Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 4 March 2014

Joint Oireachtas Committee on Environment, Culture and the Gaeltacht

Seachtain na Gaeilge

2:30 pm

Mr. Conchubhair Ó Cléirigh:

A Chathaoirligh, a chomhscoláirí, a mhúinteoirí, Teachtaí Dála, Seanadóirí agus a chairde uile, is mise Conchúr Ó Cléirigh, agus is cúis mhór áthais dom seasamh in bhur láthair inniu, i dTeach Laighean, mar chuid d'imeachtaí Sheachtain na Gaeilge 2014. Is déagóir mise atá ag freastal ar Choláiste Naomh Mhuireadaigh agus is mór an onóir dom an deis seo a fháil, ar son na scoile, mo chuid tuairimí a nochtadh agus a roinnt libh faoin topaic seo a leanas - post a aimsiú in Éirinn. Tá ríméad orm go bhfuil ar mo chumas an deis seo a fháil agus táim chun an deis a thapú le labhairt libh. Tá súil agam go n-éistfidh sibh go cúramach lena bhfuil le roinnt agam libh.

Mar a luaigh mé libh cheana, is déagóir mé agus go ceann cúpla bliain eile beidh mé ag freastal ar ranganna i mo scoil. Mar sin, níl aon bhrú orm faoi láthair post a aimsiú. Ach é sin ráite, tuigim go bhfuil an t-ádh ormsa, agus ar mo chomhscoláirí i gColáiste Naomh Mhuireadaigh, nach bhfuilimid faoi bhrú post a aimsiú láithreach. Nuair a bheidh na scrúduithe ardteistiméireachta déanta againn agus na pointí saothraithe againn, beimid ag tabhairt aghaidh ar an gcoláiste tríú leibhéal. Tuigim go bhfuil an t-ádh dearg orm, mar nach bhfuil orm dul amach agus post a aimsiú chun airgead a shaothrú. Tá an t-ádh orm go bhfuil ar mo chumas fanacht ar scoil agus le cúnamh Dé, freastal ar an ollscoil amach anseo. Mar ní féidir a shéanadh ach go bhfuil sé fíordheacair post ar bith a aimsiú in Éirinn sa lá atá inniu ann.

Léimid faoin dífhostaíocht sna nuachtáin. Cloisimid faoin easpa post sna meáin ó cheann ceann an lae. Tá aithne againn go léir ar dhaoine óga atá imithe ar an mbád bán nó ar an eitleán go tíortha i bhfad i gcéin. Ach buíochas le Dia, go dtí go mbeidh an ardteistiméireacht déanta againn agus céim ollscoile bainte amach againn, ní bheidh brú orainn post a aimsiú. Ní bheidh muid buartha faoin nganntanas post atá ag cur as don dream dífhostaithe. Creidim go láidir go gcabhraíonn an córas oideachais linn poist a aimsiú. Le cáilíochtaí oideachais ar nós scrúduithe stáit, gradaim FETAC, teastais, céimeanna agus máistreachtaí, beidh seans níos fearr againn poist a aimsiú amach anseo. Ar a laghad, nuair a bhíonn déagóirí na tíre ag freastal ar oideachas lánaimseartha, ní bhíonn brú fostaíochta orainn agus cuireann cáilíochtaí oideachais lenár gcumas post a aimsiú.

Tá sé ríthábhachtach mar sin go gcuireann an Rialtas ar ár gcumas agus ar chumas déagóirí i gcoitinne fanacht sa chóras oideachais. Caithfear tacú linn agus lenár dtuismitheoirí atá ag íoc táillí arda le hoideachas a chur orainn, ionas go mbeidh deiseanna againn poist a aimsiú in Éirinn. Cinnte, tá neart deiseanna oideachais agus bealaí éagsúla le cáilíochtaí a fháil in Éirinn, luaigh mé roinnt acu sin cheana féin. Bhíodh agus tá fós clú ar chóras oideachais na tíre seo. Tír na naomh agus na hollúna a thugtaí orainn. Níl a fhios agam faoi na naoimh, ach is cinnte go bhfuil níos mó déagóirí ná riamh ag iarraidh freastal ar an gcóras tríú leibhéal agus cáilíochtaí oideachais a ghnóthú, le cur ar a gcumas post a aimsiú in Éirinn. Is léir go bhfuil poist ar fáil - nach bhfuil ceanncheathrú Eorpach Google lonnaithe i mBaile Átha Cliath? Tá comhlachtaí teicneolaíochta ag bogadh go dtí an tír seo toisc go bhfuil oibrithe cáilithe ar fáil in Éirinn. Ach níl dóthain post ar fáil.

Tá glúin eile ag fágáil shlán leis an tír seo. Tá buachaillí agus cailíní óga ag fágáil shlán lena muintir, lena n-áit dúchais, lena bhfoireann pheile, lena n-oidhreacht agus lena dtraidisiún le dul thar lear le post a aimsiú. Nach bhfuil cathair Londain lán go béal le muintir na hÉireann? Nach bhfuil Sydney na hAstráile plódaithe le muintir na hÉireann? Nach fíor go bhfuil Toronto, Melbourne, Perth, Nua Eabhrach agus San Francisco lán arís le hóige na hÉireann mar nach féidir leo post a aimsiú in Éirinn? Is gearr go mbeidh Lá le Pádraig ann. Ní hamháin go mbeidh Naomh Pádraig á cheiliúradh ó cheann ceann na tíre, ach beidh na sluaite atá ar imirce ag freastal ar na himeachtaí seo ar fud an domhain. Beidh na hAirí Rialtais in éineacht leis na himircigh ar fud an domhain le bolscaireacht a dhéanamh chun fostaíocht a mhealladh go hÉirinn. Tá sé ródhéanach do m'uncail i mBeijing na Síne agus do na mílte atá imithe cheana. Tá sé ródhéanach do Janet agus Eugene Bennet atá ag fágáil talamh glas na hÉireann le bogadh chuig an Astráil. Tá a gceathrar clainne ina gcónaí san Astráil anois, agus gan iad níl saol nó sásamh i ndán dóibh sa tír seo. Go n-éirí leo.

Tá súil agam agus ag mo thuismitheoirí, nuair a bheidh mé ag iarraidh phoist a aimsiú in Éirinn amach anseo, go mbeidh fostaíocht cruthaithe ag na hAirí Rialtais. Guím go dtuigfidh tíortha agus comhlachtaí móra na cruinne go bhfuil Éire oscailte agus lucht oibre cáilithe ar fáil inti. B'fhéidir go ndéanfaidh mé cinneadh taisteal thar lear chun post a aimsiú. Ba mhaith liom an rogha sin a bheith agam, rogha nach bhfuil ag tromlach na ndaoine atá ag iarraidh post a aimsiú in Éirinn i 2014. Go raibh maith agaibh.