Oireachtas Joint and Select Committees

Thursday, 19 September 2013

Committee on Environment, Culture and the Gaeltacht: An Fochoiste um an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus Rudaí Gaolmhara

Cur i nGníomh Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030: Plé le Conradh na Gaeilge

2:55 pm

Mr. Julian de Spáinn:

Luaigh an Teachta Tóibín freisin an bac atá ann maidir leis an struchtúr a molann muide a chur ar bun agus céard is féidir le Teachtaí Dála agus an comhchoiste a dhéanamh le cabhrú lenár gcás. Má thagann an coiste amach go láidir agus go soiléir ag rá go n-aontaíonn sé go bhfuil géarghá le struchtúr a chur ar bun, bheadh sé deacair don Aire agus don Roinn an ráiteas sin a dhiúltiú agus gan cabhrú linn. Tagann seo ar ais go dtí an rud a bhí á rá ag an Seanadóir Cáit Keane freisin. Táimid anseo inniu agus le trí bliain anuas táimid ag ofráil ár gcuid cabhrach, ár gcuid acmhainní agus ár gcuid tacaíochta. Táimid ag iarraidh seo a dhéanamh le chéile, i bpáirt leis na húdaráis.

Mar a luaigh tánaiste Chonradh na Gaeilge níos luaithe, nuair a cuireadh an straitéis le chéile, bhíomar páirteach sa phróiseas sin. Bhí gach duine san earnáil páirteach sa phróiseas. Cuireadh leibhéil éagsúla ar bun chun go mbeadh muid ar fad páirteach, polaiteoirí, an pobal agus gach dream. Chomh maith le sin, cuireadh fóram ar bun chun go mbeadh na geallsealbhóirí timpeall an bhoird. B'shin sampla den cineál struchtúir a bhféadfaí a chur ar bun amach anseo. Cuireadh Fóram na Gaeilge ar bun roimhe seo chun go mbeadh na geallsealbhóirí timpeall an bhoird. Is féidir an struchtúr a molann muid a chur le chéile agus is féidir é a dhéanamh go simplí. Ní chosnódh sé airgid ach a mhalairt - sábhálfadh sé airgead, mar bheadh muid in ann na cinntí nó na moltaí a chur ar aghaidh go dtí na hAirí ar fad.

Maidir leis na ceisteanna faoi "Uisce Éireann" agus tacsaithe agus araile, táimid ag caitheamh i bhfad iomarca ama ag plé na ceisteanna sin laistigh de Chonradh na Gaeilge. Cloisim gearán i ndiaidh gearán ó daoine den phobal faoi nach bhfuil seo nó siúd ceart, mar gheall go bhfuil easpa cur chuige comhtháite ag an Rialtas seo maidir le húsáid na Gaeilge agus rudaí simplí ar nós "Uisce Éireann". Tá tionscadal eile ag teacht go luath - cód phoist na hÉireann - agus táimid ag súil go mbeidh sé ceart agus cóir, ach nílimid cinnte go mbeidh. Mar sin, is gá dúinn strucáil a dhéanamh. Tá na cóid phoist ag teacht, ach an mbeidh siad bunaithe ar na logainmneacha Gaeilge nó Béarla, mar tá siad le bheith bunaithe ar na logainmneacha? Arís, d'fhéadfaí ísliú stádais a thabhairt don Ghaeilge arís leis na cóid phoist. Ar an lámh eile, dá mbeadh muid ag feidhmiú le spiorad na straitéise, d'fhéadfaí spreagadh a thabhairt don Ghaeilge dá mbeadh na cóid phoist bunaithe ar na logainmneacha Gaelacha. Dá mbeadh gach Roinn ag déanamh a leithéid de rud ionas nach mbeadh orainne dul i ndiaidh gach Roinn chun an rud ceart a dhéanamh ó thaobh na teanga agus na straitéise de, táim cinnte go mbeadh muidne ag caitheamh i bhfad níos mó ama ag cruthú an éilimh do na seirbhísí atá ar fáil trí Ghaeilge agus ag spreagadh daoine le níos mó Gaeilge a úsáid.

Luaigh an Teachta Ó Cuív - is cinnte go bhfuil an ceart aige - gur gá dúinn an straitéis ina iomlán a chur i bhfeidhm. Níl aon amhras orm faoi sin. Nuair a foilsíodh an straitéis don chéad lá, ní hé gur cheap pobal na Gaeilge agus Gaeltachta go raibh sí foirfe nó gur í an rud is láidre a tháinig amach don Ghaeilge riamh. Ach thacaíomar leis an straitéis mar chonaiceamar go raibh sí mar bhunús nó bun straitéis a chabhródh leis an Ghaeilge a chur chun cinn agus na spriocanna atá luaite inti a bhaint amach. Ní sin le rá nach bhféadfaí feabhas a cur ar an straitéis nó níos mó a leagaint amach inti. Maidir le cuid den straitéis a fhágaint ar lár, ní dóigh liom gur féidir sin a dhéanamh. An moladh atá agam ná go mbreathnódh an comhchoiste seo ar an straitéis líne ar líne agus go n-oibreodh sé amach na costais a bhaineann leis an stratéis. Bheadh sé an-cabhrach dá mbeadh costáil déanta ar an straitéis ionas go bhféadfadh muid breathnú ar na costais a bhaineann léi agus conas gur féidir íoc astu sa chéad 20 bliain eile. Bheadh sé fiúntach a leithéid de rud a dhéanamh. Cabhródh sin go mór leis an straitéis a chur i gcrích.

Mar a dúirt mé, caithfimid obair i bpáirt le chéile. Sin an rud is tábhachtaí. Táimid anseo inniu ag ofráil ár gcuid tacaíochta agus ár gcuid seirbhísí chun cabhrú le cur i bhfeidhm na straitéise.