Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 3 March 2015

Joint Oireachtas Committee on Environment, Culture and the Gaeltacht

Ceisteanna Óige: Díospóireacht

2:15 pm

Ms Caitríona Ní Raghallaigh:

A mhuintir Thithe an Oireachtais, gradam nach beag dúinn bheith anseo libh chun an ráiteas, meabhairsláinte na n-óg a chosaint, a scagadh. Is mise Caitríona Ní Raghallaigh. Is scoláire ardteiste mé i Scoil Phobail Cionn tSáile.

Sula dtosnaímid ar phlé a dhéanamh ar mheabhairshláinte a chosaint, is ceart dúinn ceist bhunúsach a fhreagairt. Cad iad na comharthaí sóirt de dhaoine óga i mbarr a meabhair shláinte? Feictear dom go mbíonn na déagóirí sin muiníneach, gníomhach agus sásta leo féin. Glacann siad páirt sa saol laethúil le fonn, le díograis agus le paisean. Tugann siad aghaidh ar fhadhbanna gan stró.

Ach, cad faoi dhaoine óga nach mbíonn i mbarr a meabhairshláinte, daoine faoi ghruaim agus in ísle brí? De réir mar a fheicimse féin é, go minic ní bhíonn sé d'acmhainnn acu ithe, codladh nó a bheith páírteach sa ghnáthshaol. Ní bhíonn meas acu orthu féin. Bíonn siad imníoch, bíonn siad ina n-aonar agus uaireanta bíonn siad ag fulaingt. Go símplí, bíonn siad i bpian. Tá an baol mór ann go gcasfaidh na deagóirí sin ar dhrugaí, ar alcól agus ar ghnéas chun éalú óna bhfadhbanna.

Sa bhliain dhá mhíle is a trí déag, thainig torthaí suirbhé tromchúiseach amach. Fuair Coláíste Ríoga na Máinleá in Éirinn amach go mbíonn duine óg amháin as cúigear idir 19 agus 24 ag fulaingt le fadhbanna mheabhair shláinte, sin duine amháin as cúigear ag fulaingt. Nach scanrúil an staitistic í sin? Cén fáth go bhfuil a leithéid ag titim amach? Is ceist chasta agus chonspóideach í sin, a bhfuil meascán d'fhoinsí ag baint léi. Ach chun meabhairshláinte na n-óg a chosaint, tá eolas cruinn ar bhunchúiseanna na faidhbe thar a bheith riachtanach.

Ar an gcéad dul síos, téann an timpeallacht i bhfeidhm ar gach aon duine. I mo thuairimse, scathánaíonn do thimpeallacht do mheabhairshláinte. Ciallaíonn timpeallacht an áit fhisiciúil, is é sin an áit chónaithe agus an scoil, gan trácht ar na daoine timpeall ort. Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine, a deirtear. Cé hiad na daoine atá timpeall ort? Bí cinnte de go mbíonn tionchar ag do mhuintir, do ghaolta, do chiorcal cairde agus do mhuinteoirí ort.

Rud eile de, le tamall anuas, glacann teicneolaíocht ról suntasach i saol deagóirí. Is é sin le rá, is cuid de thimpeallacht na n-óg iad na gréasáin shóisialta, mar shamplaí reatha, Facebook, Twitter, Instagram agus Snapchat. Is í an teicneolaíocht teanga na n-óg. Uaireanta, bíonn siad cabhrach go leor do dheagóirí. Cuir i gcás , nuair a briseadh an scéal ar líne faoi Bressie, an t-amhránaí cáiliúil. Chualamar go raibh sé in ísle brí nuair a bhí sé ina dheagóir. Ní raibh sé in ann codladh nó páirt a ghlacadh sa saol. D'inis sé a scéal chun inspioráid agus tacaíocht a thabhairt don aos óg.

Ach, bíonn dhá thaobh ar an mbileog agus ní haon eisceacht é an t-idirlíon. Tá ré an fhéinphic buailte linn. Ní féidir linn ár mbricfeasta a ithe gan féinphic a thógaint na laethanta seo! Agus leagann an nós seo béim mhór mhillteach ar an gcuma agus ar an bhfoirfeacht. Ní leor "maith go leor" inniu. Caithfidh gach grianghraf a bheith foirfe, níos foirfe ná an pictiúr a chuaigh roimhe. Méadaíonn sé sin strus ar dhaoine óga. Eiríonn siad gafa lena bhféiníomhá, go huile is go hiomlán gafa leí. An bhfuil aon réiteach ar an gcleachtas sin, seachas cosc a chur ar fhéinphiceanna? Ní dóigh liomsa é, ar aon nós.

I m'áit chonaithe i gCionn tSáile, bunaíodh an eagraíocht tacaíochta KYSS, Kinsale Youth Support Services, cúpla bliain ó shin. Cuireann sé comhairle agus cabhair ar fáil d'óige an bhaile agus na sráidbhailte eile sa cheantar. Is áis fíorluachmhar é. Teastaíonn níos mó tionscnamh dá léithéid mar bíonn deagóirí i bpian, agus tá géarghá le seirbhísí den sórt seo chun spás sábhailte a thabhairt dóibh agus chun tragóid a sheachaint. Chuir mé agallamh ar Thómas Breathnach, an t-oibrí don aos óg atá i bhfeighil an togra, agus tá obair den scoth ar siúl aige agus ag an gcoiste. Is í mo thuairim, go mba cheart don Rialtas níos mó infheistíochta a dhéanamh i dtionscnaimh dá léithéid. Níl aon praghas ar bheatha an duine, an bhfuil?

Mar chonclúid, ba mhaith liom trí rud praiticiúil a mholadh chun meabhairshláinte na n-óg a chosaint: eolas cruinn ar bhunchúiseanna na faidhbe a bheith againn; a bheith ar an airdeall faoin tionchar atá ag an timpeallacht ar an meabhairshláinte; agus níos mó tionscnamh cosúil le KYSS a chur ar fáíl.

Go raíbh míle maith agaibh.