair ann nach bhfuil soláthar lán-Ghaeilge iontu nó nach bhfuil na scoileanna lán-Ghaeilge iontu in ann freastal ar an éileamh. Tá céatadán an-ard de scoileanna lán-Ghaeilge - is é sin 43% ag an mbunleibhéal agus 25% ag an iarbhunleibhéal - nach bhfuil in ann freastal ar an éileamh. Sa chás gur mó an t-éileamh ná an soláthar, níl aon rogha ag scoileanna ach critéir iontrála a shainiú. De réir nádúir agus cur chuige an tumoideachais a bhíonn ag scoileanna lán-Ghaeilge, in an-chuid scoileanna leagtar amach tosaíochtaí dóibh siúd atá á dtógáil le Gaeilge, mar shampla, agus atá an-ghníomhach i gcur chun cinn na teanga. Tá an cur chuige seo riachtanach chun críche cosaint sainmheon teanga na scoile agus cearta teanga na bpáistí. Nuair atá ró-éileamh ann, bíonn díomá orthu siúd nach n-éiríonn leo teacht isteach sa chóras agus is minic go n-eascraíonn líomhaintí gan bhunús uaidh sin gur scoileanna eisiacha iad agus gur scoileanna elite atá iontu. In áit aghaidh a thabhairt ar bhunús na faidhbe – is é sin nach bhfuil soláthar leordhóthanach ann - sínítear méar cáinteach i dtreo na scoileanna iad féin, atá ag streachailt le córas iontrála atá mí réadúil.

Déanann Gaelscoileanna Teoranta stocaireacht go leanúnach ar an Roinn thar ceann na bpobal éagsúla agus na dtuismitheoirí leis an iarratas go ndéanfar soláthar cuí don oideachas lán-Ghaeilge agus go mbeidh éileamh air aitheanta mar chritéar lárnach ag an Roinn do bhunú scoileanna nua sa todhchaí ag an dá leibhéal.

Forbairt eile a d’fhéadfadh teacht chun cinn sa Roinn mar thionscnamh sábhála airgid ná go mbeidh íosmhéid sraitheanna ag teastáil le scoil a bhunú, scoil lán-Ghaeilge san áireamh. An rud atá luaite linn ná go bhféadfadh sé tarlú go mbeadh trí sraith ag teastáil, mar shampla trí rang de naoináin bheaga ag teastáil chun go mbeadh aitheantas faighte ag scoil lán-Ghaeilge nó scoil ar bith. D’fhéadfadh impleachtaí a bheith ann do shainmheon teanga na scoile agus gnóthachtáil na bpáistí dá réir agus iarraimid ar an Roinn bunús eolaíoch agus fianaise a bheith mar chritéir i ngach ceapadh beartais cosúil le seo. Tá sé i gceist ag Gaelscoileanna Teoranta tabhairt faoi thaighde ar na himpleachtaí a bhaineann le dul ó dhá shraith go trí shraith sa bhunscoil lán-Ghaeilge ach go háirithe ar cheist na teanga don scoil agus don pháiste.

I gcás soláthar nua ag an iarbhunleibhéal, déanann an Roinn Oideachais agus Scileanna sainmheon teanga na scoile a aithint roimh ré. Is é an critéar a úsáidtear le sainmheon teanga a aithint ag an iarbhunleibhéal ná líon na ndaltaí sna bunscoileanna lán-Ghaeilge sa cheantar ina bhfuil an soláthar nua le bunú. Tá dúshláin ag baint leis an bpróiseas seo. Ina measc, ní aithníonn sé an t-éileamh ar iarbhunscolaíocht lán-Ghaeilge i measc daltaí i mbunscoileanna nach scoileanna lán-Ghaeilge iad. Níl an Roinn ag plé le haon cheantar ar leith ar bhonn aonair in ainneoin éileamh ar éagsúlacht an tsoláthair seachas na ceantair atá aitheanta faoin bpróiseas de réir déimeagrafaice, rud a fhágann go bhfuil bearnaí suntasacha ann sa soláthar ag an iarbhunleibhéal. Fágann sé sin nach ndéantar an t-aistriú a éascú ó bhunscoil go hiarbhunscoil lán-Ghaeilge, rud atá fíor-thábhachtach don leanúnachas oideachais agus teangeolaíoch na bpáistí.

Ar cheist na n-aonad, táimid ag plé go leanúnach leis na patrúin agus leis an Roinn maidir le forbairt na n-aonad. Cé go n-aithníonn muid mar eagraíocht tábhacht na n-aonad lán-Ghaeilge mar mhúnla soláthair, ní cheart go mbreathnófaí ar aonad mar rogha sásúil ar oideachas lán-Ghaeilge gan gach féidearthacht agus tacaíocht a thabhairt do bhunú scoil neamhspleách. Tá sé fíor-thábhachtach go mbeadh an deis ag aonad fás ina scoil neamhspleách má tá an t-éileamh ann. Is cúis imní don eagraíocht agus do phobail na n-aonad nach bhfuil polasaí ag an Roinn Oideachais agus Scileanna maidir le bunú agus buanú aonaid lán-Ghaeilge agus nach bhfuil tacaíochtaí ar leith ar fáil ón Roinn dóibh. Cé go bhféadfadh aonad lán-Ghaeilge a bheith mar réiteach i gcás ceantair áirithe ar an mór fhadhb atá ann i dtaobh soláthair oideachas lán-Ghaeilge, ní féidir é a mholadh in éagmais stádas a bheith aige mar mhúnla i gcóras na Roinne. Braitheann aonaid an iomarca ar dhea-mhéin na máthairscoile agus ar thoilteanas agus acmhainneacht an phátrúin. Is féidir leis a bheith lochtach mar chóras agus mar chur chuige agus tá sé leochaileach mar mhúnla dá bharr.