Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 4 March 2014
Joint Oireachtas Committee on Environment, Culture and the Gaeltacht
Seachtain na Gaeilge
2:50 pm
Ms Rosie Allenby:
A Chathaoirligh, a chomhscoláirí agus a lucht éisteachta, Rosie Allemby is ainm dom agus is dalta sa chúigiú bhliain mé i gColáiste de hÍde, Tamhlacht. Táimse chun labhairt inniu faoi phost a aimsiú in Éirinn.
Deich mbliana ó shin, bheadh scéal iomlán difriúil á insint agam faoi phost a aimsiú sa tír seo, agus scéal i bhfad níos deise a bheadh ann. Bhí tráth ann, agus ní i bhfad ó shin a bhí sé, ina raibh flúirse post ar fáil sa tír agus bhí muintir na hÉireann in ann a rogha a dhéanamh. Bhí daoine ag teacht amach as an gcóras oideachas tar éis na hardteistiméireachta agus ag dul díreach isteach i bpost maith. Bhí neart post ann do dhaltaí a bhí fós ar scoil freisin.
Bhí muintir na hÉireann ag déanamh beag is fiú de phoist níos bunúsaí, ar nós bheith ag obair in ollmhargadh nó jabanna dá leithéid sin agus bhí muintir na hEorpa ag iarraidh teacht go hÉirinn chun saol níos fearr a bhaint amach dóibh féin agus dá dteaghlaigh.
Ach le teacht an chúlu eacnamaíochta 2008 d'athraigh gach uile rud. Tá ráta dífhostaíochta sa tír ag 12% san am i láthair. Lig dom é sin a chur i gcomhthéacs don choiste. I mo bhliainse scoile tá 60 dalta. Ciallaíonn an ráta sin go mbeidh níos mó ná seachtar dóibh siúd ag iarradh an dole a bhailiú. Cé go bhfuil an ráta sin i bhfad níos ísle ná mar a bhí sé i Iúil 2012, nuair a bhí ráta dochreidte de 15.1% ann, tá sé fós i bhfad níos áirde ná mar a bhí sé i 2005, nuair nach raibh sé ach 4.2%. Mar sin, don chuid is mó táimid ar fad chun bheith ag labhairt faoi na deacrachtaí atá againn, agus ag gach duine, post a aimsiú, nó beith ag insint scéil faoi cé chomh héasca is atá sé.
Ceann des na fadhbanna is mó atá ann sa lá inniu do dhaoine óga ná na deacrachtaí atá acu an taithí a fháil chun fostathóirí a shásamh. Mar gheall ar an easpa airgid agus na gearraidh siar ar fad níl comhluchtaí sásta post a thabhairt do dhaoine nach bhfuil siad in ann 100% muiníne a bheith acu iontu. Mar sin, tá oibrithe le taithí ag teastáil uathu. Ach i dtaobh daoine óga, conas atáimid chun taithí ar bith a fháil muna bhfuil éinne sásta seans agus post a thabhart dúinn. Caitheann daoine óga breis agus 18 mbliana sa chóras oideachais ach ansin ní féidir leo post a bhfuil siad cáilithe dó, nó post ar bith, a fháil mar níl taithí ceart acu agus níl éinne sásta seans a thabhairt dóibh.
Tá fadhb mhór eile ag teacht chun solais nach bhfuil chomh nua sin. Ainm fhoirmeálta air ná finíochas ach go bunúsach is é atá i gceist ná an tábhacht atá le cén duine a bhfuil aithne agat air. Tá cur amach againn go léir ar an scéal seo, an duine a fuair a phost mar go raibh aithne aige, nó aici, ar an mbainisteoir nó mar go obair duine dá mhuintir sa ghnó. Fadhb mhór í seo in Éirinn ach go háirithe. Is daoine muid a chuireann an cheist, "Cé leis thú" roimh "Céard is ainm duit".
Chomh maith leis seo, seo céard a tharlaíonn i gcomhluchtaí. Ainmníonn duine ar an taobh istigh duine do phost nua, ach fós téann an gnó tríd in próiseas agallaimh nach bhfuil ag teastáil mar níl siad ag iarraidh go mbeadh cuma míchóir nó claonta ar an ghnó. Táimid ag cur amú airgid agus ama ar an bpróiseas seo agus muna bhfuil sé sin dona go leor táimid ag tabhairt dóchais bréagaigh do dhaoine atá ag teacht chun agallamh ag iarraidh post a aimsiú ach atá, go hionraic, ag cur amú a gcuid ama. Conas atá seans ar bith ag daoine dífhostaithe post a fháil muna dtugtar cothrom na féinne dóibh? Níl mé ag rá go bhfuil sé seo ag tarlú i ngach cás ach is cinnte go bhfuil sé ag tarlú go minic.
Tá rud amháin atá ag cruthú postanna in Éirinn, áfach, agus á ndéanamh níos éasca le haimsiú. Tá comhluchtaí idirnáisiúnta ag lonnadh a bpríomh oifigí Eorpacha in Éirinn agus mar sin tá postanna á gcur ar fáil acu. Tá Éire mar cheanncheathrú Eorpach ag Google, Facebook, Twitter, Apple, PayPal, Microsoft agus an-chuid comhluchtaí móra eile.
Deirtear go bhfuil roinnt fáthanna leis seo. Bhuaigh Éire an duais Forbes trí bliana ó shin don áit is fearr chun gnó a dhéanamh san Eoraip. Chomh maith leis seo, is í Éire an t-aon tír a bhfuil Béarla mar príomh-theanga sa eurozone, an réigiún eacnamaíochta sa Aontas Eorpach ina úsáidtear an euro. Ná bíodh dul amú ar éinne, áfach. Tá Béarla breá ag muintir na Beilge agus na Gearmáine agus ag cuid mhór de mhuintir thíortha an eurozone. Is é an príomh fáth, dar le han-chuid, ná gurb í seo an tír is éasca chun gnó a chur ar bun agus ina bhfuil ráta cánach corporáide an-íseal ar fad. Is é atá i gcáin chorporáide ná gearradh ar an mbrabús a dheineann comhlucht. Tá ráta difriúil ag gach tír. Tá ráta beagnach 34% ag an Fhrainc agus 29.5% ag an Ghearmáin. An ráta cánach corporáide atá ag Éire, áfach, ná 12.5%. Agus sin á chloisteáil againn, tá sé soiléir cén fáth go bpiocanna comhluchtaí Éire mar cheanncheathrú.
Tá sé seo ag cabhrú linne chun postanna a chruthú do a lán daoine. Tá Yahoo tar éis a fhógairt go mbeidh siadsan ag lonnadh anseo chomh maith go luath agus ní mó ná sásta atá tíortha eile na hEorpa faoi. Tá Yahoo ag ath-lonnú a gcuid oibreacháin ar fad go hÉirinn ón Eilbhéis agus meastar gurb é an fáth leis seo ná ar mhaithe lena gcuid cánach a ísliú. Chuir páipéar nuachtáin Francach scéal ar chlúdach le ceannlíne adúirt go raibh Yahoo ag pleidhcíocht le cúrsaí cánach mar níl an Fhrainc sásta le haistriú Yahoo ach an oiread. Deirtear go mb'fhearr le tíortha eile na hEorpa agus leis an Aontas Eorpach go mbeadh gach tír ar chómhchéim agus nach mbeadh ráta Éireann chomh híseal i gcomparáid le ráta gach duine eile. Ach gan an buntáiste seo chaillfimís na postanna sin ar fad atá á gcruthú agus bheimís gan deis iontach.
An pointe atá á dhéanamh agam nach rud éasca é post a aimsiú sa lá inniu ach go bhfuil rudaí dearfacha ann chomh maith. Tá súil agam go raibh an pointe sin déanta go soiléir agam. Go raibh maith agaibh as cluas éisteacht a thabhairt dom.