Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 4 December 2013

Joint Oireachtas Committee on Public Service Oversight and Petitions

Annual Report 2012: Discussion with An Coimisinéir Teanga

5:10 pm

Mr. Seán Ó Cuirreáin:

Tosóidh mé leis an cheist áirithe sin. O thaobh an Bhunreachta de, deir Airteagal 8 gur í an Ghaeilge an phríomhtheanga oifigiúil, mar gur í an teanga náisiúnta í. Ní hé mar gur í an teanga is coitianta a labhartar, mar ní bheadh aon chiall le sin. Go stairiúil is í an teanga náisiúnta í agus sin an fáth go bhfuil sí mar phríomhtheanga oifigiúil. Ní dóigh liom gur féidir é sin a athrú go praiticiúil sa Bhunreacht mar is fíric de chuid na staire go bhfuil an stádas mar phríomhtheanga oifigiúil ag an Ghaeilge mar gurb í an teanga náisiúnta í anseo go stairiúil.

Cuireann Airteagal 8.3 srianta áirithe le sin. I láthair na huaire, ní chreidim go mbaineann na deacrachtaí atá againn le cúrsaí teanga le cearta bunreachtúla i ndáiríre. Baineann siad níos mó le feidhmiú reachtaíochta a eascraíonn as an mBunreacht. Tá an Bhunreacht mar phlean ginearálta ná mar léarscáil bóthair, ach ní ansin is measa atá an fhadhb againn. Is insan reachtaíocht a eascraíonn as sin atá an fhadhb. Níl aon fhadhb dáiríre leis an reachtaíocht, ach nach bhfuil sí dhá fheidhmiú. Níl daoine sásta dul i ngleic léi, fiú leis na rudaí simplí gur gá a dhéanamh, mar adúirt mé níos luaithe, déileáil le earcaíocht agus le seirbhísí Stáit trí Ghaeilge. Muna ndéantar é sin, ní bheifear in ann na seirbhísí sin a chur ar fáil.

Go hidirnáisiúnta is mise An Coimisinéir Teanga is faide i mbun seirbhíse, ar domhan mar a tharlaíonn sé. Tá 11 againn i láthair na huaire ar fad. Beidh mise sa phost, le cúnamh Dé, ar feadh deich mbliana i mí Feabhra seo chugainn. Tá comhthionól an-mhaith bunaithe againn anois agus bíonn cruinnuithe againn go rialta. Casann muid ar a chéile ar a laghad gach ráithe. Ní thagann éinne go hoifigí leis na cruinnithe sin a bheith againn. Eagraítear iad ar an Idirlíon le físeán nach gcosnaíonn aon rud. Tá sé spéisiúil gur féidir cúrsaí cearta teanga a bheith dhá phlé i measc daoine atá ag obair sa chineál seo oibre mar choimisinéirí teanga chomh fada ó thuaidh leis an gCiorcal Artach agus chomh fada ó dheas leis an Aifric Theas, in áiteanna ar nós Kosovo agus Sri Lanka. Tá sé spéisiúil gur féidir leo sin teacht le chéile agus labhairt faoi na rudaí seo le chéile agus a gcuid polasaithe agus deacrachtaí a phlé agus gur féidir leo cabhrú le chéile. Tá an comhoibriú idirnáisiúnta sin thar a bheith tábhachtach. Is rud é sin a tharla sa tír seo agus a d'eascair as an rud a tharla sa chathair seo, i mBaile Átha Cliath.

Maidir le an bhfuil na deacrachtaí céanna ag na coimisinéirí eile, tá a gcuid fadhbanna féin ag cuid acu. Tá sé an deacair, mar shampla, i dtíortha cosúil le Kosovo atá ag teacht amach tar éis coimhlinte an fhuilteach go deo. Tá 11 teanga san Aifric theas agus eascraíonn fadhbanna as sin. Mar sin, níl comparáid dlisteanach le déanamh, ach is maith ann an comhoibriú idirnáisiúnta agus is maith ann an chomhuainíocht sin idir daoine atá i mbun an chineál chéanna oibre. Sílim gur rud luachmhar é, gó háirithe nuair nach bhfuil aon chostas de chineál ar bith ag baint leis.