Oireachtas Joint and Select Committees

Thursday, 3 October 2013

Committee on Environment, Culture and the Gaeltacht: An Fochoiste um an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus Rudaí Gaolmhara

Ag Spreagadh na Gaeilge ar fud na Tíre: Plé

11:00 am

Síomha Ní Mhuirí:

Táimíd ag obair i gcomhpháirt le chéile ar an scéim seo. Nílim ach chun cur leis an méid a bhí le rá ag Siún Ní Dhuinn, trí chur síos a dhéanamh ar na difríochtaí a bhaineann leis an scéim sna bunscoileanna. Tá an taobh seo den fheachtas á eagrú ag Gael-Linn. Tá critéir difriúla agus cuspóirí beagáinín níos éagsúla i gceist sna bunscoileanna. Ba mhaith liom dul tríd an fhís atá againn agus na critéir éagsúla atá i gceist sna bunscoileanna. Is í an fhís atá againn sna bunscoileanna ná go gcothófar meas ar an nGaeilge sa scoil iomlán; go múinfear Gaeilge trí mheán na Gaeilge ar feadh 40 nóiméad; go mbainfear leas as curaclam na bunscoile chun comhrá Gaeilge a fhreastalaíonn ar riachtanais na bpáistí a mhúineadh; agus go gcuirfear ar chumas na bpáistí an Ghaeilge a fhoghlaimíonn siad a labhairt go spontáineach eatarthu féin. Teastaíonn uainn go mbeidh an Ghaeilge á labhairt acu lasmuigh den rang le pobal na scoile agus lasmuigh den scoil le tuismitheoirí agus príomhoidí, srl.

Tá an scéim seo dírithe ar bhunscoileanna ina múintear trí mheán an Bhéarla. Tá sé i gceist againn tacú leis an obair a dhéanann múinteoirí cheana féin ag múineadh na cúrsaí comhrá Gaeilge atá leagtha síos ag an Roinn Oideachais agus Eolaíochta agus atá mar chuid den phlean scoile agus den ghnáth lá oibre. Teastaíonn uainn comhrá Gaeilge a spreagadh mar chuid nádúrtha de shaol na scoile. Ba cheart go mbeadh foirmlí teanga áirithe a bhaineann le gnáthaimh - mar shampla, glaoch rolla, lón, glanadh suas, dul i líne - aontaithe sa phlean scoile agus in úsáid ó rang go rang agus ó bhliain go bliain. Ba chóir deiseanna rialta a chur chun cinn a mheadódh foclóir agus úsáid na Gaeilge ag pobal na scoile idir mhúinteoirí agus dhaltaí. Ta sé i gceist ról lárnach na dtuismitheoirí a aithint, a dtacaíocht agus a gcomhpháirtíocht a mhealladh trí iad a chur ar an eolas faoin scéim agus ábhair idirghníomhacha, ar nós CDanna, a chur abhaile chun cabhrú leo.

Bronnfar Gaelbhratach le cur ar taispéaint lasmuigh de scoil a léireoidh go mbíonn an Ghaeilge in úsáid mar theanga bheo ag páistí agus foireann na scoile sin. Scéim dhá bhliain atá i gceist. Bronnfar teastas ar an scoil sa chéad bhliain i ndiadh cuspóirí áirithe a bhaint amach. Má leanann an scoil ar aghaidh agus an scéim a fhorbairt sa dara bliain, bronnfar Gaelbhratach le crochadh taobh amuigh den scoil. Tá na critéir mheasúnaithe a bhaineann leis na bunscoileanna cineál mar a gcéanna leis na critéir a bhaineann leis na hiarbhunscoileanna. Caithfidh na bunscoileanna riachtanais ghinearálta a chomhlíonadh. Arís, caithfear sé chinn as liosta eile a roghnú mar spriocanna don bhliain.

Is iad na riachtanais ghinearálta atá ag teastáil ná go mbeadh an scoil iomlán, ina measc chuile mhúinteoir agus chuile dhalta, páirteach sa scéim. Ba cheart go mbeadh na tuismitheoirí agus an príomhoide ar an eolas faoin scéim agus ag tacú leis, agus go mbeadh coiste agus páistí páirteach sa scéim. Tá sé riachtanach do na bunscoileanna go mbeadh múinteoir nó dhó ar an gcoiste, os rud é nach feidir leis na páistí amháin é a dhéanamh. Ba chóir go mbeadh ball fóirne ainmnithe mar theagmhálaí agus go múinfear an Ghaeilge trí mheán na Gaeilge i gcónaí. Ba cheart go mbeadh plean scoile don chúrsa comhrá Gaeilge le leaganacha aontaithe ag an bhfoireann de na beannachtaí agus na béasa. Bainfeadh na nósanna seo le breithlaethanta, le féilte, le imeachtaí laethúla ar nós am lóin, am rolla, am líne agus am dul abhaile; agus le chúrsaí aimsire srl. Ba cheart go mbeadh téama roghnaithe ag an scoil gur féidir leanacht leis. Beidh acmhainní curtha ar fáil againn dóibh.

Tá sé riachtanach chomh maith go mbeadh plean don Ghaeilge i dtimpeallacht na scoile, go mbeadh frásaí le feiceáil agus le cloisteáil in úsáid agus go mbeadh comharthaí dátheangacha in úsáid, ionas go mbeidh an Ghaeilge níos sofheicthe. D’fhéadfaí é seo a cheangal leis na téamaí agus beannachtaí, srl. Ba cheart go mbeadh na tuismitheoirí páirteach san obair. Is féidir é seo a dhéanamh trí ábhair ar nós frásaí na seachtaine, dánta, rannta agus scéalta ar CDanna a chur abhaile ionas go mbeidh na tusmitheoirí ar an eolas orthu. Mar a dúirt mé níos luaithe, beidh ábhair idirghníomhacha ar fáil le tacú le tuismitheoirí nach bhfuil mórán muinín acu as a gcuid Gaeilge féin. Ba chóir go mbeadh múinteoirí tánaisteacha páirteach san obair agus go mbeadh béim ar feasacht teanga. Cuirfimid ceardlann mar gheall ar fheasacht teanga ar siúl do na múinteoirí uilig atá ag glacadh páirt san fheachtas seo.

Beidh na scoileanna in ann spriocanna don bhliain a roghnú as liosta de sé chinn. Baineann an chéad cheann le tionól scoile – tá sé i gceist go mbeadh tús agus críoch na réamhbhainistíochta trí Ghaeilge maraon le haon amhrán, rann, dán, nó suantraí, srl., a bheadh in úsáid. Ba cheart go mbeadh na hardranganna ag cabhrú leis na ranganna níos óige. Ní gá go mbeadh an tionól iomlán trí Ghaeilge, ach go mbeadh tús agus deireadh an tionóil déanta trí mheán na Gaeilge. Ba chóir go mbeadh rang ceoil faoi leith i gceist, le hamhráin, suantraithe agus rannta Ghaeilge mar chuid den rang. Ba cheart an Ghaeilge a nascadh le cuid den rang ceoil, mar shampla trí frásaí ar nós "caithfimid éisteacht go gcloisfimid an nóta seo ar an veidhlín” a úsáid. Beidh sceitseanna, rólghlacadh agus puipéid ag léiriú úsáid na frásaí agus na nathanna úsáideacha sna ranganna, fiú muna rang Gaeilge atá i gceist. Ba cheart go mbeadh ranganna ar nós drámaíocht, ceol agus tíreolaíocht uilig nascaithe ionas go mbeidh a fhios ag na páistí gur féidir an Ghaeilge a úsáid lasmuigh den rang Gaeilge.

Tá sé i gceist freisin go mbeidh cluichí nó cláir léitheoireachta faoi leith curtha i bhfeidhm. Ba cheart go mbeadh cluichí sa chlós i rith am sosa, nó taobh istigh nuair atá sé ag cur báistí, déanta trí mheán na Gaeilge. Arís táimid ag smaoineamh go gcabhróidh na hardranganna leis na bunranganna. Ba chóir go mbeadh greamaitheoirí agus an teanga leo. I gcás Amhrán na bhFiann, múinfear an chúrfá mar thús suas go Rang 3, agus an véarsa sna ranganna níos airde. Ba cheart go mbeadh ealaín agus obair chruthaitheach i nGaeilge feiceáileach timpeall na scoile, go mbeadh bainistíocht ranga i gcoitinne trí Ghaeilge agus go mbeadh teagmháil le scoil eile, le Gaelscoil nó le scoil Gaeltachta chun cuairt agus imeachtaí trí Ghaeilge a eagrú. B'fhéidir gur féidir é seo a dhéanamh sna hiarbhunscoileanna freisin. Ba cheart go nglacfadh an scoil páirt i gcomórtas Gaeilge agus an Ghaeilge in úsáid, mar shampla na comórtais a eagraíonn an chumann scoildrámaíochta nó Comhaltas Ceoltóirí Éireann. Tá sé i gceist go mbeadh scéim chomrádaithe ina mbeadh páistí as na hardranganna agus páistí as na ranganna níos óige ag comhoibriú trí Ghaeilge i gcomhthéacs cluichí clóis, damhsa, corpoideachas agus comhaireamh na gcéimeanna, srl. Ba cheart go mbeadh páistí in ann cuairteoirí a fháiltiú agus a bheannú le cúpla focal Gaeilge ar nós "Dia dhuit" nó "Cé chaoi a bhfuil tú". D'fhéadfadh an scoil seó faisean le tráchtaireacht i nGaeilge a eagrú.