Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 27 May 2014

Committee on Environment, Culture and the Gaeltacht: An Fochoiste um an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus Rudaí Gaolmhara

Breathnú ar Scéim Ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2014: Díospóireacht

10:10 am

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein) | Oireachtas source

Tá sé deacair dom a chreidiúint go bhfuil Ms Killoran ag rá liom gur tógadh ar bord moltaí an iar-Choimisinéara Teanga, ach go háirid, i gcomhthéacs earcaidh sa Státseirbhís. Nuair a bhí seisean os comhair an choiste seo rinne sé cáineadh uafásach géar ar na moltaí a bhí á gcur chun cinn ag an Roinn. Dúirt sé nach n-oibreodh na moltaí atá an Roinn ag déanamh maidir le hearcadh dhaoine sa Státseirbhís, gur dallamullóg a bhíothas á chur ar an bpobal agus gurb shin ceann des na cúiseanna is mó gur éirigh sé an phost. Dá bhrí sin, níl aon ghlac agam leis an bhfreagra sin. Tuigim go bhfuil Ms Killoran féin ag labhairt thar ceann na Roinne agus gurb é an tAire agus an Rialtas a dhéanann na cinntí, ach ní féidir liom glacadh leis go bhfuil moltaí tógtha ar bord maidir le hearcadh státseirbhíseach. Ní dóigh liom go raibh sé in aon cheann des na haighneachtaí a tháinig ón bpobal, nó fiú ní dóigh liom gur luaigh an Roinn Oideachas agus Scileanna nó an Roinn Caiteachas Phoiblí agus Athchóirithe é, go sonrach. Bheinn ag súil go mb'fhéidir go dtógfadh an Roinn ar bord é sin agus go mbogfaí i dtreo an chinéal moladh a bhí déanta ag an iar-Choimisinéara Teanga maidir le hearcaíocht sa Státseirbhíseach.

Sa bhreis air sin, luaigh Ms Killoran an seirbhís comhroinnte aistriúcháin. An bhféadfadh sí léargas a thabhairt duinn faoi céard atá i gceist leis sin? Cén chaoi a n-oibreodh sé sin go praiticiúil? Cá mbeidh sé lonnaithe? Cén chaoi a n-oibreodh sé, ó thaobh na teicneolaíochta de?

Ceann des na rudaí eile adúirt an Coimisinéir Teanga, ina léargas ar rudaí éagsúla le deich mbliana anuas, gurb é an rud is mó a bhí ón bpobal maidir le hAcht na dteangacha ná seirbhís gan cheist gan choinníol do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta nuair a bheidís ag plé le Roinn Stáit ar bith, go bhféadfaidís an Ghaeilge a úsáid gan a bheith ag fanacht ar an bhfón ar feadh deich nóiméad, mar shampla, go dtiocfadh duine éigin ar ais an treo. Cén chaoi a n-oibreodh sé sin go praiticiúil?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.