Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 4 December 2013

Joint Oireachtas Committee on Public Service Oversight and Petitions

Annual Report 2012: Discussion with An Coimisinéir Teanga

4:05 pm

Mr. Seán Ó Cuirreáin:

Ba mhaith liom buíochas a ghabháil arís leis an an gcomhchoiste as an cuireadh teacht in ina láthair inniu. Bunaíodh m'oifigse le reachtaíocht beagnach deich mbliana ó shin agus cuireadh trí cinn de chúraimí reachtúla orainn: feidhmiú mar sheirbhís ombudsman; feidhmiú mar ghníomhaireacht ghéilliúlachta i dtaca le seirbhísí stáit trí Ghaeilge; agus comhairle a sholáthar i dtaca le cearta agus dualgais teanga. Tugadh tuarascáil bhliantúil na hoifige don bhliain 2012 don Aire Stáit a bhfuil cúram na Gaeltachta ar an 31 Eanáir 2013 le leagan os comhair Thithe an Oireachtais agus seoladh go hoifigiúil í ar an 12 Márta seo caite.

Go ginearálta, ní sárbhliain a bhí in 2012 maidir le cur chun cinn na Gaeilge i státchóras na tíre, agus ar scáth aon choiscéim a tugadh chun tosaigh, ba chosúil go raibh péire á dtabhairt ar gcúl.

Maidir lenár seirbhís ombudsman, dhéileáil muid anuraidh le 756 cás i dtaca le deacrachtaí nó fadhbanna le seirbhísí stáit trí Ghaeilge, an bhliain ba mhó ar cuireadh gearáin ón phobal i láthair na hoifige ó bunaíodh í. B'ionann sin agus méadú 3% ar líon na gcásanna a bhí ann an bhliain roimhe sin. Réitíodh formhór mór na gcásanna sin trí idirbheartaíocht neamhfhoirmiúil leis an gcomhlacht poiblí chuí nó trí chomhairle a chur ar an ngearánach. Seoladh 13 cinn d'imscrúduithe foirmiúla le linn na bliana 2012. Rinneadh cinneadh gur sáraíodh gnéithe ar leith den reachtaíocht teanga i gcás meascán eagraíochtaí stáit; orthu sin bhí an Garda Síochána agus trí cinn de Ranna Rialtais.

Mar ghníomhaireacht ghéilliúlachta, is trua liom a thuairisciú go raibh trí cheathrú de na scéimeanna teanga, na pleananna reachtúla teanga, a bhí comhaontaithe idir an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta le heagraíochtaí éagsúla stáit ligthe in éag gan athnuachan a bheith déanta orthu faoi dheireadh 2012 agus an ceathrú cuid acu as dáta le breis agus trí bliana. I deich gcinn de chásanna eile, bhí breis agus sé bliana imithe ó d'iarr an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta ar eagrais stáit dréachtscéimeanna teanga a ullmhú ach bhí siad fós le haontú. Tá teip an ghné seo den reachtaíocht teanga a chur chun cinn go stuama aitheanta ag an gcoiste iniúchta neamhspleách i m'oifig mar riosca suntasach. Bhí na scéimeanna teanga sin le bheith mar chrann taca i gcroílár na reachtaíochta agus mar bhunús le líon agus le caighdeán na seirbhísí stáit trí Ghaeilge a mhéadú.

Tháinig fasach contúirteach chun cinn don chéad uair riamh in 2012 nuair a leasaíodh scéim teanga le dualgas a bhí daingnithe ansin a chealú ar fad cé nach mbeadh aon chostas nó stró arbh fhiú cainte air ag baint lena chur i bhfeidhm. Seachas cinntiú go gcloífí le dualgas a bhí neafaiseach go maith - an chuid "Oiriúnach le Breathnú" de lipéid físeán/dioscaí digiteacha ilúsáide de chuid Oifig Aicmithe Scannán na hÉireann a bheith i bhformáid dhátheangach - spreag gearán ó dhuine den phobal cealú iomlán an ghealltanais reachtúil i ndeireadh na dála nuair a ghéill an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta d'iarratas ón Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais agus cuireadh an gealltanas scéime sin ar neamhní ar fad.

Tá méadú beag sa bhliain reatha ar líon na scéimeanna teanga. Tá 15 daingnithe go dáta ach 20 imithe in éag sa tréimhse chéanna. Ach is mó de chúis imní agam é caighdeán chuid de na scéimeanna sin. Tá barraíocht acu ann a bhfuil na gealltanais faoi sholáthar seirbhísí trí Ghaeilge coinníollach ar acmhainní a bheith ar fáil, rud a thugann le tuiscint go bhfeictear na seirbhísí sin mar rudaí roghnacha breise seachas mar chearta bunúsacha. I scéim amháin acu seo, agus gealltanas i leith soláthar seirbhísí trí Ghaeilge á leagan amach, tá coinníoll luaite 11 uair in imeacht trí leathanach go mbeidh na seirbhísí sin ar fáil "mar a cheadaíonn acmhainní".