Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 3 March 2015

Joint Oireachtas Committee on Environment, Culture and the Gaeltacht

Ceisteanna Óige: Díospóireacht

2:15 pm

Ms Hannah Nic Diarmada:

A chomhaltaí de Chomhchoiste um Chomhshaol, Cultúr agus Gaeltachta agus a chairde, tá ceist thábhachtach curtha os ár gcomhair anseo, ar chóir an aois vótála a ísliú ó 18 mbliana d'aois, mar atá faoi láthair, go dtí 16 bliana d'aois. Is é mo fhreagra ar an gceist seo ná gur chóir agus gur mithid dúinn í a ísliú.

Sin ráite, tá a fhios agam go bhfuil go leor daoine den tuairim nach bhfuilimid aibí go leor nó cliste go leor chun cinntí móra ar cheisteanna náisiúnta agus idirnáisiúnta a dhéanamh, ach ní aontaim leo in aon chor. Is sinn ag trácht ar aibíocht is iomaí déagóir sa tír seo atá níos aibí ná a thuismitheoirí nó a chaomhnóirí féin.

Is iomaí déagóir ar aois 16 bliana atá i bhfeighil ar thithe, a réitíonn béilí don teaghlach, a ghlanann an teach agus a thugann aire do dhuine fásta. I ndaonáireamh na bliana 2006 bhí 3,166 feighlí idir 15 bliana d'aois agus 17 mbliana d'aois. Sin 3,166 duine óg le cúram daoine eile orthu i gcónaí. Smaoinigh ar an staitistic sin. Ni bhaineann aois le haibíocht i gcónaí. Ní thugtar aitheantas do na daoine óga seo, a bhfuil freagrachtaí móra orthu, toisc gur páistí iad. Níl sin ceart ná cóir.

Múnlaíonn cinntí polaitíochta ár dtodhchaí. Is linne an todhchaí sin. Ba chóir go mbéadh ár nguthanna le cloisint sna cinntí a shocródh an saol atá amach romhainn. Caithfear a chur san áireamh go bhféádfadh níos mó eolais ar cheisteanna polaitíochta a bheith ag déagóir 16 bliana d'aois ná mar a bhéadh ag duine níos sine ná é. Tá oideachas den scoth faighte ag an gcuid is mó de dhéagóirí. Cuireann a lán daoine i leith an aosa óig nach bhfuil aon suim againn i gcúrsaí polaitíochta, ach nuair a léirímid suim ní éistear linn. Deirtear linn gan a bheith buartha faoi. Deirtear linn nach dtuigimid an cheist i gceart ach ní thugtar an deis dúinn ár dtuiscint a chur in iúl. Ní thugtar an deis dúinn labhairt amach. Ní thugtar ardán ná cluas éisteachta dúinn. Is mithid don stát cluas éisteachta agus guth a thabhairt dúinn, agus ar an gcúis sin creidim gur chóir an aois vótála a ísliú go 16 bliana d'aois.

Glacann déagóirí páirt ghníomhach in eagraíochtaí sa phobal: Comhairle na n-Óg, Ógra Fianna Fáil, Ógra Fhine Gael, Ógras, Feachtas, na Gasóga agus a leithéid. Léiríonn daoine óga ceannaireacht gach lá dá saol agus tá fuinneamh agus am acu smaoineamh ar dhaoine eile agus ar na ceisteanna atá tábhachtach sa phobal. Tá guth ag teastáil uainn agus tuillte againn.

De réir an dlí, táimid aibí go leor chun a bheith ag obair agus cáin a íoc, ach más mar sin atá nach bhfuilimid aibí go leor chun vóta a chaitheamh? Ba cheart go mbéadh an ceart againn rialtas a phiocadh nó cinneadh a dhéanamh faoin tslí ina bhfuil ár gcáin á caitheamh. In Albain, sa Bhrasaíl, san Ostair agus i gCúba, íslíodh an aois vótála go 16 bliana d'aois le déanaí agus bhí líon na ndaoine a chaith vóta i bhfad ní b'airde dá bharr. Taispeánann sé seo go bhfuil suim ag daoine óga i gcúrsaí polaitíochta agus ina dtarlaíonn sa domhan ar bhonn náisiúnta agus idirnáisiúnta. Má tá siad aosta go leor agus aibí go leor freagrachtaí a ghlacadh ba chóir go mbéadh na cearta ag dul dóibh dá réir. Ba chóir an aois vótála a ísliú go 16 bliana d'aois.

Tá cead ag duine an scoil a fhágaint agus é 16 bliana d'aois. Tugann an stát an cead agus an tsaoirse dúinn an córas oideachais a fhágaint agus is aitheantas é seo ar an duine atá 16 bliana d'aois mar dhuine fásta atá aibí go leor chun dul amach sa saol mar dhuine neamhspleách. Is iomaí duine a chríochnaigh an scoil agus a d'imigh ag obair mar phrintíseach ná mar iascaire nó a leithéid agus é an-óg. Ghlac na daoine óga sin le freagrachtaí an duine lánfhásta go luath sa saol. Cruthaíonn an fhianaise seo nach bhfuil ciall ná réasún ag baint le cead vótála a chosc orthusan atá 16 bliana d'aois.

Stadann an stát ag tabhairt liúntas leanaí do thuisimitheoirí nuair a shroicheann an déagóir 16 bliana d'aois muna leanann sé ar aghaidh ar scoil. Is léir go n-aithníonn an stát gur deireadh le ré an pháiste é agus 16 bliana slánaithe ag an duine. Más amhlaidh atá, cad é an chúis nach dtabharfaí cead vótála dúinn ag an staid seo dár saol?

Agus duine 16 bliana d'aois, bíonn an saol mór ar a tháirseach. Bíonn an fuinneamh agus an tsaoirse againn ár dtuairimí féin a mhúnlú agus a nochtadh go neamhchlaonta sula gcuireann taithí an tsaoil ciniciúlacht i bhfeidhm ar ár smaointe. Is í 16 bliana an aois is oiriúnaí chun suim an déagóra sa pholaitíocht a spreagadh agus a mhúscailt trí aitheantas agus stádas a thabhairt dó. Ní bhéadh aon bheart ní b'éifeachtaí chuige sin ná cead vótála a thabhairt don té atá 16 bliana d'aois. Ar an gcúis sin impím oraibh, ar leas na tíre, an aois vótála a ísliú go 16 bliana d'aois.

Ná bíodh eagla orainn guth a thabhairt don óige. Mar a deir an seanfhocal, Mol an óige agus tiocfaidh sí. Íslígí an aois vótála go 16 bliana d'aois. Ní bheidh aiféala oraibh, geallaimse daoibh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.