Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 3 March 2015

Joint Oireachtas Committee on Environment, Culture and the Gaeltacht

Ceisteanna Óige: Díospóireacht

2:15 pm

Mr. Conall O?Corra:

A Chathaoirligh, a Theachtaí Dála, a Sheanadóirí, a chomhdhaltaí agus a comrádaithe Gaelacha. Is mise Conall O'Corra agus tá mé anseo inniu chun aois vótála na tíre seo a chur faoi bhur mbráid.

Sula chuirim tús le mo chuid cainte ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leis an gComhchoiste um Chomhshaol, Cultúr agus Gaeltachta as cuireadh a thabhairt dúinn freastal ar an ócáid speisialta seo. Caithfidh mé a admháil go bhfuil bród as cuimse orm a bheith mar ionadaí anseo do Ghaeil óga Bhéal Feirste.

Tá mé cinnte go bhfuil cuimhne nach beag ag gach aon duine sa tseomra seo ar an aois thábhachtach seo, 16 bliana. Is club faoi leith í a 16, go cinnte. Feicimse féin go speisialta na polaiteoirí sa tseomra seo, ag smaoineamh siar go dtí na laethanta sin. B'fhéidir gur thig liom sibh a iomrá agus sibh a 16, tá gruaig fhada oraibh an uair sin, nó b'fhéidir nach bhfuil roinnt agaibh chomh maol le croí mo bhoise, mar atá anois.

Is í Fuascailt na nDéagóirí teideal mo chuid oráide, ó tharla go bhfuil fuascailt na gCaitliceach á dhéanamh sa rang staire agam i mbliana. Ach ná bíodh imní oraibh, a chairde Gael. Beidh mise ag argóint ar son vótála do dhéagóirí tré mheán na Gaeilge, rud nach ndearna an fuascaltóir é féin.

Ag deireadh mo chuid cainte ní bheidh dabht ar bith ann gur cheart don Rialtas an aois vótála a ísliú go 16. Nuair a bhaineann tú 16 amach bronntar i bhfad níos mó cearta ort agus is féidir leat moll mór rudaí nua a dhéanamh don chéad uair. Ná déantar dearmad go bhfuil cónaí ormsa i mBéal Feirste agus is olc liom a rá go bhfuilimid go fóill faoi smal ag na Sasanaigh agus riail na Breataine. Mar sin de, beidh mé ag déanamh tagairt do rialacha agus dlíthe difriúla atá i bhfeidhm ó thuaidh agus nach bhfuil reachtaithe sa Saorstát. Ina ainneoin sin, measaim go dtabharfaidh mo chuid cainte ábhar machnaimh daoibh. Ag tiomáint mópéide, ag ceannach ticéid don crannchur náisiúnta, ag amharc scannán a bhfuil brollach baineann maol ann; cha raibh mé ábalta seo a dhéanamh anuraidh ach is féidir liom é anois, agus mé in aois 16. Tchítear dom go bhfuil sé aisteach gur féidir leat, go dleathúil, an scoil agus teach do thuismitheoirí a fhágáil ag 16 ach nach bhfuil tú in ann vótáil. Is é mo mheas ná má tá tú aibí go leor chun tú féin a chothú i do theach féin gan tacaíocht ó do thuismitheoirí go bhfuil tú aibí go leor chun vótáil.

Ar an taobh eile den scéal, tá déagóirí 16 d'aois ábalta dul i mbun oibre. Ardaíonn seo ceist faoi chearta na n-oibrithe. Nach luíonn sé le ciall má íocann déagóirí cáin go bhfuil an ceart ag na déágóirí céanna a mbarúil a nochtadh ar cén dóigh a caitear cúrsaí cánach? Sílim é.

Thairis sin, nuair a thiontaíonn tú 16 ins na sé chontae faoi sheilbh, is féidir leat post a fháil san arm. Anois, ní dóigh liom go mbéadh móran suime ag duine ar bith i gColáiste Feirste, mé féin go mór san áireamh, a bheith mar bhall de arm na Breataine ach fós féin, tá an deis ar fáil. Cuireann sé déistin orm go mbéadh Rialtas na Breataine sásta gunna a chur i mo láimh agus mé a imlonnadh áit ar bith ar domhan ach ní bhéadh sé sásta éisteacht le mo dhearcadh polaitiúla ar an chogadh céanna.

Ach tá Rialtas na Poblachta ciontach den rud céanna. Níl ach bliain amháin sa difir san aois earcaíochta airm.

Lena chois sin ba mhaith liom tagairt a dhéanmh do cheist chigilteach eile. Ó thuaidh, nuair a bhaineann tú 16 amach creidtear go bhfuil tú lán-fhásta go leor agus caithfidh tú colla a bheith agat. Tuigimid uilig go bhfuil go leor dainséir ag baint leis seo, galair gnéis agus toircheas go príomha. Tá aithne fíormhaith agam ar thuismitheoirí óga in iarthar Bhéal Feirste, Gaeil óga 16 nó 17 mbliana d'aois, le páiste amháin nó le beirt agus iad ag déanamh jab sár mhaith ag tógáil a gcuid páistí. Tá tithe ag na tuismitheoirí óga seo, oibríonn siad go lán aimseartha, íocann siad a gcáin ach caitear leo mar shaoránaigh den dara grád, gan guth, gan vóta. Braithim féin go bhfuil seo náireach ar fad.

Níl mise liom féin ins na tuairimí seo. Tá Alex Salmond, iar-Phríomh Aire na hAlbain go mór i bhac liom fosta. Léirigh sé é seo nuair a rinne sé beart lena bhriathar agus d'ísligh sé an aois vótála in Albain go 16 leis an reifreann neamhspleáchais, ar bheag ar éirigh leis. D'fhoilsigh sé preas ráiteas ag an am a rá, "Má cheapann an Rialtas go bhfuil duine 16 bliana d'aois sean agus aibí go leor chun pósadh nó troid san arm tá sé in am vóta a thabhairt dó nó di i gcinní a bhaineann le todhchaí na tíre". Amharc ar caidé a tharla in Albain. Spreag Salmond glúin óg nua le suim agus spéis a chur i gcúrsaí polaitíochta. Tháinig na déagóirí ins na sluaite agus phlódaigh siad na stáisiúin vótála. Chaith 3.6 milliún a vóta ar cheist an neamhspleachais agus bhí os cionn 100,000 faoi 18 mbliana. Cé gur spreag mo chomharsana ceilteacha mé, bhí mé meallta ag an am céanna mar gheall gur thuig mé nach mbéadh an deis céanna agamsa ins na toghcháin atá ag teacht ins na sé contaetha faoi sheilbh gan mhoill.

Mar fhocal scoir, deirtear go dtagann ciall le haois. Creidim féin gur cheart dúinn an seanfhocal seo a leasú mar leanas, go dtagann ciall le 16 bliana d'aois. Impím ar Rialtas na Poblachta dea-shampla ár gcomharsana Albanacha a leanstain. Déanfar glúin óg fhuinniúl a spreagadh chun páirt níos croíúla a ghlacadh inár sealbh. Tabhair dúinn fuascailt na ndéagóirí. Mol an óige agus tiocfaidh sí.