Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 4 March 2014
Joint Oireachtas Committee on Environment, Culture and the Gaeltacht
Seachtain na Gaeilge
2:20 pm
Ms Síle Ní Shuibhne:
Táim anseo inniu ag caint faoi phoist a aimsiú in Éirinn. I mo thuairim, tá an Rialtas ag láimhseáil fostaíocht in Éirinn i slite atá míchothrom agus dian. Tá siad ag gearradh siar ar phoist in áiteanna beaga, cosúil le bailte beaga faoin tuath. De ghnáth i mbailte cosúil le mo bhaile féin, bíonn siopa nó dhó, tigh tábhairne, bunscoil agus meánscoil le líon beag daltaí, agus oifig an phoist. Ní bhíonn deis fostaíochta eile ag roinnt daoine seachas bheith ag obair sna háiteanna seo. Tá sé dochreidte go gceapann an Rialtas go mbeadh sé ceart daoine a chur as obair, go háirithe in áiteanna iargúlta. Táimid ag déanamh tagartha go speisialta d'fheachtas an Rialtais le blianta beaga anuas a dhírigh isteach ar dhúnadh na hoifigí phoist i gceantair beaga.
Feachtas éifeachtach ab ea é gan dabht i dtaobh sábháil airgid agus athlárú, ach cad faoi na poist atá caillte ag muintir na háite agus, níos measa fós, an fhaillí atá déanta ar sheanóirí na tíre seo. Cá rachaidh siad anois chun a bpinsean a bhailiú mura tiomáineann siad? Conas a ghluaisfidh siad timpeall. Níl ach córas iompair phoiblí fánach in áiteanna iargúlta. Os rud é go bhfuil na foirgnimh seo tréigthe anois, tá droch-thionchar ollmhór aige sin ar an bpobal áitiúil. Tuigim go bhfuil brú ar an Rialtas, ach fós níor cheart do mhuintir na hÉireann fulaingt leis an uasmhéid dífhostaíochta atá sa tír faoi láthair.
Ceapaim féin go ndéantar dearmad glan ar na scoileanna beaga timpeall na tíre. Tá mo mháthair mar phríomhoide ar scoil dhá oide faoin tuath, san áit ina bhfuilim i mo chónaí. Is scoil bheag í agus d'fhreastail mé féin uirthi. Is scoil álainn í, le háiseanna den chéad scoth agus i ndáiríre ba thrua mhór é dá mbeadh orthu í a dhúnadh síos, leis an méid iarrachta atá déanta ag gach duine sa cheantar í a choimeád oscailte. Tá meon diúltach i mo thuairim ag an Rialtas i dtaobh scoileanna beaga i gceantair éagsúla. Níl an meon seo ag déanamh aon rud chun feabhas a chur ar an scéal i dtaobh poist a aimsiú in Éirinn. Ní dóigh liom go dtuigtear nach bhfuil bunscoil eile lán Ghaeilge timpeall mo cheantar laistigh den Ghaeltacht agus dá ndúnfaí síos í bheadh ar gach leanbh óg freastal ar scoil Bhéarla lasmuigh den Ghaeltacht. Dá bharr, chaillfí ár dteanga dhúchais agus ní féidir a shéanadh go gcaillfí ár gcultúr cáiliúil ina measc. Tá súil agam go bhfeiceann an coiste go mbeadh tionchar ollmhór aige seo ar mhuintir mo cheantar agus gan dabht an-chuid daoine eile.
Caitear oideachas a lua nuair atá fostaíocht á phlé. Faoi láthair tá brú ar dhaoine óga atá ag iarraidh iad féin a ullmhú don todhchaí agus don saol mór. Tá mórán roghanna le déanamh acu, ach gan mórán dóchais i dtaobh fostaíochta de. Chomh maith leis seo, fágtar daltaí sna meánscoileanna faoi bhrú agus faoi strus uafásach faoi na roghanna a chaitear a dhéanamh i dtaobh a n-ábhair don ardteistiméireacht. Go háirithe, anois leis an ardleibhéal mata, bíonn brú ar dhaltaí tabhairt faoi chun pointí breise a fháil. Tuigim go dteastaíonn ón Rialtas caighdeán mata na tíre a ardú, ach tá méid áirithe daltaí meánscoile nach bhfuil ábalta tabhairt faoi chun ardmarcanna a fháil. Ní thuigeann an Rialtas go mbíonn drochthionchar aige seo ar thorthaí daltaí na hardteistiméireachta. Caillfidh siad amach ar áit i gcúrsaí ollscoile toisc gur theip orthu nó nach ndearnadar ardleibhéal mata a bhí mar riachtanas don chúrsa áirithe sin. Is féidir liom a rá, mar dhalta sa chúigiú bhliain sa mhéanscoil, go mbíonn go leor brú ar dhaltaí san ardteistiméireacht. Is fiú an cúrsa ardleibhéal mata ábhar go leith sa bhreis in airde ar gach rud eile. Bíonn eachtraí éagsúla eile ar siúil ag déagóirí lasmuigh den scoil chomh maith. Measaim nach dtuigeann an Rialtas go mbíonn saol lasmuigh den scoil ag déagóirí.
Tuigim go bhfuil ceann de na córais oideachais is fearr againn san Eoraip, ach is léir go bhfuil míbhuntáistí ag ár gcóras faoi láthair. Tá barrachas dóibh ann, le táillí ollscoile ina measc. De bharr an chúlú eacnamaíochta, ní bheidh daoine ábalta freastal ar an gcoláiste gan airgead. Ní chlúdóidh na deontais na costais seo agus dá bharr sin, ní bheidh daoine ag freastal ar an ollscoil ná fiú ag teacht amach le cáilíochtaí le poist a fháil ina dhiaidh. Ní féidir a shéanadh go bhfuil drochthionchar ag gach rud thuas luaite agam i dtaobh poist a aimsiú in Éirinn. Tá sé ag éirí níos deacra teacht ar fhostaíocht agus fanachtt i bhfostaíocht sa tír seo. Creidim go láidir go gcaithfear athrú a dhéanamh láithreach bonn chun feabhas a chur ar chúrsaí.
É sin go léir ráite agam, níl tábhacht an dóchais caillte orm ach oiread. Ar an dea-uair, ní féidir spiorad fiontrach phobail na tíre seo a mhúchadh. Feicim é seo i dtaobh an méid daoine a rug greim ar a dtodhchaí féin agus a thapaigh an deis tosú ar an scríoblíne chun a ngnó féin a bhunú. Ní féidir a shéanadh go dtugann a leithéid spreagadh agus ardú meanman dá bpobal dúchasach agus dom féin mar dhuine óg. B'fhéidir gurb é sin an bóthar atá romham féin amach agus más é, rachaidh mé sa tóir air le cíocras. Ar deireadh thiar thall: Ní neart go cur le chéile.