Oireachtas Joint and Select Committees

Thursday, 19 September 2013

Committee on Environment, Culture and the Gaeltacht: An Fochoiste um an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus Rudaí Gaolmhara

Cur i nGníomh Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030: Plé le Conradh na Gaeilge

2:25 pm

Mr. Feargal Ó Cuilinn:

D'ardaigh an Seanadóir Ó Clochartaigh ceist eile faoin Roinn a bheith tiomanta don straitéis. Bheadh muide agus pobal na Gaeilge den tuairim go bhfuil feidhmeannaigh agus iad siúd atá ag obair sa Roinn an-tiomanta don straitéis. Bhíodar an-lárnach maidir le dréacht na straitéise. Bhí gach duine páirteach ann agus thacaigh gach páirtí polaitiúil leis. Ach, conas is féidir fáil tríd in áit nach bhfuil aon airgead acu. Baineadh an buiséad uathu agus chun a bheith féaráilte dóibh, tá sé deacair dóibh an straitéis a chur i bhfeidhm gan tacaíocht ón Stát. Ní fiú dúinn straitéis a chur le chéile agus infheistíocht a dhiúltiú leis an straitéis sin a chur i bhfeidhm.

Maidir le plé an phobail leis na Ranna Stáit éagsúla agus an cheist faoi an bhfuil siad ar fad tiomanta don straitéis, an taithí atá ag pobal na Gaeilge sa Ghaeltacht agus lasmuigh den Ghaeltacht leis na Ranna is mó lena mbíonn muid ag plé, ar nós an Roinn Oideachais agus Scileanna, ná go bhfuil fadhbanna ann. Tá a fhios againn ó thuairisc an Choimisinéara nach bhfuil ach líon fíor bheag de chainteoirí Gaeilge fostaithe sa Roinn Oideachais agus Scileanna. Caithfear breathnú ar sin agus caithfear sin a athrú. Maidir le tuismitheoirí Gaeltachta, níl aon dabht ach gur é an Roinn Oideachais agus Scileanna an Roinn is tábhachtaí dóibh maidir le sealbhú teanga a bpáistí. Tá ról ag scoileanna Gaeltachta, leagtha amach faoi An tAcht Oideachais, 1998, ina ndeirtear go bhfuil ról lárnach acu ag cothú an Ghaeilge mar theanga phobail sna Gaeltachtaí, ach ní féidir leis na scoileanna sin é sin a bhaint amach gan treoir ón Roinn Oideachais agus Scileanna.

Mholadh muide don Roinn scoileanna Gaeltachta a bhrú anois chun an cur chuige tumoideachas a bheith acu sna scoileanna, ionas go mbeidh an Ghaeilge amháin mar teanga cumarsáide. Faoi láthair, tá meascán de Bhéarla agus Gaeilge agus cuirtear aistriúcháin ar fáil do daltaí atá ag freastal ar na scoileanna ach nach bhfuil Gaeilge acu sa mbaile. Níl aon chostas ag baint leis na rudaí seo a dhéanamh agus níl aon leithscéal ag aon Roinn le rá go gcosnóidh seo airgead, mar ní chosnóidh sé pingean breise. Caithfimid seo a dhéanamh má táimid chun an Ghaeilge agus an Ghaeltacht a shábháil. Tuigim go bhfuil muid go léir buartha faoi chostais na straitéise, ach tá an-chuid sa straitéis gur féidir linn a dhéanamh gan aon chostas breise. Ní cur chuige àla carte é sin. Is cur chuige é atá bunaithe ar an dea-chleachtas is fearr.