Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 8 July 2014

Joint Oireachtas Committee on Environment, Culture and the Gaeltacht

Licensing and Harvesting of Seaweed in Ireland: Discussion

4:30 pm

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael) | Oireachtas source

Cuirim fáilte roimh an grúpa chuig an comhchoiste. Ar dtús, nuair a chas mise, Éamonn Ó Méalóid ó Chearta Chladaigh Chonamara, an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh, chomh maith le Teachtaí agus Seanadóirí eile, leis an Aire, an Teachta Jan O'Sullivan, cúpla seachtain ó shin faoi na ceisteanna seo, dúirt sí go raibh sí ag lorg an toraidh céanna agus a bhí muidne ag lorg, sé sin, go mbeadh na bainteoirí feamainne beaga in ann leanúint ar aghaidh mar a bhí siad. Céard a cheapann na finnéithe faoi sin? An nuacht maith é sin?

Tá a fhios againn go bhfuil an Roinn ag lorg comhairle ón Ard-Aighne faoi na folios agus rudaí mar sin. Dúirt ceann de na hoifigigh ag an gcruinniú nach dtéann na cearta folio thar marc an uisce ard. Cad a cheapann na finneithe faoi sin?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.