Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 4 March 2014
Joint Oireachtas Committee on Environment, Culture and the Gaeltacht
Seachtain na Gaeilge
2:40 pm
Mr. Cathal Ó Broin:
Freastalaím ar Ghaelcholáiste de hÍde. Táim anseo inniu chun labhairt faoi phoist a aimsiú in Éirinn. An bhliain seo caite, nuair a bhí mé san idirbhliain, bhí orm taithí oibre a lorg. Fiú amháin agus mé sásta obair a dhéanamh saor in aisce agus gan á lorg agam ach tréimhse de sheachtain nó dhó, ní raibh fostóirí sásta glacadh liom agus taithí thábhachtach a thabhairt dom. Sheol mé ríomhphost i ndiaidh ríomhphoist, chuir mé isteach CV i ndiaidh CV, líon mé foirmeacha iarratais agus chuir mé glaonna teileafóin, ach fós níor éirigh liom. Bhí ionadh an domhain orm cé chomh deacair is a bhí sé post a fháil. Nuair a bhí mé ag lorg áite ag cabhrú i gcomhlacht deonach a dhéanann taighde don ailse, ní dheachaigh lucht an chomhlachta i dteagmháil liom go dtí an maidin a bhí orm tús a chur le mo chuid taithí oibre. Ba é "ní hea" an fhreagra a fuair mé. Bhris sé sin síos mo mheon, ach ní raibh mé chun críoch a chur le mo thóraíocht.
Céard faoi na daoine nach mbeadh ag iarraidh leanúint ar aghaidh? Cá bhfágtar na daoine sin? Bhí an t-ádh dearg orm gur tháinig mé ar áit an mhaidin sin ach geallaim daoibh nach dtarlóidh sé sin arís. Chuaigh mé amach ag lorg post páirtaimseartha i rith na scoilbhliana seo. Táim in ann a rá libh go bhfuil sé ar a laghad deich n-uaire níos deacra post conraithe a fháil. Cuireann sé sin smaoineamh i mo cheann. Tar éis dom post a lorg ag an deireadh seachtaine, is féidir liom dul ar scoil ar an Luain agus dearmad a dhéanamh air i gcomhair tamaillín ós rud é nach bhfuil teaghlach ag brath orm díon a chur thar a gcinn nó bia a chur ar a mbord. Céard faoi na daoine nach ag freastal ar scoil nó fiú amháin an choláiste? Céard fúthu siúd a bhfuil teaghlaigh ag brath orthu?
Tá béim mhór curtha ar oideachas sa tír seo. Tá brú curtha ar gach éinne ar a laghad 12 bliain a chaitheamh sa chóras oideachais. Deirtear leo go mbeidh níos mó deiseanna acu post maith a fháil. Ní dóigh liom go bhfuil sé sin iomlán fíor sa lá atá inniu ann. Cuirtear é seo in iúl do dhaoine nuair atá siad críochnaithe leis an gcóras oideachais. Spreagann comhlachtaí áirithe dóchas i measc daoine trí phrintíseachta a thabhairt dóibh. Ní gá dóibh íocaíochtaí iomláin a thabhairt do na printísigh seo, cé go mbíonn siad ag obair go crua. Tugann na comhlachtaí seo le fios go bhfuil seans láidir ann go mbeidh poist ann do na daoine seo nuair atá siad go hiomlán oilte. Tá a fhios acu go gcloiseann daoine é seo ar nós "beidh post anseo duit cinnte dearfach". Dá bhrí sin, déantar an obair seo ar chostas an-íseal. De ghnáth, ní éiríonn leis an bhfostaí post a fháil nuair a bhíonn sé nó sí cáilithe. Sa saol oibre seo, is féidir leis an gcomhlacht an chéad duine eile a fhostú ar phá íseal. Tarlaíonn sé seo go minic. Ag an bpointe seo, tuigeann daoine go bhfuil seans mór ann nach n-éireoidh leo fiú má tá an t-ádh, na scileanna agus an taithí acu. Is léir dóibh gur féidir leo post a fháil i bhfad níos éasca má théann siad ar imirce.
Ní thuigeann a lán daoine an tionchar atá ag eisimirce ar theaghlaigh. Bíonn ar eisimircigh a gclann agus na daoine a bhfuil grá acu dóibh a fhágáil. Nuair a imíonn duine amháin ón teaghlach, bíonn na daoine eile brónach agus iad ag fanacht go dtiocfaidh sé nó sí ar ais. Ina theannta sin, is údar frustrachais é d'eisimircigh go bhfuil orthu saol iomláin nua a thosnú. Is gá béim a chur ar an bpointe go bhfuil daoine oilte ag fágáil na tíre. Ciallaíonn sé sin nach bhfuil an méid céanna daoine cáilithe fágtha sa tír. B'fhéidir gur cheart dúinn an lucht a chur ar mheon na ndaoine, seachas ar staid na tíre. Cé go raibh sé i bhfad níos éasca post a aimsiú deich mbliana ó shin, caitheann daoine leis sa bhealach chéanna sa lá atá inniu ann. Tá feabhas ag teacht ar fhostaíocht sa tír seo. Tugann sé sin dóchas dúinn go mbeidh cúrsaí fostaíochta ar ais ar a sheanléim. Tá an ráta dífhostaíochta tite ó 13.7% go dtí 12% ó thús na bliana 2013. Taispeánann sé sin go bhfuil meon na ndaoine ag athrú ó thaobh poist de. Is rud ollmhór é sin do spiorad na tíre agus don tuairim atá daoine faoin tír seo go hidirnáisiúnta.
Tá súil agam go n-athróidh meon na bhfostóirí sa todhchaí gearr-théarmach agus go mbeidh tuiscint níos fearr acu. Tá súil agam go mbeidh daoine in ann na fadhbanna a thagann le poist a aimsiú a fheiceáil ó gach taobh agus nach mbeidh siad chomh borb ó thaobh daoine a dhiúltú. Go raibh maith agaibh as ucht bhur n-éisteachta.