Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 8 July 2014

Joint Oireachtas Committee on Environment, Culture and the Gaeltacht

Licensing and Harvesting of Seaweed in Ireland: Discussion

4:30 pm

Mr. John Bhaba Jeaic Ó Conghaile:

Tá an marc, an dath gorm, thíos faoin high water mark. Tá sé níos gaire don áit a mbíonn stop an taoile, agus tá sé marcáilte.

Mar sin, an té a cheapann gur b'shin í an áit atá an taoile is airde nuair atá trá ann, tá sé contráilte. Tá sin chomh siúráilte agus atá mé anseo.

An dara rud ná go bhfuil ceart ag na daoine. Thugadar aire don fheamainn, ghearradar i gceart í, táthar sásta í a dhíol agus déantar corr phunt aisti. Ba leo í agus d'oibríodar go crua uirthi. Táimid uilig ag iarraidh go mbeadh an áit chun cinn agus níl éinne in aghaidh Arramara Teoranta ná tada eile, ná ag iarraidh slata mara a thabhairt isteach arís ná triomú - obair chrua - ach ba cheart go mbeadh seo ag muintir na háite agus má tá buntáiste le fáil, gur acu a bheadh sé.

Thugadar aire don fheamainn le céad bliain agus os cionn sin agus nuair a bhí neart feamainne á bhaint agus gach uile rud eile á dhéanamh, níor chuireadar aon díluacháil uirthi agus ní dhearnadar aon dochar di. Cén fáth mar sin nach acusan a bhfágfaí an rud inniu? Táimid ag iarraidh í a dhíol le gach uile duine, le duine ar bith a cheannóidh í. Tá Arramara ag ceannach go leor, mar tá monarcha mór aige agus fuaireadar an áis. Táimid sásta díol le héinne eile atá ag teacht chun cinn. Má thagann daoine óga chun cinn sna blianta romhainn a bheidh in ann níos mó a dhéanamh léi, díolfar leo sin chomh maith í.

Tá muintir na háite praiticiúil. Tá siad an-mhór as ucht aire a thabhairt don chladach. Mar a dúirt muid cheana, bhíodar chomh géar ar an bhfeamainn ionas nach ndéanfaí damáiste di. Bhí na cladaigh marcáilte agus glacadh le sin. Thugadar aire thar cionn don fheamainn. Mar sin, cén fáth anois an mbeadh éinne ag ceapadh go ndearnadar drochmheas uirthi agus nach bhfuileadar sách maith le hí a thabhairt chun cinn? Roinnt blianta siar, is é an faitíos a bhí ann ag cuid de na comhlachtaí ná nach mbeadh éinne sásta an fheamainn a bhaint agus go gcaithfí é a dhéanamh go meicniúil. Go dtarlóidh sé sin, is ceart í a fhágáil mar a bhí sí. Tá sí ag fás go maith agus is é an dream a thug aire dhi agus a thug cead di fás an dream ba cheart do Jan O'Sullivan nó duine ar bith eile í a fhágáil acu.

Má tá gasúr óg ann, fágtar aige í ar bhás an athair agus tabharfaidh sé aire mhaith di. Tá aire mhaith tugtha don fheamainn ag muintir na háite. Nílim ag rá ag Cladaigh Chonamara amháin, ach siar chuig cladaigh Mhaigh Eó agus suas go Gaillimh agus an Clochán. Thugadar aire di, shaothraigh siad airgead aisti agus níor cheart go ndéarfaí leo anois gur thugadar aire di ach go bhfuil an tionscal ag iarraidh níos mó airgid a dhéanamh nó go dtabharfaidh sé aire níos fearr di ná mar a thug muid. Tá muid agus na daoine á dhéanamh go maith. Creidim gur ceart í a fhágáil againn. Más cúrsaí airgid, cúrsaí cánach nó rud ar bith eile atá i gceist, sin rud difriúil. Ní shin atá muid ag caint inniu air.

Táimid ag caint ar chearta agus go mbeidh daoine in ann a bpunt a shaothrú agus an fheamainn a dhíol leis an bhfear is fearr leo. Mar atá inniu, má tá feamainn gearrtha agam inniu agus má tá leoraí ag John, tabharfaidh mé dó í agus muna dtaitníonn sé liom, tabharfaidh mé don chéad fhear eile í. D'oibrigh sé sin. Tharraing cuid de na daoine móin muna raibh an fheamainn le tarraingt agus d'oibrigh sin go maith. Ní raibh locht ar bith ar sin agus ní cheart go n-athródh sé. Sin mo chreidiúint phearsanta.