Oireachtas Joint and Select Committees
Thursday, 19 September 2013
Committee on Environment, Culture and the Gaeltacht: An Fochoiste um an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus Rudaí Gaolmhara
Cur i nGníomh Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030: Plé le Conradh na Gaeilge
2:55 pm
Mr. Feargal Ó Cuilinn:
D'ardaigh an Teachta Tóibín ceist faoi na meáin Gaeilge. Níl aon dabht ach gur buille ollmhór cailliúint na meáin clóite. Tá sé léirithe againn in ár moltaí go bhfuil imní ar phobal na Gaeilge chomh maith maidir leis an cur chuige atá le feiscint i dtaobh TG4. Is amhail agus a rá gur iontach an jab atá á dhéanamh aige ar phinginí beaga ach go gcaithfidh sé leanacht ar aghaidh ar na pinginí beaga. Ag an am céanna, tá sé ráite le RTE gur féidir leis breis airgid a lorg, agus gach seans go gcuirfer ar fáil é. An imní atá ar phobal na Gaeilge ná go bhfuil RTE ag iarraidh a dualgaisí reachtaíocht faoin Bille craolacháin a sheacaint tríd a rá go bhfuil sé ag cur an seirbhís nuachta ar fáil do TG4 i mBaile na hAbhann agus nach bhfuil aon craoladh eile i nGaeilge ar fáil.
Maidir le costais, nuair a tháinig an ardán digiteach chun cinn rinneamar moladh le RTE maidir le caighdeán, leibhéal nó céatadán áirithe maidir le Gaeilge a chur ar an ardán sin do leanaí - ní rabhamar á lorg fiú do Ghaeilgeoirí os cionn 12 bliain - diúltaíodh é sin, cé nach mbeadh aon costas breise leis an soláthar sin. Is ceist í seo faoi mheon agus dhearcadh. Dúradh go bhfuil cur chuige àla carte á thógaíl maidir leis an straitéis, ach creideann muid go láidir dá mba rud é go ndéanfadh an coiste seo soiléir go bhfuil an straitéis ceangailteach. Is dóigh linn nach mbeadh an leithscéal nó an dearcadh sin le feiscint ansin sna seirbhísí poiblí.
Ardaíodh ceist faoin ghaelscolaíocht. Tá sé ráite go bhfuil 25% de thuismitheoirí ag lorg gaelscolaíchta dá bpáistí. Tá an córas ó thaobh soláthar Gaelscolaíochta tar éis athrú agus tá an Roinn Oideachais agus Scileanna tar éis seilbh a thógaint ar an gcinneadh maidir le bunadh scoileanna nua agus na costais a bhaineann leo. D'éirigh le ceantair áirithe teacht ar an ngaelscolaíocht, ach níl aon freastal ar éilimh tuismitheoirí lasmuigh de pleananna na Roinne agus tá agus beidh an fhadhb sin ann go dian.
Maidir le deirfiúr an Theachta a chuaigh go Corca Dhuibhne ag cur feabhais ar a cuid Gaeilge, rud eile a eascraíonn as an gnó a bhaineann le cuairteoirí go dtí na Gaeltachtaí, más ábhar oide iad a théann ann chun Gaeilge a fhoghlaim nó daoine mar an 80 daoine a thógas ar saoire go Corca Dhuibhne i mí Lúnasa, ná gur buntáiste ollmhór é sin d'eacnamaíocht na Gaeltachta, ceantair atá fós imeallach agus faoi mhíbuntáiste eacnamaíochta agus sóisialta, toisc go bhfuileadar chomh imeallach ón chuid eile den tír. Má chreideann éinne go bhfuiltear ag sábhailt airgid trí gan daoine a chur go dtí an Ghaeltacht, beidh orthu an bearna sin san eacnamaíocht a líonadh agus teacht ar an airgead ó áit éigin eile sa Státchóras. Filleann seo arís freisin ar an gceist i dtaobh ábhar oidí agus an méid ama gur cóir dóibh a chaitheamh sa Ghaeltacht.