Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 4 March 2014

Joint Oireachtas Committee on Environment, Culture and the Gaeltacht

Seachtain na Gaeilge

2:50 pm

Mr. Condlae Mac Corraidhin:

A Chathaoirligh, a Theachtaí Dála, a Sheanadóirí agus a chairde go léir, is mise Condlae Mac Corraidhín agus is mór an onóir dom a bheith in bhur láthair inniu. Beidh mé ag roinnt mo chuid tuairimí libh ar cheist atá i mo thuairim an-tábhachtach sa lá atá againn inniu, post a aimsiú in Éirinn. Ar an gcéad dul síos, tá an tír seo fós ag fulaingt de bharr cúlú eacnamaíochta, de bharr baincéirí agus tógálaithe santacha. Chuaigh Éire ó bhorradh go cliseadh taobh istigh de chúpla bliain agus tá an earnáil tógála ina phraiseach. Mar gheall ar seo, tá líon mór daoine dífhostaithe sa tír, cuid acu ar feadh tamaill an-fhada. Is féidir a rá go bhfuil damáiste uafásach déanta aige seo d'eacnamaíocht na tíre agus do na daoine.

Dar ndóigh gineann dífhostaíocht fadhbanna eile ar nós bochtaineacht agus easpa dídine. Is cúis imní é an ráta dífhostaíochta. Tá sé fós ag leibhéal an-ard. Téann daoine chuig na cathracha agus thar lear ag lorg post. Fágann siad a gclann agus a gcairde, ach ní stopann sé ansin. Na laethanta seo, breathnaíonn go leor de na bailte beaga tuaithe mar an gcéanna. Cén fáth an dtarlaíonn sin? Bhuel breathnaigh ar na sráideanna ar a raibh cúpla teach tábhairne, bialann agus cúig nó sé shiopa,. Anois tá siad dúnta agus níl ach siopa amháin oscailte. Tá an tír scriosta, go háirithe na ceantair thuaithe.

Níl dabht ar bith go bhfuil sé an-deacair post a aimsiú inniu. Bhí tráth ann nuair a bhí post páirtaimseartha ag beagnach gach déagóir nó ar a laghad post samhraidh. Bhí airgead póca acu agus bhí siad neamhspleách. Ní raibh siad ag brath ar a dtuismitheoirí, ach faraor saol eile a bhí ansin saol atá i bhfad imithe uainn. Má chuireann duine ceist in aon siopa nó comhlacht, tabharfaidh siad an freagra céanna, "Tá brón orm ach níl aon fholúntas agam." Ní féidir le daoine fásta le taithí post a fháil anois fiú. Níl an obair amuigh ann agus má tá, tá an-iomaíocht i gceist do na poist sin. Tá muidne mar dhéagóirí ag brath ar mham agus ar dhaid agus níl an t-airgead le spáráil acu. Míbhuntáiste eile a bhaineann leis ná nach bhfuil an fhreagracht sin orainn mar a bheadh dá mbeadh post againn. Is rud iontach é post a bheith ag déagóir, múineann sé an oiread rudaí dó chomh maith le freagracht, Cinnte, ní bheidh leadrán air. Tugann obair deiseanna le haghaidh caidreamh agus méadaíonn sé líonraí sóisialta an duine. Is gné thábhachtach den obair a bheith mar chuid den phobal, ní hamháin mar shaothraí ach freisin mar ranníocóir chuig an gcóras eacnamaíochta.

Chomh maith leis an gcúlú eacnamaíochta, is é an dul chun cinn sa teicneolaíocht rud eile atá ag cur le laghdú an méid post atá ar fáil. De réir mar a fhorbraítear é, tá bealaigh nua á fháil leis an méid duine a laghdú ar fhoireann. Tá ríomhairí agus teicneolaíocht go ginearálta ag éirí níos cliste. Tá a lán gnólachtaí ag streachailt agus ag déanamh a seacht ndícheall le maireachtáil na laethanta seo, ach tá a fhios ag madraí an bhaile go bhfuil gnólachtaí ag dúnadh a ndoirse gach lá. Mura bhfuil cuideachtaí in ann a gcuid fostaithe a íoc, ní bheidh aon rogha acu ach iad a ligean chun siúl. Chomh maith leis sin, tiomáineann dífhostaíocht ard pá agus coinníollacha síos. Mar sin má tá an t-ádh ar dhuine post a fháil, seans maith nach bhfuil an pá ná na coinníollacha oibre sásúil.

Nuair a fhágann duine an scoil, níl mórán rogha aige ach dul chuig an ollscoil, mar níl seans dá laghad aige post a fháil gan aon cháilíocht nó taithí. É sin ráite, tá daoine ag teacht amach as an ollscoil le hualach mór céimeanna agus cáilíochtaí, ach níl siad in ann poist a fháil ach oiread. Tá go leor daoine eile ag filleadh ar an ollscoil le gairm bheatha nua a thriall, rud éigin eile a thabharfadh deiseanna níos fearr dóibh. Ach níl aon ráthaíocht go bhfaighidh siad post tar éis sin. Tá luach níos lú anois ar chéim a bheith agat ná mar a bhí deich mbliana ó shin. Cén mhaitheas atá le céim nó máistreacht mura bhfuil duine in ann post a fháil? Mar aon leis sin, tá táillí ollscoile ag ardú an t-am ar fad. Cén chaoi ar féidir oiliúint a fháil má tá gach rud i do choinne? Faraor, uaireanta má tá go leor oideachas ag duine, ní theastaíonn ó chomhlachtaí an duine a fhostú mar bheadh orthu níos mó airgid a íoc leis ná le duine le bun cháilíocht. Tá seo uafásach. Má tá duine óg, tá sé an-deacair fáil isteach ar an dréimire oibre.

Mar an gcéanna, má chaill duine post a bhí aige le blianta, tá seans maith nach mbeidh sé in ann post a fháil sa rannóg chéanna, mar níl na poist ann níos mó. Níos mó ná riamh, tá an-jab ag daoine post a fháil inniu, go háirithe daoine óga. An rud is measa ná go bhfuil siad níos oilte ná aon cheann dá gcomhghleacaithe stairiúla. Agus in ainneoin na tréithe seo, tá líon mór acu ag dul ar imirce. D'fhág 177,000 duine idir 15 agus 24 bliana an tír seo le cúig bliana anuas. Tá brú mór orthu fostaíocht a lorg, cibé áit is féidir leo é a fháil. Ní aon ionadh go bhfuil siad ag tógáil an bháid bháin. Teastaíonn uathu a bheith ag obair agus deiseanna níos fearr a fháil mar cinnte níl siad le fáil sa tír seo a thuilleadh.

Ar ndóigh tá scéimeanna á fhorbairt le cabhrú le daoine óga taithí a fháil agus dul amach san áit oibre, mar shampla JobBridge, agus tá scéimeanna nua ag teacht chun solais freisin. Is é an aidhm atá ag cuid acu seo ná ráthaíocht a thabhairt don aos óg, trí oideachas a chur orthu nó printíseacht nó cúrsa oiliúna a thairiscint dóibh. I dtíortha eile ina bhfuil scéimeanna ráthaíochta na n-óg tugtha isteach, shíl daoine óga go bhfaighidís ráthaíocht oibre nó oiliúint i dtionscal a bhí suim acu iontu, ach ní hé sin an rud a tharla agus bhí díomá ar a lán daoine óga. Is cosúil gur réiteach foirfe é an scéim seo don suíomh ina bhfuil muid, ach an bhfuil sé réalaíoch? Bhí roinnt fadhbanna le JobBridge.

Beidh sé éigeantach dul i dteagmháil le scéimeanna saothair cosúil le JobBridge, mar tá bagairt ann go ngearrfar na híocaíochtaí leasa sóisialta. D'fhéadfadh duine óg atá ag maireachtáil ar €100 sa tseachtain, a bheith gearrtha go €75. Dóibh siúd a fhaigheann €144 in aghaidh na seachtaine, beidh sin á laghdú go €110. Ní thugann sé seo mórán roghanna do dhuine. Tá ráthaíocht dáiríre riachtanach do dhaoine óga dífhostaithe in ionad scéimeanna saothair saor in aisce.

Mar fhocal scoir, tá sé an-soiléir go bhfuil sé fíordheacair post a aimsiú in Éirinn inniu. Le cúnamh Dé, athróidh rudaí go luath agus ní bheidh ar dhaoine a dteaghlaigh agus a gcairde a fhágáil. Tá mé tagtha chuig deireadh mo chuid cainte anois agus tá súil agam gur bhain sibh taitneamh as. Go raibh míle maith agaibh as ucht éisteacht liom.