Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 27 May 2014

Committee on Environment, Culture and the Gaeltacht: An Fochoiste um an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus Rudaí Gaolmhara

Breathnú ar Scéim Ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2014: Díospóireacht

10:40 am

Ms Máire Killoran:

Maidir leis na foilseacháin atá clúdaithe faoin Acht teanga, faoi láthair tá foráil uileghabhálach i gceist faoi Alt 10 den Acht ina bhfuil dualgas ar chomhluchtaí poiblí tuarascálacha bliantúla, cuntais bliantúla, ráitis straitéise agus aon doiciméad ina bhfuil tograí beartais phoiblí luaite iontu a fhoilsiú go comhuaineach sa dá theanga oifigiúla. Tá sé beartaithe, faoi na ceannteidil don Bhille teanga go ndéanfaí leasú air sin. Mar sin, d'fhanfadh an fhoráil reachtúil mar atá faoi láthair i dtaca le foilsiú tuarascálacha bliantúla, cuntais iniúchta agus ráitis straitéise. Bhéadh dualgas i gcónaí ar chomhluchtaí poiblí iad sin a fhoilsiú sa dá theanga oifigiúla. Ach tá sé molta go ndéanfaí leasú ar Alt 10 den Acht chun fáil réidh leis an bhforáil lena gceanglaítear aon doiciméad ina leagtar amach tograí beartais phoiblí a chur ar fáil sa dá theanga oifigiúla. Go bunúsach, leis an leasú atá beartaithe bhéadh cinneadh le tógáil ag an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta le toiliú an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athcóirithe agus aon Aire nó Airí eile, na doiciméid ina bhfuil tograí beartais phoiblí luaite iontu a chur ar fáil sa dá theanga oifigiúla. Mar atá ráite agam ó chianaibh, seo ceann des na mór ábhair imní a tháinig chun tosaigh maidir le costais aistriúcháin a bhaineann leis na foilsiúcháin atá le foilsiú faoi láthair faoin Acht. Bhéadh sé i gceist na tograí beartais phoiblí a bhéadh le foilsiú feasta a shonrú, seachas an fhoráil uileghabhálach atá i gceist faoi Alt 10 den Acht mar atá faoi láthair.
Maidir le sainmhíniú ar cheann an chomhluchta phoiblí, seo leasú atá beartaithe ar Alt 2 den Acht. Má bhreathnaítear ar Ranna Rialtais is é an tArd Rúnaí a bhíonn i gceist mar cheann an chomhluchta, seachas an tAire. Faoi láthair faoi Alt 2 den Acht tá an tAire ainmnithe mar cheann an chomhluchta phoiblí. Faoin leasú atá beartaithe is é an tArd Rúnaí a bhéadh i gceist mar cheann an chomhluchta phoiblí. Tá moladh déanta go mbéadh an sainmhíniú bunaithe ar an miniú ar cheann chomhluchta phoiblí atá áirithe in Acht um Bainistíochta na Seirbhíse Poiblí 1997, a meastar gurb é an miniú is cuí.
Maidir le seirbhísí i nGaeilge a bheith ar fáil, cuirtear na seirbhísí sin ar fáil, nó sonraítear na seirbhísí sin, tré na scéimeanna teanga a aontaítear le comhluchtaí poiblí seachas tré fhorálacha díreacha an Achta. Ní miste é sin a lua.
Maidir leis na tionscnaimh pholasaí ar leith a luaigh an Seanadóir Keane, an tseirbhís comhroinnte aistriúcháin mar shampla agus an chaoi ina bhfuil sé molta go ndéanfaí ainmneacha comhluchtaí poiblí nua a shonrú i nGaeilge, ní miste a nótáil go bhfuil an dá thionscnamh, an tseirbhís comhroinnte aistriúcháin agus ainmneacha na gcomhluchtaí poiblí nua, mar thionscnaimh polasaí atá le tabhairt chun cinn i bhfoirm plé leis na pairtithe leasmhara seachas iad a bheith áirithe per seins na ceann teidil.
Thóg an Seanadóir ceist maidir le fad na scéimeanna teanga. Mar is eol don tSeanadóir tá sé beartaithe ins na ceannteidil go ndéanfaí tréimhse na scéimeanna teanga a leasú ó thrí bliana, mar atá faoi láthair, go dtí seacht mbliana. Tá sé nótáilte againn go bhfuil sé luaite ag an Seanadóir gurb é an moladh a bhéadh á dhéanamh aici féin nó cúig bliana. Níl muid ach ag tús an phróisis anseo. Tá na ceannteidil glanta ag an Rialtas, tá siad tógtha ag an bhfochoiste seo. Táimid ag tógáil moltaí a thagann ón bhfochoiste, agus ó na pairtithe leasmhara a thiocfas i láthair an fhochoiste, san áireamh. Ag deireadh an phróisis sin beimid ag dul ar ais ag an Rialtas le cead a fháil an Bille féin a fhoilsiú agus a thabhairt os comhair an Oireachtais. Beidh na moltaí uilig le tógáil san áireamh againn agus an próiseas ag dul ar aghaidh.
Maidir le comhordú idir tuarascáil bhliantúil agus cuntáis iniúchta a bheith á bhfoilsiú, baineann sé sin go sonrach le hOifig an Choimisinéara Teanga. Faoi láthair déantar tuarascáil bhliantúil an Choimisinéara Teanga a fhoilsiú ag pointe ar leith sa bhliain agus déantar na cuntais iniúchta a fhoilsiú níos moille sa bhliain nuair atá siad ar fáil. Ar bhealach, is foráil eisceachtúil atá ansin mar, má bhreathnaítear ar an reachtaíocht a bhaineann le comhluchtaí poiblí eile séard atá i gceist i dtaca le mórchuid na gcomhluchtaí poiblí ná go ndéantar an tuarascáil agus na cuntais iniúchta a eisiú an an am gcéanna. Sin an chúis go bhfuil an leasú sin á moladh ar an bhforáil áirithe sin atá san Acht teanga a bhaineann le hOifig an Choimisinéara Teanga.
Maidir leis an pointe deireannach a thóg an Seanadóir, baineann sé sin leis an athbhreithniú atá ar siúl ag Foras na Gaeilge ar na heagraíochtaí bunmhaoinithe. Tá cinneadh polasaí tógtha ag an gComhairle Aireachta Thuaidh Theas maidir leis na socruithe nua maoinithe atá le cur i bhfeidhm ón gcéad lá de mhí Iúil. Tá sin idir lámha ag Foras na Gaeilge faoi láthair agus tá plé ar siúl idir an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, an Roinn Cultúir Ealaíon agus Fóillíochta ó Thuaidh agus Foras na Gaeilge maidir leis na ceisteanna sin uilig.