Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 14 January 2015

Joint Oireachtas Committee on Public Service Oversight and Petitions

Ról agus Cúram: An Choimisinéara Teanga

4:00 pm

Mr. Rónán Ó Domhnaill:

Maidir le cursaí na h-oifige, tá seisear ag obair san oifig i láthair na huaire agus tá athrú tagtha ar struchtúr foirne na hoifige ó thosaigh mise i mbun oibre mí Márta na bliana seo caite. Tá stiúrthóir oifige ceapaithe den chéad uair le dhá bhliain go leith - is é sin Colm Ó Coisdealbha, atá in aice liom anseo. Níl mé ag rá nár mhaith liom go mbeadh breis foirne againn amach anseo chun cur leis an méid foirne atá againn agus cur leis an méid oibre a bheadh muid in ann baint amach. Bheinn ag tnúth b'fhéidir sa todhchaí, nuair atá breis earcaíochta ar siúl, go bhféadfainn féachaint ar sin san am atá le teacht. Rinneadh staidéar neamhspleách ar obair na hoifige sna blianta atá caite, 2008, agus dúradh an uair sin go mba cheart go mbeadh ochtar ann ar a laghad chun tabhairt faoin obair seo. B'fhéidir go dtiocfadh athrú ar sin san am atá le teacht. D'fháilteoinn roimhe dá dtarlódh a leithéid ach cuirim fáilte chomh maith roimh an athrú atá tagtha ar an struchtúr foirne cheana féin.

Luaitear chomh maith cúrsaí earcaíochta sa tseirbhís phoiblí. Níl aon dabht ach go bhfuil cumas an Stáit seirbhísí sásúil a chur ar fáil go lucht na Gaeilge ag brath go mór ar líon dóthain stáitseirbhisigh a bheith ar fáil do dhaoine chun na seirbhísí sin a chur ar fáil. Tá an 6% seo ag teacht i bhfeidhm agus tá próiseas earcaíochta ar bun cheana féin chun oifigí feidhmiúcháin a thabhairt isteach sa tseirbhís phoiblí. Feictear domsa, agus tá sé seo ráite agam cheana, go mba cheart go mbeadh sé sin níos airde ach chomh maith leis sin go mba cheart féachaint sa gcéad dul síos go sonrach agus go sciobtha cén áit go bhfuil na daoine seo ag teastáil agus ina dhiaidh sin féachaint cé mhéad daoine atá le n-earcú agus é sin a dhéanamh chun cearta an tsaoránaigh a chosaint.