Oireachtas Joint and Select Committees

Thursday, 3 October 2013

Committee on Environment, Culture and the Gaeltacht: An Fochoiste um an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus Rudaí Gaolmhara

Ag Spreagadh na Gaeilge ar fud na Tíre: Plé

11:30 am

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Bhí mé ag breathnú ar imeachtaí an choiste ar an scáileán. Ba mhaith liom tréaslú leis na heagraíochtaí as an obair ar fad atá ar bun acu. Mar is eol dóibh, is é bunús na straitéise ná daoine a chur ag labhairt na Gaeilge taobh amuigh den rang scoile. Tá an obair atá ar bun acu fíorthábhachtach sa chomhthéacs sin. Dá bhféadfadh muid tuilleadh rudaí mar seo a dhéanamh chun daoine óga a spreagadh le tosú ag labhairt na Gaeilge taobh amuigh den scoil agus ag an tríú leibhéal, beidh seans níos mó ann go mbeidís sásta an Ghaeilge a thabhairt ar aghaidh ó ghlúin go glúin nuair a bheidh a gclann féin acu. Cabhródh sé sin linn an sprioc atá sa straitéis - 250,000 cainteoirí laethúla a bheith againn sa tír seo - a bhaint amach agus, dar ndóigh, d'fhásfadh sé uaidh fhéin ina dhiadh sin.

Sílim gur coincheapa an-mhaithe iad seo. Nuair a bhí mé ar scoil, bhí Ógra Éireann againn taobh amuigh d'uaireanta scoile. Chuir siad imeachtaí Gaelacha ar bun. Is dóigh liom gur ndearna siad an-leas. Ceapann muid scaití nach bhfuilimid ag dul i bhfeidhm ar ghasúir - fiú má labhraítear Gaeilge leo, beidh siad ag labhairt an Béarla an chéad uair eile a chloistear iad - ach caithfimid a thuiscint gur obair mall é seo. Má thosnaíonn gasúir leis an nGaeilge ag 14 bliana d'aois, b'fhéidir nach mbeidh fíor-fonn air nó uirthi teacht leis an teanga go dtí go mbeidh sé nó sí 18 bliana d'aois. Molaim an obair ar fad atá ar bun agus an cur i láthair atá déanta inniu. B'fhéidir gur cheart dúinn a rá le chuile Theachta Dála agus chuile Sheanadóir gur chóir dóibh ciliméadar a cheannach nó ceann a rith. Tá sé chomh maith ceist a chur ar na Seanadóirí anois, a fhad is a bhfuil siad anseo.