Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 3 March 2015

Joint Oireachtas Committee on Environment, Culture and the Gaeltacht

Ceisteanna Óige: Díospóireacht

2:15 pm

Mr. Odhráin De Ruiseil:

A Theachtaí Dála, a Sheanadóirí agus a chairde Gaeil, Órán de Ruiseil an t-ainm atá orm. Is dalta de chuid Choláiste Feirste mé. I dtús báire ba mhaith liom tacú leis an méid a bhí le rá ag mo chara, Conall. Is onóir nach beag é a bheith i bhur láthair inniu le linn seachtain na Gaeilge.

Inniu, a chairde, beidh mise ag déanamh trácht ar ábhar thar a bheith tromchúiseach, fadhbanna meabhairshláinte na n-óg agus daoine óga a chuir lámh ina mbás féin de thairbhe seo. Seo ábhar atá, i ndáiríre, ag réabadh iarthar Bhéal Feirste, áit a bhfuil mo scoil féin lonnaithe. Cathracha, bailte agus ceantracha tuaithe; níl aon áit in Éirinn nár fhulaing mar gheall ar féin bháis. Is trua a rá go bhfuil ceann de na rátaí féinmharaithe is airde san Eoraip againn. Meastar go mbeidh deacrachtaí meabhairshláinte ar dhuine amháin as gach deichniúr bpáistí agus déagóirí sa tír.

Ach, ba mhaith liomsa díriú isteach ar éagóir a chuaigh go mó i bhfeidhm ormsa nuair a bhí mé i mbun mo chuid taighde. Ins na sé chontae amháin ó 1999 to 2008 tháinig méadú 64% ar an ráta fhéinmharaithe. Seo ardú dochreidte. Is léir go bhfuil muintir an Tuaiscirt, na daoine óga go speisialta, ag fulaingt de thairbhe thoradh na dtrioblóidí. Is léir, mar sin, gur fágadh muintir na sé chontae i gcruachás de thoradh an slada, an tsleachta agus an scrios a mhothaigh an pobal le linn na dtrioblóidí. Maraíodh na mílte daoine le linn an tréimhse seo. Fágadh páistí gan tuismitheoirí, fágadh tuismitheoirí gan páistí agus tuismitheoirí óga gan a dtuismitheoirí féin.

D'eascair an iliomad fadhbanna sóisialta de thairbhe an tsleachta seo uilig, fadhbanna ar nós mí-úsáid alcóil, mí-úsáid drugaí, bochtanas agus dí-fhostaíocht. Le fios, tá an leibhéal dí-fhostaíochta is airde san Eoraip ag iarthar Bhéal Feirste. Ní nach ionadh, mar sin, go bhfuil an ghlúin óg ag teacht chun tosaigh le mór-fhadhbanna meabhairghalair.

Braithim féin gurb í croílár na faidhbe ná gur fágadh muintir an Tuaiscirt gan dóchas. Le linn na dtrioblóidí tháinig daoine le chéile in am an ghátair chun troid ar son na cúise. Bhí gach duine ag brath ar a chéile. Mhair an pobal ar scath a chéile. Bhí fir óga, go speisialta, gafa le troid ar son saoirse na tíre seo, in áit a bheith gafa leis an rópa crochta mar atá na laethanta seo.

Anois, níl mise ag maíomh gur cheart dúinn dul ar ais chuig na laethanta dorcha sin. Ach creidim, nuair atá daoine páirteach i ngluaiseacht ar leith nach mbíonn an oiread céanna fadhbanna meabhairghalair ann. Chuidigh an ghluaiseacht chultúrtha agus pobail ar nós Cumann Lúthchleas Gael agus gluaiseacht na Gaeilge chun dóchas a nochtadh i ndaoine óga. Cuireann an pobal Gaeilge i mBéal Feirste go leor imeachtaí agus seirbhísí ar fáil do dhaoine óga: clubanna spóirt, clubanna drámaíochta agus clubanna óige, Fórum na n-Óg go speisialta. Tugann seo deis do Ghaeil óga teacht le chéile taobh amuigh den scoil, saor in aisce, chun Gaeilge a labhairt ar bhonn sóisialta agus páirt a ghlacadh in imeachtaí chun cur le teanga, bród tíre, scileanna agus muinín s'againn mar dhaoine óga. Ní seo iomlán réiteach na faidhbe, dar ndóigh, ach cuidíonn seirbhísí mar seo le buachaillí agus cailíní óga camáin agus sliotair a choinneáil ina lámha in áit alcóil nó drugaí.

Ach tá seirbhísí mar seo i mbaol. Is náireach an rud é nach bhfuil Acht na Gaeilge faighte againn go fóill, mar shampla. Mar sin, táimid fágtha, mar Gaeil, gan chosaint na seirbhísí iontacha seo atá ag cuidiú go mór le meabhairshláinte na n-óg in iarthar Bhéal Feirste go príomhá.

Má éisteann an Taoiseach leis na horáidí seo níos moille: A Enda, a chara Gael, an bhfuil seans ar bith Acht na Gaeilge a luadh le do chuid cairde thall i Londain? Bheinn thar a bheith buíoch asat, a Enda, dá dtiocfadh leat é sin a luadh, mar is léir nach bhfuil Londain nó Stormont ag éisteacht linne, na mílte Gaeil a bhailigh le chéile chun éilimh ar son acht na Gaeilge anuraidh. Agus, a Enda a chara, agus tú ag labhairt le do chairde i Londain, luaigh fosta gur cheart stop a chur leis na ciorraithe ar an chóras sláinte atá ag gearradh siar ar sheirbhísí comhairleoireachta don ghlúin óg, stop a chur leis na ciorraithe ar na bochta agus stop a chur le gearradh sochair sóisialta na mbocht agus seirbhísí pobail.

Nuair a déantar seo, nuair a chuirtear stop leis na ciorraithe is nuair a chuirtear tús le hinfheistíocht i seirbhísí pobail ar nós Chumann Lúthchleas Gael, PIPS agus cumann óige Forum na nÓg, agus chan am ar bith roimhe, tiocfaidh feabhas ar mheabhairshláinte na n-óg sa tír seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.