Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 4 March 2014
Joint Oireachtas Committee on Environment, Culture and the Gaeltacht
Seachtain na Gaeilge
2:20 pm
Ms Sinéad Ní Bhuachalla:
Is dalta sa chúigiú bliain i gColáiste de hÍde mé. Táim anseo chun labhairt leis an gcoiste faoin scéal maidir le poist a aimsiú in Éirinn. Caitheann daltaí na hÉireann 14 bliain dá saolta sa chóras oideachas. Ó aois a ceathair nó a cúig go dtí go bhfuilimid 17 nó 18 bliain d'aois, caitheann daltaí an chuid is mó dá gcuid ama i seomra ranga. I rith an ama sin, caitheann daltaí uair i ndiaidh uaire ag foghlaim is ag éisteacht le múinteoirí. Tar éis dóibh seacht nó ocht n-uaire a chloig a chaitheamh ar scoil, bíonn orthu dul abhaile agus níos mó oibre a dhéanamh. Bíonn scrúdaithe ranga acu go rialta. Bíonn daltaí i gcónaí ag iarraidh feabhas a chur ar a gcuid torthaí. Bíonn smaointe ag gach dalta faoin mhéid atá ar intinn acu a dhéanamh nuair a fhágann siad an scoil. B'fhéidir go bhfuil sé i gceist acu bheith ina múinteoirí, ina mbanaltraí nó ina ndochtúirí?
Déanann daltaí an ardteistiméireacht sa bhliain deireanach den mheánscoil. Rinne 55,572 dalta Éireannach an ardteistiméireacht sa bhliain 2013. Caitheann daltaí lá is oíche ag staidéar do na scrúdaithe seo. Déanann an-chuid dóibh ranganna breise tar éis na scoile, agus costas ard orthu, chun iarracht a dhéanamh torthaí maithe a bhaint amach. Le dhá bhliain anuas, tháinig méadú ó 8,000 go dtí níos mó ná 13,000 ar líon na ndaltaí a thóg an scrúdú ardléibhéal sa mhata mar gheall go raibh níos mó daoine ag iarraidh leanúint ar aghaidh go dtí an tríú leibhéal agus bhí pointí breise ón mata ag teastáil uathu. Tá na daltaí seo san ollscoil anois, ag obair go dian chun céim a bhaint amach. Caitheann daoine breis agus ceithre bliana ag staidéar chun céim a bhaint amach. Bíonn costas ard ag baint leis seo ar fad. Sa scoilbhliain 2008-09, chosain na táillí iontrála don ollscoil €850. Tá na táillí seo méadaithe go dtí €2,500 ó shin i leith, fiú gan seachas costais leabhar agus taisteal, srl., a thógaint san áireamh. Nuair a fhreastalóidh mé ar an ollscoil, cosnóidh na táillí €3,000. Tá beirt deartháireacha agus deirfiúr amháin agam. Tá an ceathrar againn ag iarraidh freastal ar an ollscoil. De bharr go bhfuil na táillí ag ardú ó bhliain go bliain, tá baol ann nach mbeidh an deis seo againn. Deirtear go bhfuil oideachas saor in aisce, ach an ionann €3,000 agus rud atá saor in aisce?
Tar éis do dhaoine na céadta agus na mílte euro a chaitheamh sa chóras oideachais ar leabhair, éadaí scoile, taisteal agus táillí breise, srl., is minic nach mbíonn aon phost a bheith ar fáil dóibh faoi dheireadh. Tá daoine cáilithe, a chaith 20 bliain ag staidéar, nach bhfuil post nó airgead acu. Caithfidh siad an tír seo a fhágáil chun post a fháil, nó post níos bunúsaí a thógáil sa tír seo. Tá ardú tagtha ar rátaí eisimirce na tíre seo. Ní raibh siad chomh hard ó aimsir an Ghorta Mhóir, nuair a d'fhág daoine an tír seo chun saol níos fearr a bheith acu. Tá an ré chéanna ann arís anois, agus muintir na tíre seo ag tógáil an bháid bháin. Tá gaolta linn ar fad ag fágáil na tíre lá i ndiaidh lae ag lorg poist dóibh féin ionas go mbeidh slí mhaireachtála níos fearr acu agus a gclann. Níl go leor taithí ag daoine atá díreach tar éis teacht amach ón ollscoil. Bíonn fostóirí ag lorg fostaithe le go leor taithí. Conas a gheobhaidh daoine taithí muna bhfuil éinne sásta é a thabhairt dóibh? D'fhás an scéim náisiúnta intéirneachta JobBridge ón smaoineamh seo. Tá daoine ábalta taithí a fháil i gcomhlacht ar bith agus iad ag obair ar feadh tréimhse idir sé mhí agus ocht mí. Oibríonn na hintéirnigh gan phá ón gcomhlacht, ach tugann Jobbridge €50 dóibh ar bharr an t-airgead a thugann an Rialtas dóibh in aghaidh na seachtaine. Níl mórán airgead é seo don obair a bhíonn á dhéanamh acu. Ar a laghad, faigheann siad taithí sa dheireadh. Tá sé intuigthe do intéirnigh go mbeidh post acu faoi dheireadh, ach ní mar sin a tharlaíonn an chuid is mó den am. Fágann an comhlacht slán le hintéirneach amháin agus cuireann sé fáilte roimh cheann nua. Déanann siad é seo chun airgead a shábháil gan phá a híoc. Gabhaim buíochas leis an gcoiste as ucht éisteacht liom inniu.