Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 4 December 2013
Joint Oireachtas Committee on Public Service Oversight and Petitions
Annual Report 2012: Discussion with An Coimisinéir Teanga
5:10 pm
Mr. Seán Ó Cuirreáin:
Mar fhreagra ar sin, tá mise thar a bheith cúramach nach bhfuil mé chun dul ar seachrán isteach sa réimse polaitiúil. Sheas mé riamh le neamhspleáchas na hoifige agus níl sé i gceist agam a bheith cáinteach go pearsanta ar aon Aire ná Aire Stáit ná aon rud den chineál sin. Ní dhearna mé sin agus níl sé i gceist agam é a dhéanamh. Ní bheadh sé ceart agam ag an tráth seo é sin a dhéanamh anois. Ach, feictear dom ar ndóigh go raibh buntáistí thar a bheith soiléir le Aire a bheith ag bord an Rialtais riamh. Má fhágtar réimse na reachtaíochta teanga fiú as an áireamh, tá suas le 30 bliain caite agam ag plé leis an iriseoireacht agus le post an Choimisinéara Teanga le chéile. Thuig mé riamh in imeacht na mblianta sin go raibh tábhacht agus buntáiste ar leith ag baint le Aire Rialtais a bheith freagrach as cúrsaí teanga.
Ach i ndáiríre, is ceist í sin nach mbaineann le mo réimse cumhachta ná le mo réimse smachta. Tá Aire Stáit ann go bhfuil na cumhachtaí a bhaineann le seo curtha ar lámh chuige sin. Ní raibh aon fhadhb phearsanta riamh agam le Aire Stáit na Gaeltachta, An Teachta Mac Fhionnlaoich, agus ní bheidh. Ach bíonn buntáistí suntasach ag baint le Aire sinsearach a bheith i mbun Roinn. Luíonn sé sin le ciall.