Oireachtas Joint and Select Committees

Thursday, 19 September 2013

Committee on Environment, Culture and the Gaeltacht: An Fochoiste um an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus Rudaí Gaolmhara

Cur i nGníomh Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030: Plé le Conradh na Gaeilge

3:15 pm

Mr. Julian de Spáinn:

Maidir leis an dara leibhéal, ba chóir go mbeadh dhá ábhar Gaeilge ann don ardteist, ceann amháin ag díriú ar an Ghaeilge mar teanga fheidhmeach agus ba chóir go dtabharfadh gach dalta faoin ábhar sin. Ag an am céanna, ba chóir go mbeadh cúrsa eile ann a bheadh bunaithe ar an litríocht agus araile. Bheadh an cúrsa sin ann do Ghaelcoláistí agus sna Gaeltachtaí agus i scoileanna in ar mhaith leo an cúrsa sin a dhéanamh. Sa tslí sin, bheadh cur chuige comhtháite againn ó thaobh oideachas na Gaeilge le daoine óga a spreagadh sa Ghaeilge chun rudaí ar nós an rud atá ar siúl i gColáiste Lurgan le ceol, a dhéanamh. Cén fáth nach ndéanfadh muid é sin i mbunscoileanna na tíre ar fad? Tá seo luaite sa straitéis, ach níl aon rud uaillmhianach luaite sa phlean forfheidhmithe atá ag an Roinn Oideachais agus Scileanna. Is gá sin a athrú, ach conas is féidir é a athrú? Má tá struchtúr ann gur féidir leis na geallsealbhóirí ar fad a bheith páirteach ann, cuirfidh muide na pointí sin chun tosaigh in áit nach bhfeicfidh stát seirbhísigh, b'fhéidir, an tábhacht a bhaineann leis na moltaí sin.