Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 27 May 2014

Committee on Environment, Culture and the Gaeltacht: An Fochoiste um an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus Rudaí Gaolmhara

Breathnú ar Scéim Ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2014: Díospóireacht

10:10 am

Ms Máire Killoran:

Bhí próiseas uilechuimsitheach, uileghabhálach comhairliúcháin poiblí i gceist leis an mBille, mar is eol don choiste, sula cuireadh na cinn i dtoll a chéile. Tógadh na haighneachtaí agus na freagraí a fuarthas ar an suirbhé ar líne san áireamh agus cinn an Bhille á ndréachtadh sular cuireadh faoi bhráid an Rialtais iad le glanadh. Mar shampla, is féidir linn a rá gur tógadh moltaí a bhí déanta ag Oifig an Choimisinéara Teanga, ag dul siar, ar bord agus muid ag dréachtadh cinn an Bhille. Tá dhá fhoráil ar leith sa Bhille nach miste dom aird ar leith a tharraingt orthu. Is iad sin, an fhoráil a bhaineann leis an gceart a bhéas ag daoine a gcuid ainmneacha agus seolta poist i nGaeilge a úsáid agus iad i mbun cumarsáide le comhluchtaí poiblí. Baineann an dara fhoráil le go mbeadh poist le riachtanas Gaeilge le sonrú feasta i scéimeanna teanga, faoi alt 13 den Acht teanga, rud nach bhfuil i gceist go sonrach faoi láthair. Is dul chun cinn suntasach iad sin don Roinn ar an méid atá san Acht teanga faoi láthair.

Mar is eol don Seanadóir, tá an tAcht teanga i bhfeidhm le deich mbliana anuas. Rinneadh athbhreithniú ar an Acht, i bhfianaise an ghealltanais a bhí tugtha i gclár an Rialtais. Rinneadh próiseas cuimsitheach comhairliúchán poiblí, tógadh na moltaí a rinneadh ar bord agus, ag eascairt as sin, cuireadh cinn i dtoll a chéile. Feictear don Roinn gur iarracht mhacánta atá anseo chun go mbeidh an tAcht ag feidhmiú ar bhealach níos éifeachtaí.