Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 3 March 2015

Joint Oireachtas Committee on Environment, Culture and the Gaeltacht

Ceisteanna Óige: Díospóireacht

2:15 pm

Mr. Aodh Ó Faoláin:

A mhuintir an Oireachtais agus a lucht éisteachta, Aodh Ó Faoláin is ainm dom agus is cúis bróid domsa a bheith anseo ag labhairt libh faoi ábhar atá gar do mo chroí. Táim sa chúigiú bhliain i Scoil Phobail Chionn tSáile agus tá sé thar am dúinn sa tír seo an aois vótála a ísliú go 16 bliana.

Sa lá atá inniu ann in Éirinn tá trí fhadhb mhór againn, dar liomsa. Níl aon suim ag formhór an aosa óig i gcúrsaí polaitíochta sa tír, níl go leor eolais acu faoi agus níl aon ghuth ag déagóirí faoi 18 i gcúrsaí polaitíochta i láthair na huaire.

Ar an gcéad dul síos, is fíor a rá nach bhfuil ach suim an-bheag ag daoine óga in Éirinn sa pholaitíocht. Déanann rudaí cosúl leis an ábhar, oideachas saoránach, sóisialta agus polaitíochta, OSSP, sa teastas sóisearach agus na cumainn polaitíochta do dhaoine óga in Éirinn iarracht an fhadhb a réiteach, ach bíonn siad ag streachailt le heaspa suime i gcónaí.

Tá suim speisialta agam féin sa pholaitíocht toisc gur tógadh mé leis. Spreag mo thuismitheoirí mé mo thuairimí féin a fhorbairt faoi chúrsaí reatha agus faoin tábhacht a bhaineann lena bheith eolasach faoi pholasaí stáit atá díreach bainteach le daoine óga. Táim féin i mo bhall de Pharlaimint Óg na hEorpa anseo in Éirinn, eagraíocht ina bpléann daoine óga cúrsaí polaitíochta na hEorpa. Is iontach a bheith páirteach in eagraíocht mar seo agus paisean mo chomhghleacaithe a fheiceáil, ach tá sé soiléir nach bhfuil na hiarrachtaí seo láidir go leor chun spéis sa polaitíochta a chothú san ógra.

De réir na staitisticí, i 2007 bhí Éire ar cheann des na tíortha is measa san Eoraip nuair a tháinig sé chuig vóta na n-óg. Níor úsáid ach an ceathrú chuid de dhaoine idir 18 agus 24 an vóta. Is léir go bhfuil fadhb ann imeasc na n-óg mar tá leisce orthu an vóta a úsáid, agus rachadh isliú an aois vótála ina chéad chéim chun an fhadhb seo a réiteach. Má fhaigheann daoine óga an vóta ag 16 spreagfaidh an ceart nua iad chun é a úsáid. Bíonn am acu sa chúigiú nó san idirbhliain smaoineamh faoi agus é a phlé ar scoil. Cothóidh sé suim imeasc na n-óg i gcúrsaí rialtais a bhéadh ann i gcomhair a saoil.

An dara fhadhb a fheicimse i dtaobh na bpolaitíochta in Éirinn ná nach bhfuil aon ghuth ag daoine óga faoi 18 i gcúrsaí na tíre. Is í an óige todhchaí na tíre agus ní bhíonn aon seans acu a dtuairimí a léiriú go dtí go mbíonn siad níos sine. I láthair na huaire bíonn a lán ceadaithe éagsúla ag daoine ag aois 16. Oibrím féin go páirtaimseartha, íocaim cáin ioncaim, tiomáinim an carr le mo dhaid ach deirtear nach bhfuilim aibí nó ciallmhar go leor chun votáil. Caithfimid an fhadhb seo a réiteach.

Má íslítear an aois vótála gheobhaidh na daoine óga an guth atá ag teastáil uathu. Tá an togra seo ceangailte leis na hábhair eile atá á phlé inniu. Caithfidh daoine óga guth oifigiúil a bheith acu i dtaobh na bhfadhbanna atá acu. Tabharfaidh an vóta seo aitheantas dóibh mar chathróirí na tíre.

An fhadhb dheireannach ar mhaith liom a phlé ná an easpa eolais atá ar fáil do dhaoine óga i dtaobh chúrsaí pholaitiúla in Éirinn. Molaim an t-ábhar OSSP toisc go ndéanann sé iarracht an t-eolas a thabhairt do dhaoine ón chéad go dtí an tríú bhliain. Molaim an t-eolas atá ar fáil do dhaoine óga ar líne, go pointe áirithe, ach dá gcuirfí ceist ar deichniúr duine óg cérbh é nó í a Teachta Dála nó céard atá á phlé sa Dáil an tseachtain seo ní bhéadh a fhios ag an bhformhór. An fhadhb atá ann nó go bhfuil sé ag braith ar an duine aonar an t-eolas seo a aimsiú. Tar éis an chúrsa OSSP a chríochnú ní chaithfidh tú tú féin a spreagadh i gcúrsaí polaitiúla i do shaol munar mhian leat. Níl aon suim ag daoine an t-eolas a aimsiú muna bhfuil sé ar Twittter no Facebook agus, dá bharr sin, bíonn daoine óga aineolach faoi chúrsaí na tíre.

Mar a deir an seanfhocal, "an fonn a dhéanann an fiach". Má chothaímid suim san ógra i gcúrsaí polaitiúla déanfaidh siad iarracht an t-eolas a aimsiú. Cothóidh an togra seo an suim iontu, dar liom. Má tá an vóta ag daoine ag aois 16 tá siad díreach tar éis an chúrsa OSSP a chríochnú. Tá an t-eolas a fuair siad fós ina n-aigne agus fós beo beathach, in ionad ag aois 18, nuair atá an t-eolas dearmadta acu. Rachaidh an chuid is mó go dtí an idirlíon, áit atá a lán le heolas, ach tá baol ann mar go mbíonn sé claonta nuair nach mbíonn an pictiúr iomlán ann. Dá dtiocfadh an togra seo isteach in Éirinn chaithfimís a bheith cúramach go mbéadh daoine ar an eolas faoi bhréaganna agus faoi eolas gan substaint nó bunús a feictear ar an idirlíon.

Deir daoine atá i gcoinne an íslithe go mbéadh sé ró-éasca eolas claonta nó radacach a thabhairt do dhaoine óga thar na meáin sóisialta agus go n-aithreodh sé an vóta. Ach, san Ostair is é 16 an aois vótála ó 2007 agus nuair a d'fhéachadh ar conas a vótáil daoine idir 16 agus 18 ins an toghchán i 2013, chonacthas go raibh sé mar an gcéanna leis an gcuid eile den phobal. Ní raibh an vóta níos radacaí ann.

Ag deireadh, tá a lán buntáistí ag baint leis an aois vótála a athrú. Réiteodh sé fadhbanna móra polaiticiúla. Ná dearmadtar gur dúradh na rudaí ceannann céanna faoi na mná ag tús na fichiú aoise nuair a bhí ceart vótála á lorg acu. Is deacair linn é sin a chreidiúint anois. Ná déantar dearmad gur athraigh an aois vótála ó 21 go 18 sa bhliain 1973, rud conspóideach ag an am, gan dabht. Ní rud nua é ísliú an aois vótála agus is athrú dearfach é. Ina iomlán agus tar éis gach rud a phlé, déarfainn go bhfuil níos mó maitheasa ná donais ag baint leis an athrú.

Go raibh maith agaibh as ucht bhur n-éisteacht.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.