Oireachtas Joint and Select Committees

Thursday, 3 October 2013

Committee on Environment, Culture and the Gaeltacht: An Fochoiste um an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus Rudaí Gaolmhara

Ag Spreagadh na Gaeilge ar fud na Tíre: Plé

11:00 am

Photo of Labhrás Ó MurchúLabhrás Ó Murchú (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cuirim fáilte roimh na finnéithe atá os ár gcomhair inniu, Siún Ní Dhuinn, comhordaitheoir, Gaelbhratach, Cormac Ó Feinneadha, bainisteoir imeachta, Rith 2014, Julian de Spáinn, ard-rúnaí, Conradh na Gaeilge agus Síne Nic an Ailí, feidhmeannach forbartha agus oifige, Conradh na Gaeilge. Chomh maith le sin, tá Aodhán Ó Deá agus Síomha Ní Mhuirí anseo Céad míle fáilte rompu ar fad agus gabhaim míle buíochas leo as ucht teacht chuig an cruinniú seo. Éisteoidh muid go géar le gach a mbeidh le rá acu anseo mar tá sé an-tábhachtach don fochoiste go dtagann grúpaí cosúil leo isteach chugainn.

Iarraim anois ar an gcléireach an gnáth fhógra a léamh a thugtar do ghach finné a thagann os comhair coiste Oireachtais.

Clerk to the Committee:

Ba mhaith liom a chur ar aird na bhfinnéithe, de bhua Alt 17(2)(l) den Acht Um Chlúmhilleadh 2009, go bhfuil finnéithe faoi chosaint ag lán-phribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don choiste seo. Má ordaíonn an coiste dóibh, ámh, éirí as fianaise a thabhairt i leith ní áirithe agus má leanann siad dá tabhairt, níl siad i dteideal dá éis sin ach pribhléid cáilithe i leith na fianaise acu. Ordaítear dóibh nach dtabharfar ach fianaise a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí seo agus fiafraítear díobh cleachtadh parlaiminte a urramú nár chóir, más féidir, daoine ná eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh, ina ainm, ina hainm nó ina n-ainm ar shlí a bhféadfaí iad a aithint. Ba mhaith liom iad a chur ar an eolas go ndéanfar na ráitis tionscnaimh a chuir siad faoi bhráid an choiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an choiste tar éis an chruinnithe seo. Meabhraítear do chomhaltaí an cleachtadh parlaiminte atá ann le fada nár chóir dóibh tuairimí a thabhairt maidir le duine atá taobh amuigh de na Tithe nó le hoifigeach ina ainm nó ina hainm ar shlí a bhféadfaí iad a aithint.

Photo of Labhrás Ó MurchúLabhrás Ó Murchú (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Iarraim anois ar Shiún Ní Dhuinn labhairt linn.

Siún Ní Dhuinn:

Táim anseo le caint ar an scéim nua atá bunaithe ag Conradh na Gaeilge agus Gael Linn - maoinithe ag Foras na Gaeilge - An Ghaelbhratach. Is scéim ghradaim nua í An Ghaelbhratach, a thugann aitheantas do scoileanna a gníomhaíonn le húsáid na Gaeilge le feasacht ar an teanga a chur chun cinn tríd an scoil ar fad. Tá an scéim beagáinín cosúil leis an scéim ar a dtugtar an brat glas agus an bunsmaoineamh go gcaithfidh na mic léinn gníomhú ar mhaithe le rud éigin a bhaint amach ag deireadh na bliana.

Tá Conradh na Gaeilge, le tacaíocht ó Sheachtain na Gaeilge, freagrach as feidhmiú na scéime sna hiarbhunscoileanna, agus tá Gael Linn freagrach as feidhmiú na scéime sna bunscoileanna. Is í Síomha Ní Mhuirí atá ag obair le Gael Linn sna bunscoileanna agus tá mise ag plé leis na hiarbhunscoileanna. Labhróidh Síomha faoin scéim ar ball. Tá Foras na Gaeilge ag tacú leis An Ghaelbhratach á chur chun cinn ag an dá leibhéal sna scoileanna.

Tá mise ag obair le Conradh na Gaeilge agus tá mé anseo le labhairt faoi An Ghaelbhratach san hiarbhunscoileanna. Ar dtús, má tá an scoil chun tabhairt faoin Ghaelbhratach a bhaint amach, ní mór do struchtúr na scoile ar fad bheith tiomanta don Ghaelbhratach a bhaint amach. Ní mór go mbeadh na mic léinn, an fhoireann ar fad, idir mhúinteoirí agus bhaill fóirne eile, an bord bainistíochta, gobharnóirí agus coiste na dtuismitheoirí ar fad san áireamh, tiomanta don aidhm sin. Go dtí seo, tá ag éirí go maith linn na rudaí sin a bhaint amach.

Is í an aidhm atá ag An Ghaelbhratach ná scoileanna na tíre a spreagadh agus a chumasú le gníomhú chun úsáid na Gaeilge a chur chun cinn tríd an scoil ar fad ar bhonn "pleanáilte", "leanúnach" agus "taitneamhach", focail tábhachtacha sa rud ar fad.

Is iad cuspóirí na Gaelbhrataí don scoil ná go spreagfar úsáid na Gaeilge sa scoil; go gcuirfear feasacht ar an nGaeilge chun cinn sa scoil; go spreagfar comhoibriú gníomhach idir mic léinn, múinteoirí agus ceannasaíocht na scoile; agus go mbeadh aitheantas ón bpobal ina bhfuil an scoil suite do thiomantas na scoile leis an nGaeilge a chur chun cinn.

Is iad cuspóirí na Gaelbhrataí don mac léinn ná go spreagfar agus go gcumasófar an mac léinn le bheith páirteach go gníomhach in úsáid na Gaeilge agus le feasacht ar an teanga a chur chun cinn sa scoil; go spreagfar agus go gcumasófar an mac léinn le feidhmiú go gníomhach mar cheannaire agus le scileanna eagrúcháin agus bainistíochta, srl., a fhoghlaim agus a chur chun cinn iontu féin; go mbeidh an mac léinn níos muiníne agus níos tiomanta leis an nGaeilge a úsáid, ní mar ábhar scoile nó mar theanga scoile amháin ach mar rogha teanga níos mó ina shaol pearsanta; agus go mbeidh feasacht níos fearr ag an mac léinn ar na deiseanna úsáide Gaeilge lasmuigh den scoil. Is dóigh liom gurb é croílár an rud ar fad go mbíonn an fhreagracht ar na mic léinn a gcuid oibre féin a dhéanamh seachas bheith ag brath ar na múinteoirí agus ar an bhfoireann. Is orthu siúd atá an fhreagracht an rud a chur chun cinn. Taitníonn sé sin go mór le mic léinn na n-iarbhunscoileanna go dtí seo.

Is iad cuspóirí na Gaelbhrataí don mhúinteoir ná go mbeidh cúnamh agus tacaíocht ghníomhach ar fáil don mhúinteoir ó na mic léinn le húsáid na Gaeilge a chur chun cinn sa scoil; go mbeidh na mic léinn níos spreagtha leis an nGaeilge a fhoghlaim mar thoradh ar an obair ar fad; go mbeidh an múinteoir nasctha le córas náisiúnta le húsáid na Gaeilge a chur chun cinn agus go mbeidh tacaíocht ann don mhúinteoir de bharr seo; agus go spreagfar múinteoirí na scoile le níos mó úsáide a bhaint as an nGaeilge agus go mbeidh níos mó feasachta acu ar an teanga chomh maith.

Baineann an scoil an Ghaelbhratach bhunúsach amach trí chúig ghníomh riachtanacha a déanamh. Tá cúpla leibhéal ann, ach is í an Ghaelbhratach bhunúsach an chéad leibhéal. Caithfidh an scoil coiste Gaeilge a bhunú taobh istigh den scoil; suirbhé a dhéanamh ar an nGaeilge sa scoil; plean gnímh a chur le chéile agus feidhmiú ar an bplean sin; monatóireacht agus measúnú a dhéanamh ar an bplean; agus fís don Ghaeilge a aontú don scoil. Taobh amuigh den chúig ghníomh sin, caithfidh an scoil trí cinn a dhéanamh as liosta de rudaí eile roghnacha a leanas: seastán eolais ar an nGaeilge a bhunú sa scoil; club Gaeilge iarscoile nó "Is Leor Beirt" am lóin a bhunú; tionscadal ar chearta teanga agus stádas na Gaeilge a chur le chéile; Amhrán na bhFiann a mhúineadh i gceart; clár raidió a chur le chéile; imeachtaí le scoileanna eile a eagrú; imeachtaí do thuismitheoirí a eagrú; turas scoile chun na Gaeltachta nó chuig ionad oidhreachta le seirbhís as Gaeilge a eagrú; seomra Gaeilge nó balla na Gaeilge a chur ar bun; nó páirt a ghlacadh i scéim "Gaeilge 24" ar 15 Samhain 2013.

Mar achoimre ar Ghaelbhratach na n-iarbhunscoileanna, tá súil againn go spreagfaidh an Ghaelbhratach úsáid na Gaeilge sa scoil ina iomlán; go gcuirfidh an Ghaelbhratach le híomhá dearfach don Ghaeilge sa scoil agus i measc an phobail lasmuigh den scoil, rud atá an-tábhachtach; go dtabharfaidh an Ghaelbhratach feasacht do na mic léinn ar an saol Gaeilge lasmuigh den scoil; go mbeidh níos mó spéise ag mic léinn sa Ghaeilge; go spreagfaidh an Ghaelbhratach ceannaireacht i measc na mac léinn; go gcumasófar na mic léinn le gníomhú le húsáid na Gaeilge a chur chun cinn; go gcruthóidh an Ghaelbhratach gréasán oibre idir na mic léinn, na múinteoirí agus ceannasaíocht na scoile; go mbeidh a fhios ag mic léinn, ag foireann na scoile agus ag tuismitheoirí féideartha go bhfuil spéis faoi leith ag an scoil sa Ghaeilge agus i gcur chun cinn úsáid na Gaeilge; agus go mbeidh an scoil páirteach sa ghluaiseacht náisiúnta le húsáid na Gaeilge a chur chun cinn.

Nuair a chomhlíonfar na céimeanna thuas go sásúil, bronnfar an Ghaelbhratach ar an scoil. Beidh sé mar chomhartha aitheantais don obair ar fad déanta ag an scoil le húsáid na Gaeilge a chur chun cinn go gníomhach. Tá an scéim phíolótach seo eagraithe mar dhlúthchuid d’imeachtaí Bhliain na Gaeilge 2013. Sílim gur tugadh eolas faoin mbliain don choiste roimhe seo. Mar chuid den cheiliúradh ar athbheochan na Gaeilge i 2013, tá sé i gceist go gcuirfear tús le roinnt tionscadal i rith 2013 a leanfaidh ar aghaidh i ndiaidh na bliana. Beidh an Ghaelbhratach ar cheann de na tionscadail sin. Gabhaim buíochas leis an gcoiste as éisteacht liom inniu. Tá Síomha Ní Mhuirí chun dul i mbun cainte anois mar gheall ar scéim na mbunscoileanna. Tá mé sásta aon cheist a fhreagairt ina dhiadh sin.

Photo of Labhrás Ó MurchúLabhrás Ó Murchú (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas le Siún Ní Dhuinn as ucht an ráitis sin. Iarraim ar Shíomha Ní Mhuirí labhairt linn mar gheall ar ghné eile den ábhar céanna.

Síomha Ní Mhuirí:

Táimíd ag obair i gcomhpháirt le chéile ar an scéim seo. Nílim ach chun cur leis an méid a bhí le rá ag Siún Ní Dhuinn, trí chur síos a dhéanamh ar na difríochtaí a bhaineann leis an scéim sna bunscoileanna. Tá an taobh seo den fheachtas á eagrú ag Gael-Linn. Tá critéir difriúla agus cuspóirí beagáinín níos éagsúla i gceist sna bunscoileanna. Ba mhaith liom dul tríd an fhís atá againn agus na critéir éagsúla atá i gceist sna bunscoileanna. Is í an fhís atá againn sna bunscoileanna ná go gcothófar meas ar an nGaeilge sa scoil iomlán; go múinfear Gaeilge trí mheán na Gaeilge ar feadh 40 nóiméad; go mbainfear leas as curaclam na bunscoile chun comhrá Gaeilge a fhreastalaíonn ar riachtanais na bpáistí a mhúineadh; agus go gcuirfear ar chumas na bpáistí an Ghaeilge a fhoghlaimíonn siad a labhairt go spontáineach eatarthu féin. Teastaíonn uainn go mbeidh an Ghaeilge á labhairt acu lasmuigh den rang le pobal na scoile agus lasmuigh den scoil le tuismitheoirí agus príomhoidí, srl.

Tá an scéim seo dírithe ar bhunscoileanna ina múintear trí mheán an Bhéarla. Tá sé i gceist againn tacú leis an obair a dhéanann múinteoirí cheana féin ag múineadh na cúrsaí comhrá Gaeilge atá leagtha síos ag an Roinn Oideachais agus Eolaíochta agus atá mar chuid den phlean scoile agus den ghnáth lá oibre. Teastaíonn uainn comhrá Gaeilge a spreagadh mar chuid nádúrtha de shaol na scoile. Ba cheart go mbeadh foirmlí teanga áirithe a bhaineann le gnáthaimh - mar shampla, glaoch rolla, lón, glanadh suas, dul i líne - aontaithe sa phlean scoile agus in úsáid ó rang go rang agus ó bhliain go bliain. Ba chóir deiseanna rialta a chur chun cinn a mheadódh foclóir agus úsáid na Gaeilge ag pobal na scoile idir mhúinteoirí agus dhaltaí. Ta sé i gceist ról lárnach na dtuismitheoirí a aithint, a dtacaíocht agus a gcomhpháirtíocht a mhealladh trí iad a chur ar an eolas faoin scéim agus ábhair idirghníomhacha, ar nós CDanna, a chur abhaile chun cabhrú leo.

Bronnfar Gaelbhratach le cur ar taispéaint lasmuigh de scoil a léireoidh go mbíonn an Ghaeilge in úsáid mar theanga bheo ag páistí agus foireann na scoile sin. Scéim dhá bhliain atá i gceist. Bronnfar teastas ar an scoil sa chéad bhliain i ndiadh cuspóirí áirithe a bhaint amach. Má leanann an scoil ar aghaidh agus an scéim a fhorbairt sa dara bliain, bronnfar Gaelbhratach le crochadh taobh amuigh den scoil. Tá na critéir mheasúnaithe a bhaineann leis na bunscoileanna cineál mar a gcéanna leis na critéir a bhaineann leis na hiarbhunscoileanna. Caithfidh na bunscoileanna riachtanais ghinearálta a chomhlíonadh. Arís, caithfear sé chinn as liosta eile a roghnú mar spriocanna don bhliain.

Is iad na riachtanais ghinearálta atá ag teastáil ná go mbeadh an scoil iomlán, ina measc chuile mhúinteoir agus chuile dhalta, páirteach sa scéim. Ba cheart go mbeadh na tuismitheoirí agus an príomhoide ar an eolas faoin scéim agus ag tacú leis, agus go mbeadh coiste agus páistí páirteach sa scéim. Tá sé riachtanach do na bunscoileanna go mbeadh múinteoir nó dhó ar an gcoiste, os rud é nach feidir leis na páistí amháin é a dhéanamh. Ba chóir go mbeadh ball fóirne ainmnithe mar theagmhálaí agus go múinfear an Ghaeilge trí mheán na Gaeilge i gcónaí. Ba cheart go mbeadh plean scoile don chúrsa comhrá Gaeilge le leaganacha aontaithe ag an bhfoireann de na beannachtaí agus na béasa. Bainfeadh na nósanna seo le breithlaethanta, le féilte, le imeachtaí laethúla ar nós am lóin, am rolla, am líne agus am dul abhaile; agus le chúrsaí aimsire srl. Ba cheart go mbeadh téama roghnaithe ag an scoil gur féidir leanacht leis. Beidh acmhainní curtha ar fáil againn dóibh.

Tá sé riachtanach chomh maith go mbeadh plean don Ghaeilge i dtimpeallacht na scoile, go mbeadh frásaí le feiceáil agus le cloisteáil in úsáid agus go mbeadh comharthaí dátheangacha in úsáid, ionas go mbeidh an Ghaeilge níos sofheicthe. D’fhéadfaí é seo a cheangal leis na téamaí agus beannachtaí, srl. Ba cheart go mbeadh na tuismitheoirí páirteach san obair. Is féidir é seo a dhéanamh trí ábhair ar nós frásaí na seachtaine, dánta, rannta agus scéalta ar CDanna a chur abhaile ionas go mbeidh na tusmitheoirí ar an eolas orthu. Mar a dúirt mé níos luaithe, beidh ábhair idirghníomhacha ar fáil le tacú le tuismitheoirí nach bhfuil mórán muinín acu as a gcuid Gaeilge féin. Ba chóir go mbeadh múinteoirí tánaisteacha páirteach san obair agus go mbeadh béim ar feasacht teanga. Cuirfimid ceardlann mar gheall ar fheasacht teanga ar siúl do na múinteoirí uilig atá ag glacadh páirt san fheachtas seo.

Beidh na scoileanna in ann spriocanna don bhliain a roghnú as liosta de sé chinn. Baineann an chéad cheann le tionól scoile – tá sé i gceist go mbeadh tús agus críoch na réamhbhainistíochta trí Ghaeilge maraon le haon amhrán, rann, dán, nó suantraí, srl., a bheadh in úsáid. Ba cheart go mbeadh na hardranganna ag cabhrú leis na ranganna níos óige. Ní gá go mbeadh an tionól iomlán trí Ghaeilge, ach go mbeadh tús agus deireadh an tionóil déanta trí mheán na Gaeilge. Ba chóir go mbeadh rang ceoil faoi leith i gceist, le hamhráin, suantraithe agus rannta Ghaeilge mar chuid den rang. Ba cheart an Ghaeilge a nascadh le cuid den rang ceoil, mar shampla trí frásaí ar nós "caithfimid éisteacht go gcloisfimid an nóta seo ar an veidhlín” a úsáid. Beidh sceitseanna, rólghlacadh agus puipéid ag léiriú úsáid na frásaí agus na nathanna úsáideacha sna ranganna, fiú muna rang Gaeilge atá i gceist. Ba cheart go mbeadh ranganna ar nós drámaíocht, ceol agus tíreolaíocht uilig nascaithe ionas go mbeidh a fhios ag na páistí gur féidir an Ghaeilge a úsáid lasmuigh den rang Gaeilge.

Tá sé i gceist freisin go mbeidh cluichí nó cláir léitheoireachta faoi leith curtha i bhfeidhm. Ba cheart go mbeadh cluichí sa chlós i rith am sosa, nó taobh istigh nuair atá sé ag cur báistí, déanta trí mheán na Gaeilge. Arís táimid ag smaoineamh go gcabhróidh na hardranganna leis na bunranganna. Ba chóir go mbeadh greamaitheoirí agus an teanga leo. I gcás Amhrán na bhFiann, múinfear an chúrfá mar thús suas go Rang 3, agus an véarsa sna ranganna níos airde. Ba cheart go mbeadh ealaín agus obair chruthaitheach i nGaeilge feiceáileach timpeall na scoile, go mbeadh bainistíocht ranga i gcoitinne trí Ghaeilge agus go mbeadh teagmháil le scoil eile, le Gaelscoil nó le scoil Gaeltachta chun cuairt agus imeachtaí trí Ghaeilge a eagrú. B'fhéidir gur féidir é seo a dhéanamh sna hiarbhunscoileanna freisin. Ba cheart go nglacfadh an scoil páirt i gcomórtas Gaeilge agus an Ghaeilge in úsáid, mar shampla na comórtais a eagraíonn an chumann scoildrámaíochta nó Comhaltas Ceoltóirí Éireann. Tá sé i gceist go mbeadh scéim chomrádaithe ina mbeadh páistí as na hardranganna agus páistí as na ranganna níos óige ag comhoibriú trí Ghaeilge i gcomhthéacs cluichí clóis, damhsa, corpoideachas agus comhaireamh na gcéimeanna, srl. Ba cheart go mbeadh páistí in ann cuairteoirí a fháiltiú agus a bheannú le cúpla focal Gaeilge ar nós "Dia dhuit" nó "Cé chaoi a bhfuil tú". D'fhéadfadh an scoil seó faisean le tráchtaireacht i nGaeilge a eagrú.

11:10 am

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ba mhaith liom míle fáilte a chur roimh na finnéithe. Is breá an rud é a leithéid de chur i láthair a bheith againn. Tá sé níos fearr dúinn bheith ag caint faoi ghníomhaíocht trí mheán na Gaeilge ar nós an scéim iontach seo seachas maoiniú na Gaeilge agus struchtúr na heagrais Gaeilge. Rith sé liom gur cheart dúinn a leithéid de scéim a chur ar bun le haghaidh Tithe an Oireachtais. Níl a fhios agam an mbeadh muid ag leibhéal na bunscoile nó leibhéal na meánscoile sa chás sin. Sílim go mbeadh sé úsáideach Gaelbhratach a chur ar bun anseo.

An féidir le Siún Ní Dhuinn agus Síomha Ní Mhuirí a rá liom, ón taithí atá acu go dtí seo, cé mhéad scoil atá páirteach san imeacht? Cé chomh fada is atá an feachtas imithe go dtí seo? Cé chomh leathan is atá an scaipeadh ar na scoileanna atá ag glacadh páirt ann? Cén spriocanna atá acu sa chomhthéacs sin? Cad iad na baic is mó a fheiceann siad? B'fhéidir go bhfuil scoileanna áirithe fáilteach roimh an ngníomhaíocht, ach scoileanna eile ag rá go bhfuil dóthain le déanamh acu gan trácht ar scéim eile. Tá mé ag ceapadh go bhfuil go leor scoileanna ar an gcaoi sin.

Tuigim go bhfuil córas measúnú ag lucht na scéime seo, ach conas a déanfar cigireacht air? Beidh neart boscaí le líonadh ag na scoileanna chun riachtanaisí na scéime an-mhaith seo a chomhlíonadh, ach is dócha go mbeidh imní ar dhaoine áirithe go mbeidh na scoileanna sásta na boscaí a ticeáil anseo is ansiúd. Cén chaoi a bheidh a fhios againn i ndáiríre go bhfuil na rudaí cearta ag tarlú ar an talamh sa scoil?

Photo of Michael KittMichael Kitt (Galway East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cuirim fáilte roimh ár gcuairteoirí. Is mór an trua nach bhfuil mé ar ais ar scoil mar thaitneodh an saghas scoil a luaigh Siún Ní Dhuinn agus Síomha Ní Mhuirí ar maidin liom. D'iarr an Seanadóir Ó Clochartaigh mar gheall ar an méid oibre atá le déanamh. Luaigh duine éigin an brat glas. Tá a fhios agam go bhfuil scoileanna áirithe tar éis an brat glas a fháil don cúigiú nó deichiú uair. Caithfear céimeanna áirithe a leanúint chun an brat glas a fháil. Ar ndóigh, tá scoileanna áirithe i gContae na Gaillimhe tar éis an brat buí, a bhaineann le éagsúlacht nó diversity, a fháil. Os rud é go bhfuil scoileanna ag plé leis na hábhair sin, is maith an rud é go bhfuil coincheap na Gaelbhrataí á chur chun cinn freisin. Is dócha go bhfuil go leor oibre á dhéanamh ag na múinteoirí sna scoileanna éagsúla, go mórmhór os rud é go gcaithfear a lán ama a chaitheamh ar na bunábhair faoin gcuraclam nua.

Is maith liom an méid a dúradh mar gheall ar thuismitheoirí agus mar gheall ar na rudaí a tharlaíonn ag am lón. Is léir nach mbaineann an feachtas seo le ham scoile amháin - baineann sé leis an am roimh na scoile agus tar éis na scoile, le ham lón agus, go háirithe, leis an am ina mbíonn cluichí spóirt ar siúl. Thaitin an méid a bhí le rá ag na finnéithe liom. Molaim an obair atá á dhéanamh sna scoileanna. B'fhéidir go gcuirfidh daoine ceisteanna faoin mhéid oibre a bheidh le déanamh. Tá a lán le déanamh sna bunscoileanna, go háirithe de bharr an curaclam nua. Níl a fhios agam mar gheall ar na meánscoileanna. D'oibrigh mé mar mhúinteoir bunscoile na blianta ó shin. Nuair a bhí trácht ar scéim nua, déarfadh na múinteoirí go raibh a lán eile le déanamh acu agus nach raibh dóthain ama acu.

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cuirim fáilte roimh na toscairí go léir. Tá rud iontach á dhéanamh acu. Molaim go mór iad. Má tá rud éigin le déanamh, de ghnáth is fearr é a dhéanamh gan fanacht don Rialtas nó éinne eile chun é a dhéanamh. An bhfuil an togra an-mhór seo ag fáil acmhainní ón Roinn Oideachais agus Scileanna? An bhfuil an Roinn ag cur béim láidir ar an bhfeachtas seo? An bhfuil mórán suim ann? An bhfuil a lán scoileanna cláraithe ag an bomaite? Cad iad na contaetha ina bhfuil an chuid is mó spéise? An bhfuil muidne in ann cabhrú leis na finnéithe chun eolas a scapadh? Tá an feachtas seo dírithe ar bhunscoileanna agus ar mheánscoileanna, ach cad faoi na ollscoileanna? An bhfuil aon suim acu? An féidir an feachtas seo a leathnú amach? Bhí an Seanadóir Ó Clochartaigh ag magadh faoin áit seo-----

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ní raibh mé ag magadh ar chor ar bith.

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

-----ach b'fhéidir go mbeadh eagraíochtaí agus comhlachtaí éagsúla - poiblí nó príobháideach - sásta clárú le haghaidh togra den chineál seo.

Photo of Labhrás Ó MurchúLabhrás Ó Murchú (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ar mhaith libh labhairt ar na pointí sin?

Siún Ní Dhuinn:

B'fhéidir go bhfreagróidh mé na ceisteanna a chuir an Seanadóir Ó Clochartaigh i dtosach báire. Tá 26 scoil faoi mo bhráid i mbliana. Tá siad tras-Teorainneach. Tá dhá scoil ó Thuaidh agam. Tá an chuid eile acu ó Dheas. Táimid ar fud na tíre ar fad - Baile Átha Cliath, Cill Mhantáin, Cill Dara, Ceatharlach, Loch Garman, Cill Chainnigh, Corcaigh, Ciarraí, An Clár, Luimneach, An Mhí, An Cabhán, Uíbh Fhailí, Gallimh, Ard Mhacha agus Aontroim.

D'iarr an Seanadóir freisin faoi na deacrachtaí agus na constaicí atá romhainn. Is dóigh liom nach bhfeiceann na daoine atá cláraithe na deacrachtaí sin. Níor chuireamar aon iachall orthu clárú - ba iad siúd a tháinig chugainn a chláraigh. Ní dhearnamar an oiread sin poiblíocht ar an bhfeachtas toisc gur rud nua a bhí ann. Tháinig siadsan chugainn. Ba iad na múinteoirí a chláraigh linn i dtosach báire. D'iarr siad orainn teacht chucu. Is léir go bhfuil spéis ag na múinteoirí sna scoileanna a tháinig chugainn sa scéim. Ní fheicim go bhfuil na deacrachtaí a luaigh an Seanadóir i gceist.

Is dóigh liom go raibh mé i 16 scoil go dtí seo, le coicís anuas. Chuir na mic léinn an-fháilte romham. Tá mé ag brath ar an gcoiste Gaeilge agus mé ag déileáil leis na meánscoileanna. Molaim do na scoileanna a leithéid de choiste a bhunú leis na daltaí den chuid is mó. Molaim dóibh múinteoir amháin, nó beirt mhúinteoirí b'fhéidir, a chur ar an gcoiste. Sa chuid is mó, is iad na daltaí atá freagrach as an rud.

Is dóigh liom go n-oibríonn sé sa bhealach sin, mar go bhfuil muide ag tabhairt cumhachta do na mic léinn agus ag rá nach iad na múinteoirí atá ag stiúradh an ruda seo ach gur iadsan atá ina mbun agus má éiríonn leo, go mbeidh siad bródúil as a gcuid oibre féin. An chéad rud a deirim nuair a théim isteach ná nach múinteoir mé. Ansin, bíonn siad an-sásta nach bhfuil mise ag iarraidh rud éigin a brú orthu nó ag rá go gcaithfidh siad é a dhéanamh. Má tá spéis acu sa scéim, molaim dóibh triail a bhaint as mar is píosa craic í agus mar go bhfuil féidireachtaí thairbheacha agus taitneamhacha le baint aisti, más maith leo. Deirim leo nach gá dóibh dul faoi mheasúnú ag deireadh na bliana ach oiread má cheapann siad nach bhfuil siad réidh. Is féidir leo a rá liom nach bhfuil siad réidh agus beidh sin go breá. Níl aon iachall orthu dul faoin mheasúnú ach deirim gur rud é go mb'fhéidir gur mhaith leo féin a bhaint amach dóibh féin.

Chomh maith le sin, deirim leo go bhféadfadh seo a bheith an-úsáideach ar an CV, mar foghlaimíonn siad scileanna bainistíochta, scileanna eagraíochta, scileanna scríobhneoireachta agus araile, na rudaí sin ar fad nach foghlaimíonn siad de ghnáth. Deirim leo freisin gur rud eile atá an-mhaith ná gur sprioc é ag deireadh na bliana. Deirim nach bhfuil siad ag obair ar mhaithe le rud thuas sa spéir, ach go bhfuil sprioc acu ag deireadh na bliana agus go mbeidh mise i dteagmháíl leo an t-am uilig agus go bhfuil mé ar fáil dóibh chun cúnamh agus tacaíocht a thabhairt agus chun ceisteanna a fhreagairt mar gheall ar rudaí den tsórt sin.

Maidir le cúrsaí cigireachta, ní thabharfainn cigire orm féin, ach táim ansin le tacaíocht a thabhairt dóibh. Nuair a théim isteach go dtí an scoil an chéad lá, tugaim fillteán liom agus caithfidh siadsan an fillteán sin a líonadh i rith na bliana. Sin an fhianaise atá agamsa ag deireadh na bliana go bhfuil rudaí bainte amach acu. Caithfidh siad pictiúrí a ghlacadh de na rudaí atá déanta acu, ar nós seomra Gaeilge, rud éigin do Sheachtain na Gaeilge, taifead de mhiontuairiscí na gcruinnithe. Caithfidh siad cruinnithe a reachtáil go rialta agus caithfidh siad an coiste ar fad a chur faoi mo bhráid, ach nílim ag iarraidh an lámh láidir a thógáil. Ba mhaith liom bheith ann mar thacaíocht dóibh, le taispeáint dóibh conas gur féidir leo rudaí a bhaint amach agus conas iarracht a dhéanamh an pobal ar fad a thabhairt isteach.

Is bailte an-bheaga iad cuid de na háiteanna atá i gceist anseo, ní sráidbhailte iad. Iarraim ar na daltaí dul isteach sna bailte agus na sráidbhailte agus labhairt le siopadóirí an bhaile agus fáil amach an bhfuil Gaeilge acu. Má tá, is féidir leo iarradh orthu clárú leis an scoil mar chuid den Ghaelbhratach agus cuireadh a thabhairt dóibh teacht go dtí an scoil le rud éigin a fheiceáil. Déanaim iarracht freisin caidreamh a chothú idir daltaí agus tuismitheoirí. Tá Gaelscoileanna san áireamh leis an scéim seo agus bhí an-chuid de na tuismitheoirí sin ag rá go bhfuil i bhfad níos mó Gaeilge ag na páistí ná mar atá acusan. Freisin, tá easpa muiníne ag tuismitheoirí labhairt i nGaeilge. Mar sin, molaim do na daltaí na tuismitheoirí a thabhairt isteach go dtí an scoil uaireanta. Mar shampla, is féidir leo maidin caifé a reachtáil agus fáilte a chur roimh tuismitheoirí go dtí an scoil, áit a bhfuil an Ghaeilge beo inti, agus ceachtanna Gaeilge a thabhairt do thuismitheoirí.

11:20 am

Photo of Labhrás Ó MurchúLabhrás Ó Murchú (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ar mhaith le aon duine eile labhairt ar na phointí sin?

Síomha Ní Mhuirí:

Maidir le cuid de na ceisteanna, tá freagraí difriúla le tabhairt maidir leis na bunscoileanna. Cinnte, feicim go bhfuil múinteoirí sásta glacadh leis an scéim seo. Tá an méid céanna scoileanna againn, 26, agus atá i gceist leis na hiarbhunscoileanna. Tá na scoileanna seo ar fud na tíre, ach nil liosta cruinn agam do na contaetha atá i gceist. Tá trí chinn de na scoileanna i dTuaisceart na tíre agus i gcontaetha éagsúla, seachas Gaillimh, Maigh Eo, Corcaigh, An Cábhán, Muineachán, Baile Átha Cliath agus Cill Dara.

Rinne muid iarracht mhaith scoileanna éagsúla a fháil le páirt a ghlacadh sa scéim. Mar sin tá scoileanna Oideachas le Chéile againn, scoileanna il-ghrád, scoileanna Caitleacha agus scoil amháin Protastúnach againn. Bhíomar ag iarraidh go mbeadh an scéim ar fáil do chuile duine agus mbeadh deis ag chuile duine páirt a ghlacadh. Theastaigh uainn go dtuigfeadh múinteoirí nach scéim do Gaelscoileanna amháin a bhí i gceist, ach tá trí Gaelscoileanna sa scéim chomh maith.

Cuireadh ceist faoin scéim agus an obair dhúshlánach a bhíonn le déanamh ag múinteoirí bunscoile cheana féin. Tá difear idir an chaoi a ndéileáileann mé féin agus Siún leis na scoileanna. Nuair a labhraím sna scoileanna, an chéad rud a dheirim ná gur múinteoir bunscoile mé agus go dtuigim an obair atá le déanamh acu cheana féin agus an páipéarachas atá i gceist. Tá an scéim leagtha amach againn do na múinteoirí, tá an lámhleabhar, nó an fillteán tacaíochta, ar fáil dóibh agus táim féin ann chomh maith le tacaíocht a thabhairt, ionas go bhfuil sé beagnach indéanta do mhúinteoirí gan an scéim a chur i bhfeidhm go héasca sna scoileanna. Táim féin ar fáil don bhliain uilig chun cabhrú leis na múinteoirí agus chun tacaíocht agus cúnamh a thabhairt agus chun cabhrú leo teacht suas le smaointe.

An difear leis na bunscoileanna ná go dtiteann an fhreagracht ar na múinteoirí. Ní féidir coiste a chur ar bun le páistí bunscoile amháin, ach is cóir go mbeadh na páistí páirteach sa phróiseas. Seo an fhadhb is deacra, go mbeidh na múinteoirí sásta an stuif seo a thógáint orthu féin agus a chur i bhfeidhm. Sna bunscoileanna freisin tá difear idir an scéim seo agus an brat glas. Cé go bhfuil an scéim seo bunaithe ar an scéim sin, tá difear eatarthu mar nach bhfuil an méid céanna páipéarachais i gceist agus níl na critéir céanna mheasúnaithe i gceist. Is féin-mheasúnú atá i gceist. Maidir le conas a dhéantar sin, tá blag ar an Idirlíon agam agus beidh na 26 scoileanna páirteach sa bhlag sin. Blag príobháideach é atá dúnta don phobal. Beidh leathanach sa bhlag gur féidir leis na scoileanna a úsáid le uaslódáil a dhéanamh ar chuile rud a dhéanann siad i rith na bliana, mar shampla, pictiúir a ghlac siad, fístéipeanna a thóg siad.

Is bealach é an blag inar féidir leis na scoileanna uilig féachaint ar chéard atá ar siúl i scoileanna eile agus féachaint ar chéard atá ag oibriú i scoil amháin agus nach bhfuil ag oibriú i scoil eile. Is féidir leo freisin smaointe a fháil agus cumarsáid a bheith acu lena chéile. Leagann seo béim ar an fheasacht teanga agus an tslí a bhfuil siad ag déanamh cumarsáide taobh amuigh den rang. Is bealach domsa é an blag measúnú a dhéanamh gan a bheith ag dul isteach sna scoileanna ag déanamh cigireachta orthu.

Cuireadh ceist maidir le hacmhainní. Tá méid áirithe airgid tugtha dúinn ag an bhforas le haghaidh acmhainní. Arís, tá difear idir na hacmhainní a bheidh in úsáid ag na bunscoileanna agus iad a bheidh in úsáid sna hiarbhunscoileanna. Ó thaobh pleanála de do na bunscoileanna, is iad na hacmhainní an chuid is tábhachtaí le daltaí agus páistí a spreagadh le páirt a ghlacadh i rudaí. Tá béim mhór leagtha againn ar sin. Beidh ábhair oifigiúla againn ar nós leabhair agus táimid tar éis iarradh ar an bhforas cabhair a thabhairt leabhair a fháil ón Gúm ar phraghas maith agus rudaí eile a fháil atá riachtanach do ranganna agus do mhúinteoirí. An acmhainn is mó a bheidh acu ná an blag a luaigh mé agus beidh acmhainní ar fáil ar líne freisin, ar nós fístéipeanna agus cluichí idirgníomhacha. Is cóir go mbeidh siad in ann dul chuige seo istigh sa rang agus é a úsáid láithreach agus go mbeidh na scoileanna éagsúla nascaithe le chéile.

Aodhán Ó Deá:

Ba mhaith liom tagairt a dhéanamh don cheist a chuir an Seanadóir Ó Clochartaigh maidir leis an méid scoileanna atá páirteach sa scéím agus an t-éileamh ar an scéím. Mar cúlra, déanfaidh mé cur síos ar an chineál oibre atá á dhéanamh agam. Táim comh-fostaithe ag cúig eagraíocht Gaeilge éagsúla chun obair a dhéanamh sna meánscoileanna agus ag an triú leibhéal. Déanfaidh mé tagairt don triú leibhéal i gceann cúpla nóiméad.

Thosaigh mé ar an scéim seo le seó bóthair trí bhliain ó shin agus thosaigh mé ag tabhairt cuairteanna ar scoileanna timpeall na tíre agus ag déanamh ceardlann idirghníomhacha le ranganna idirbhliana i scoileanna timpeall na tíre. Ar dtús, bhí sé deacair dul i dteagmháil le scoileanna maidir le seo agus iad a chur ar an eolas go raibh an seó ar fáil, ach chomh luath agus gur thuig siad go raibh sé saor in aisce, bhí an-éileamh ar an seó. Le trí bliana anuas, táim tar éis cuairt a thabhair ar breis agus 400 de na hiarbhunscoileanna ón breis agus 1,000 iarbhunscoileanna atá ann idir Tuaisceart agus Deisceart na tíre. Tá éileamh dochreidte ar an seó agus tá liosta feithimh agam ón bhliain seo caite. Tá breis agus 100 scoile nach raibh deis agam cuairt a thabhairt orthu.

Mar fhreagra ar an cheist, an rud atá feicthe againn ná go léimeann na scoileanna ar scéim ar bith mar seo. Teastaíonn uathu a bheith gníomhach i rud mar seo agus ceangal a dhéanamh leis na heagraíochtaí Gaeilge. Feiceann siad fiúntas sna scéimeanna seo. Tá 26 scoil páirteach sa dhá scéim faoi láthair. Tá na scéim teoranta don uimhir sin faoi láthair toisc nach raibh muid in ann an iomarca scoileanna a thógáil orainn féin sa chéad bhliain, cé go raibh beagnach gach scoil lena raibh muid i dteagmháil ag iarraidh léimt ar an deis seo. Thosaigh muid ar an scéim le cúig scoil anuraidh agus táimid ag iarraidh dul ar aghaidh anois agus fás de réir a chéile.

Más féidir linn an deis seo a oscailt do gach uile scoil sa tír, is cinnte go léimfidh na céadta scoileanna ar an deis sin chomh tapaidh agus is féidir leo. Tá éileamh iontach ann ó scoileanna atá dáiríre mar gheall ar rudaí den chineál seo a dhéanamh. Is mian leo bheith páirteach san fheachtas seo.

D'fhiafraigh an Teachta Tóibín an féidir an scéim seo a leathnú amach don tríú leibhéal. Tá an-obair ar siúl agam sa dara chuid den phost atá agam, ina bhfuil sé de dhualgas orm plé a dhéanamh leis an 26 Cumann Gaelach atá ag feidhmiú sna hinstitiúidí agus sna hollscoileanna. Tá fás an-mhór tagtha ar líon na gcumainn le trí nó ceithre bliana anuas. Nuair a thosnaíomar ag plé leis an earnáil seo ceithre nó cúig bliana ó shin, bhí thart ar deich gCumann Gaelach sa tír ach tá Cumann Gaelach - beag nó mór - i ngach institiúid tríú leibhéal sa tír anois. Tá cuid acu beag go leor os rud é go bhfuil siad ag tosnú amach. Bhí mé ag cruinniú aréir in Ollscoil Luimnigh, áit ina bhfuil Cumann Gaelach nua le bunú i gceann cúpla lá. Tá cuid eile dóibh dochreidte mór os rud é go bhfuil siad forbartha le blianta anuas. Tá breis is 2,000 ball sa Chumann Gaelach i gColáiste na hOllscoile, Báile Átha Cliath. Tá na cumainn ar fad ag fás bliain ar bhliain.

Is dócha nach n-oibreodh Gaelbhratach sa bhealach céanna ag an triú leibhéal toisc go n-athraíonn gach éinne ó bhliain go bliain. Táimid ag iarraidh go mbeidh leanúnachas ann. Sa bhunscoil agus sa mheánscoil, leanann na múinteoirí ar aghaidh agus is féidir leo a chinntiú go bhfuil an obair ag dul ar aghaidh ó bhliain go bliain. Bronntar gradaim éagsúla orthu siúd a ghlacann páirt sa ghníomh seo. Bronnann Glór na nGael gradam ar an gCumann Gaelach is gníomhaí gach bliain.

Tá sé foghlamtha againn sa triú leibhéal go n-oibreoidh pé imeacht nó feachtas atá ag obair in ollscoil nó in institiúid tríú leibhéal amháin in ollscoil nó institiúid eile. Táimid ag iarraidh an ceacht sin a thabhairt ar aghaidh go dtí an dara leibhéal. Táimíd ag tógáil samplaí d'imeachtaí nó feachtais iontacha atá eagraithe i gColáiste na Tríonóide nó i gColáiste na hOllscoile, Báile Átha Cliath agus ag iarraidh an rud díreach céanna a eagrú in Institiúid Teicneolaíochta, Sligeach; in Institiúid Teicneolaíochta, Trá Lí; in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh; nó in aon choláiste eile timpeall na tíre. Tá an rud díreach céanna i gceist i dtaobh scoileanna. Is féidir linn na himeachtaí agus na feachtais atá ar siúl i scoileanna áirithe a úsáid mar shamplaí do scoileanna eile, ionas go mbeidh an cur chuige céanna acu.

Is iontach an rud é go bhfuil an feachtas seo ag dul ar aghaidh. Is léir ón méid atá feicthe agam agus mé ag plé leis an dara leibhéal do mbíonn an-chuid de na daltaí atá gníomhach sna cumainn seo ag an dara leibhéal an-ghníomhach sna cumainn nuair a théann siad ar aghaidh go dtí an triú leibhéal. Tá sé iontach an trasnú sin a fheiceáil.

11:30 am

Photo of Labhrás Ó MurchúLabhrás Ó Murchú (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Iarraim ar Chormac Ó Feinneadha, atá mar bhainisteoir imeachta ar Rith 2014, labhairt linn.

Cormac Ó Feinneadha:

Gabhaim buíochas leis an gcoiste as ucht deis cainte a thabhairt dom inniu. Mar bhainisteoir imeachta ar Rith 2014, creidim go bhfuil an t-ábhar atá á mheas ag an gcoiste inniu - conas an Ghaeilge a spreagadh ar fud na tíre - lárnach i gcur chuige Rith 2014. Ba mhaith liom beagáinín a rá faoin imeacht náisiúnta seo. Sa bhliain 2012, rith beagnach 30,000 duine 700 km ó Gaoth Dobhair go hInis Mór. Tiomsaíodh na mílte euro ón urraíocht a rinneadh ar gach ciliméadar den ollrith sealaíochta. Mar thoradh air seo, roinneadh 15,000 euro ar breis is 30 grúpa éagsúla chun an Ghaeilge a chur chun cinn.

Is féile náisiúnta é Rith chun labhairt agus úsáid ghinearálta na Gaeilge a chur chun cinn i measc an phobail. Ceiliúradh cultúrtha i bhfoirm rás sealaíochta atá i gceist. Le linn Rith 2014, tósóidh reathaithe éagsúla i mBaile Bhúirne, Contae Chorcaí, agus rithfear beagnach 1,000 km chomh fada le Béal Feirste. Beidh urraíocht déanta ar gach ciliméadar, le cúnamh Dé. Mairfidh an rith naoi lá, ó 7 go 15 Márta 2014, ag taisteal trí chuid de na bailte agus na cathracha is mó in Éirinn. Beidh fáilte roimh scoileanna, clubanna óige, grúpaí pobail agus clubanna spóirt páirt a ghlacadh san fhéile, mar aon le daoine aonair agus dream ar bith eile ar spéis leo an teanga.

Le linn Rith 2014, iompófar bata sealaíochta faoi leith. Dearadh an bata sealaíochta chun teachtaireacht folaithe a iompar laistigh de. Cuirtear an teachtaireacht isteach sa bhata ag tús Rith agus iompraítear í go dtí an ciliméadar deireanach, áit a léitear amach í ag an gclabhsúr. Scríobh Máire Mhic Ghiolla Íosa, iar-Uachtarán na hÉireann, an teachtaireacht don chéad Rith sa bhliain 2010 agus scríobh an t-Uachtarán reatha, Mícheál D. Ó hUigín, í sa bhliain 2012. Tógadh coincheap na féile seo ó Thír na mBascach, mar a gceiliúrtar Korrika - imeacht teanga comhchosúil atá á réachtáil ann go rathúil ó bhí 1983 ann. Thosaigh Rith in Éirinn sa bhliain 2010. Tá sé ag dul ó neart go neart ó shin i leith.

Cé gur féile náisiúnta í Rith, tá an ghné áitiúil mar chuid lárnach di, mar is iad na pobail áitiúla a chuireann le luas agus le móiminteam Rith. Samplaí de na grúpaí áitiúla atá ag tabhairt fuinnimh agus beochta do Rith 2014 ná Gael-Taca i gContae Chorcaí, Comhlacht Forbartha na Déise i nGaeltacht na Rinne i gContae Phort Láirge agus Coiste Forbartha Carn Tóchair i gContae Dhoire. Dar ndóigh, is chuig grúpaí mar seo a théann an t-airgead ar fad a bhailítear ó urraíocht na gciliméadar de chuid Rith. Tá ciste speisialta curtha ar bun ag Rith chun an t-airgead seo a dháileadh. Úsáidfear an ciste seo le tacaíocht a thabhairt do thionscadail in Éirinn a chothaíonn agus a spreagann úsáid na Gaeilge mar theanga an phobail.

Tá lucht eagraithe Rith ag súil go ndúiseoidh, go dtaispeánfaidh agus go láidreoidh Rith bród na ndaoine sa Ghaeilge, trí rannpháirtíocht an phobail. Tugann Rith deis d’eagraíochtaí, do chainteoirí agus do dhíograiseoirí teanga teacht chun tosaigh agus an teanga a úsáid go feiceálach sa phobal. Mar thoradh air sin, tá muid ag súil go spreagfar foghlaimeoirí Gaeilge chun páirt a ghlacadh sa Rith freisin, agus nasc a chruthú leis an teanga. Tá súil againn go spreagfaidh Rith 2014 daoine chun Gaeilge a fhoghlaim nó a fheabhsú i ndiaidh an imeachta. Tá muinín againn go nglacfaidh eagraíochtaí, cainteoirí agus díograiseoirí teanga páirt san fhéile agus go dtabharfaidh siad spreagadh agus tacaíocht dóibh siúd atá ag foghlaim na Gaeilge. Imeacht tábhachtach, taitneamhach é Rith 2014. Tá sé i gceist airgead a bhailiú do ghrúpaí pobail Gaeilge chomh maith leis an teanga a cheiliúradh go feiceálach agus go spreagúil. Le tacaíocht a thabhairt do Rith, don teanga agus do ghrúpaí pobail, is féidir le daoine teacht ag rith linn nó ciliméadar a cheannach. Má tá ceisteanna ag éinne, beidh mé sásta iad a fhreagairt.

Photo of Labhrás Ó MurchúLabhrás Ó Murchú (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is dócha go gcuirfear fáilte freisin roimh éinne atá sásta dul ag rith.

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is rud iontach é Rith. Bailíonn sé daoine mórthimpeall na tíre. Os rud é go bhfuil eagraíochtaí Gaeilge scaipthe ar fud na tíre, ní bhíonn na daoine a ghlacann páirt iontu in ann teagmháil a dhéanamh lena chéile go rialta. Is iontach an rud é go dtugann Rith deis dóibh é sin a dhéanamh. An nglacann móran Teachtaí agus Seanadóirí páirt i Rith?

Cormac Ó Feinneadha:

Níl a fhios agam. N'fheadar an bhfuil an Teachta ag déanamh tairisceana?

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Bhí mé ag breathnú ar imeachtaí an choiste ar an scáileán. Ba mhaith liom tréaslú leis na heagraíochtaí as an obair ar fad atá ar bun acu. Mar is eol dóibh, is é bunús na straitéise ná daoine a chur ag labhairt na Gaeilge taobh amuigh den rang scoile. Tá an obair atá ar bun acu fíorthábhachtach sa chomhthéacs sin. Dá bhféadfadh muid tuilleadh rudaí mar seo a dhéanamh chun daoine óga a spreagadh le tosú ag labhairt na Gaeilge taobh amuigh den scoil agus ag an tríú leibhéal, beidh seans níos mó ann go mbeidís sásta an Ghaeilge a thabhairt ar aghaidh ó ghlúin go glúin nuair a bheidh a gclann féin acu. Cabhródh sé sin linn an sprioc atá sa straitéis - 250,000 cainteoirí laethúla a bheith againn sa tír seo - a bhaint amach agus, dar ndóigh, d'fhásfadh sé uaidh fhéin ina dhiadh sin.

Sílim gur coincheapa an-mhaithe iad seo. Nuair a bhí mé ar scoil, bhí Ógra Éireann againn taobh amuigh d'uaireanta scoile. Chuir siad imeachtaí Gaelacha ar bun. Is dóigh liom gur ndearna siad an-leas. Ceapann muid scaití nach bhfuilimid ag dul i bhfeidhm ar ghasúir - fiú má labhraítear Gaeilge leo, beidh siad ag labhairt an Béarla an chéad uair eile a chloistear iad - ach caithfimid a thuiscint gur obair mall é seo. Má thosnaíonn gasúir leis an nGaeilge ag 14 bliana d'aois, b'fhéidir nach mbeidh fíor-fonn air nó uirthi teacht leis an teanga go dtí go mbeidh sé nó sí 18 bliana d'aois. Molaim an obair ar fad atá ar bun agus an cur i láthair atá déanta inniu. B'fhéidir gur cheart dúinn a rá le chuile Theachta Dála agus chuile Sheanadóir gur chóir dóibh ciliméadar a cheannach nó ceann a rith. Tá sé chomh maith ceist a chur ar na Seanadóirí anois, a fhad is a bhfuil siad anseo.

11:40 am

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ní bhaineann an cheist atá agam leis na tograí atá luaite ag na finnéithe. Faoi láthair tá Gaelscoil amháin againn san Uaimh, ach tá sé deacair cur leis an scoil sin. Níl ach sruth amháin sa Gaelscoil, ach b'fhéidir go mbeadh suim ag scoil eile i mbaile na hUaimhe aonad nó sruth Gaelach a chur leis an scoil sin. An bhfuil tacaíocht le fáil ó aon eagraíocht chun sin a dhéanamh? Bhí mé ag caint le cúpla eagraíocht a bhaineann le Gaelscoileanna, ach níl aon bhaint acu le aonad mar seo. Ceapaim go bhfuil seo ag dul ar aghaidh sa Tuaisceart, ach níl mórán taithí againn sa Deisceart maidir le aonad nó rang amháin a tosnú i bhunscoil agus dul ar aghaidh mar sin.

Julian de Spáinn:

Glacfaidh mise leis an gceist sin. Ardaítear an cheist seo faoi na sruthanna go ginearálta maidir le Gaeilge. Tá tar éis éirí leo i scoileanna áirithe, ach tá fianaise ann freisin nach n-éiríonn leo in áiteanna eile. An cur chuige is fearr ná go mbeadh scoil neamhspleách ann ag feidhmiú trí Ghaeilge. Níl aon dabht faoi sin ó thaobh cur chun cinn na teanga agus ó thaobh na meáin cumarsáide sa scoil do na mic léinn. Tá sé níos éasca déileáil le daoine atá ag teacht chuig an rang teagaisc céanna sa mheán teanga céanna. Cinnte, tá sé níos deacra déileáil le sruthanna. Mar sin féin, tá grúpaí ann go bhfuil sruthanna acu agus gur fiú labhairt leo go díreach, mar shampla, Coláiste Chaitríona, Ard Mhacha agus grúpaí eile. Tá go leor taithí ag na grúpaí seo agus d'fhéadfadh siad an taithí sin a roinnt.

Bhead scéim na Gaelbhrataí thar a bheith oiriúnach don rud atá i gceist ag an Teachta, mar bheadh tacaíocht ar fáil tríd an Ghaelbhratach agus an scoil le plean don Ghaeilge a chur le chéile sa scoil. D'fhéadfadh an scéim cabhrú leis an sruth nó leis an scoil ar fad. D'fhéadfadh siad na spriocanna a leagaint síos don scoil, spriocanna a bheadh comónta don dhá ghrúpa agus spriocanna difriúla, ionas go mbeadh an grúpa in ann pleanáil cheart a dhéanamh don teanga. Tá sé fíor tábhachtach go dtiocfadh seo ó na mic léinn iad féin, go háirithe nuair a bhaineann sé le aon obair a bheadh le déanamh ag an sruth Gaelach.

An comhairle is fearr a bhféadfainn a thabhairt ná labhairt leis na scoileanna go bhfuil sruthanna acu cheana féin. Cinnte, tabharfaidh An Ghaelbhratach cabhair d'aon scoil le sruth amach anseo.

Síomha Ní Mhuirí:

Tá scoil i gCorcaigh, Scoil Niocláis, ag iarraidh srutha a thosú an bhliain seo chugainn agus sin an fáth gur theastaigh ón scoil páirt a ghlacadh sa scéim Ghaelbhrataí, ionas go mbeadh siad in ann struchtúr a chur i bhfeidhm sa scoil roimh ré agus ansin leanacht leis an struchtúr sin. Ceapann siadsan agus muide go mbeidh sé níos éasca dóibh ansin leanacht ar aghaidh leis an struchtúr sin agus sruth Gaelach a chur ar bun.

Julian de Spáinn:

Os rud é go bhfuil muid ag teacht chuig deireadh na díospóireachta seo, ba mhaith liom rud beag eile a rá. Ar dtús, d'iarr Síne Nic an Ailí orm a rá le gach éinne go bhfuil cupán tae no caifé ar fáil ar fáil thuas staighre i ndiaidh seo. Ba mhaith linn buíochas a ghabháil leis an gcomhchoiste agus rúnaí an choiste a chabhraigh linn an seisiún seo a eagrú inniu. Bhí an seisiún seo thar a bheith tábhachtach. An téama a bhí leis an gcruinniú ná "spreagadh na Gaeilge" agus tá an comhchoiste tar éis páirt a ghlacadh in imeacht spreagúil don Ghaeilge atá ag dul ar aghaidh faoi láthair ar fud an domhain. Is é sin an comhrá 24/7. Tá grúpaí ón Astráil go Beijing, California agus ar fud na hÉireann tar éis ciorcail nó grúpaí comhrá nó comhráite faoi leith a chur ar bun an tseachtain seo mar chuid den curiarracht domhanda atá ar siúl faoi láthair.

Thosaigh seo i bPáirc an Chrócaigh an Domhnach seo caite agus tá súil againn, faoin Domhnach seo, go mbeidh curiarracht domhanda bainte amach againn don comhrá Gaeilge leanúnach is faide a tharla riamh. Níor stad sé fós agus fair play do na mic léinn atá ag déanamh na seisiún thar oíche, le cabhair ó ghrúpaí thar lear. Táimid ag leanacht ar aghaidh leis an gcomhrá agus tá sé go maith go bhfuil an comhchoiste mar dlúthchuid den iarracht sin. Imeacht é de chuid Bhliain na Gaeilge agus má éiríonn linn é a bhaint amach, tá súil againn go mbeidh muid ag iarraidh é a dhéanamh ar feadh ocht lá, b'fhéidir an bhliain seo chugainn, agus ar aghaidh ó shin go dtí go sroichfidh muid 365 lá.

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ba mhaith liom tréaslú leis na finnéithe ar fad mar is iontach an feachtas é sin. Is iontach samhlaíoch é chomh maith. Tá siad ag tarraingt ar bhuanna na nGael, mar go bhfuil neart cainte againn. Tá sé iontach tábhachtach go mbeadh Tithe an Oireachtais páirteach i gníomh den chineál seo agus sílim go bhfuil ról faoi leith acu ann. Thagair muid ar seo agus muid leath ag magadh níos túisce, faoi muid a bheith páirteach i ghníomhaíocht ó thaobh na Gaeilge de. An rud is mó atá feicthe agam anseo le dhá bhliain go leith agus mé anseo, ná go bhfuil an oiread daoine sna Tithe seo go bhfuil Gaeilge acu. De réir a chéile, tá mise ag cur aithne ar níos mó dóibh. Fiú agus mé ag seasamh amach ar feadh soicind, bhuail mé le duine de na Gaeilgeoirí ar mo bhealach ar ais agus d'fhiafraigh sé díom cén áit a mbeadh an caifé agus comhrá ar siúl. Is breá an rud é sin.

Caithfidh muide a bheith ceannródaíocht a thaispeáint. Tá ról poiblí againn agus caithfidh muid a bheith ceannródaíoch ar seo, tríd na Tithe seo, trí ceisteanna a chur agus trí díospóireacht a dhéanamh. Tá áiseanna againn anseo, comhaistriúcháin agus mar sin de agus caithfidh muid iad a úsáid. Caithfidh muid an Ghaelbhratach sin a fháil croctha taobh amuigh de na geataí chomh maith. Molaim na finnéithe as sin agus as na himeachtaí éagsúla atá ar bun. I ndeireadh thiar, cé go dtarraingnítear isteach muid go minic le díospóireachtaí maidir le maoiniú, struchtúr agus plé agus mar sin de, tá sé níos spéisiúla dúinn ar fad a bheith ag díriú ar na gníomhaíochtaí. Is astu sin a thiocfaidh an toradh agus an borradh. Molaim an grúpa a tháinig isteach agus go n-éirí leo leis an bhfeachtas.

Photo of Labhrás Ó MurchúLabhrás Ó Murchú (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cuirfidh muid deireadh leis an díospóireacht. Ba mhaith liom ár mbuíochas a chur in iúl do na finnéithe a tháinigh isteach anseo, Síne, Julian, Siún, Aodhán, Síomha agus Cormac. Tá sé thar a bheith soiléir go bhfuil siad cumasach agus díograiseach chomh maith agus go bhfuil samhlaíocht faoi leith ag baint leis an gcur chuige atá acu. Níl aon amhras faoi ná go dtugann siad dóchas dúinn maidir le todhcaí na Gaeilge. Tá mé lán cinnte go mbeidh siad ag labhairt linn arís agus bíodh siad cinnte go dtabharfar aird ar ghach rud dúradh anseo inniu.

The sub-committee adjourned at 12 noon sine die.