Oireachtas Joint and Select Committees

Thursday, 19 September 2013

Committee on Environment, Culture and the Gaeltacht: An Fochoiste um an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus Rudaí Gaolmhara

Cur i nGníomh Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030: Plé le Conradh na Gaeilge

2:10 pm

Mr. Julian de Spáinn:

Go raibh maith agat a Leas-Chathaoirligh agus go raibh maith ag an chomhchoiste as an deis a thabhairt dúinn labhairt inniu. Tá mé chun labhairt as Gaeilge ach táimid in ann glacadh le ceisteanna as Béarla, ar ndóigh, má thagann aon duine eile chuig an chruinniú níos déanaí. Tá a fhios agam go bhfuil Gaeilge againn ar fad atá anseo faoi láthair ach má thagann aon duine eile isteach is féidir liom ceist a fhreagairt as Béarla.

Tá Conradh na Gaeilge an-bhuíoch as an deis seo a fháil labhairt leis an gcoiste inniu. Tá nach mór gach moladh atá le déanamh agam inniu leagtha amach san aighneacht a cuireadh chuig an gcoiste níos luaithe sa tseachtain. Tá sé an-tábhachtach a rá go bhfuilimid anseo inniu le tuairimí phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta a chur in iúl don fhochoiste, mar atá siad curtha in iúl dúinn le trí bliana anuas. Táimid anseo mar go gcreidimid go macánta go mbaineann fadhbanna dochreidte móra le cur i bhfeidhm na straitéise. Ba mhaith linn na fadhbanna sin a réiteach i bpáirt leis na húdaráis seachas i gcoimhlint leo.

Ba mhaith linn an Comhchoiste um Chomhshaol, Cultúr agus Gaeltacht a mholadh as an bhfochoiste seo - an Fochoiste um an Straitéis 20 bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus Rudaí Gaolmhara - a bhunú. Ní chóir go mbeadh an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, nó aon Roinn Stáit eile, ag déanamh monatóireacht ar an dul chun cinn atá déanta acu féin. Ní bheadh sé cothrom orthu. Ní bheidís in ann tuairisc neamhspleách neamhchlaonta a chur ar fáil. Is maith an rud é, mar sin, go bhfuil an fochoiste seo ag cur tús leis an monatóireacht. Tá súil againn, mar atá molta againn san aighneacht, go bhfaighidh an coiste tacaíocht leanúnach dá gcuid oibre amach anseo ó leithéidí Oifig an Chiomisnéara Teanga, a bhfuil an taithí acu ar mhonatóireacht neamhspleách leanúnach a dhéanamh ar obair na Ranna.

Is dócha gur thug an coiste faoi deara ón aighneacht go bhfuil go leor moltaí á dhéanamh againn maidir le cur i bhfeidhm, nó easpa cur i bhfeidhm, na straitéise le trí bliana anuas. Ba mhaith liom díriú ar trí ábhar ach go háirithe - an struchtúr easnamhach atá curtha ar bun ag na húdaráis leis an straitéis a chur i bhfeidhm; an lagú atá déanta ar na hinstitiúid Gaeilge agus Gaeltachta le trí bliana anuas; agus na pleananna forfheidhmithe ó na Ranna Rialtais leis an straitéis a chur i bhfeidhm a foilsíodh i mí Iúil 2013. Tá céim bhunaithe na straitéise curtha i gcrích de réir cainte le déanaí ó Aire Stáit na Gaeltachta. Tá coistí idir-rannach bunaithe agus pleananna forfheidhmithe ag na Ranna Rialtais éagsúla. Tá, áfach, faillí dholeithscéil déanta ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta sa chéim bhunaithe seo trí na Gaeilge agus na Gaeltachta a fhágáil lasmuigh d'aon struchtúr oifigiúil leis an straitéis a chur i bhfeidhm.

Tuigeann muid in Éireann gurb é an cur chuige is fearr le dul chun cinn a dhéanamh ná comhpháirtíocht idir na húdaráis agus na geallshealbhóirí ar fad. Ta sé seo le feiceáil go forleathan in Éireann. Mar shampla, tá cur chuige comhpháirtíochta den chineál seo le feiceáil sa tríú leibhéal - bíonn ionadaíocht ar bhoird na húdaráis oideachais ó na mic léinn, ó na coláistí, ón earnáil ghnó agus ó gheallshealbhóirí eile. Tógann na grúpaí éagsúla na cinntí i bpáirt le chéile. Is féidir neart samplaí eile i sochaí na hÉireann a lua chomh maith. Mar sin, cén fáth nach bhfuil an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta sásta glacadh leis an bpríomhmholadh atá déanta againn le trí bliana anuas? Tá sé ráite againn gur chóir struchtúr ardleibhéil a bhunú idir na húdaráis agus na heagraíochtaí pobail Gaeilge agus Gaeltachta, áit ina ndéanfar na moltaí sula gcuirtear ar aghaidh chuig na hAirí cuí iad.

Táimid ag moladh ionadaíocht ar na struchtúir seo ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, ó Fhoras na Gaeilge, ó Údarás na Gaeltachta, ón gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, ó shaineolaithe aitheanta pleanála teanga agus ó na heagraíochtaí pobail Gaeilge agus Gaeltachta. In áit struchtúr mar seo a chur ar bun, tá sé i gceist ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta seimineár a eagrú leis na geallsealbhóirí. Ní leor é sin. Is léir ón taithí atá againn go dtí seo gur féidir éisteacht a fháil - cinnte - ó na húdaráis, ach ní ionann sin agus a rá go dtógfar ar bord na pointí a dhéanann muid. Mar shampla, mhol Conradh na Gaeilge agus Guth na Gaeltachta 64 leasú ar an mBille Gaeltachta ach níor glacadh le haon cheann díobh. Tá an pobal Gaeilge agus Gaeltachta lánsásta bheith ag obair go dlúth leis an Stát leis an straitéis a bhaint amach, ach is gá struchtúr riachtanach ardleibhéil a chur ar bun eadrainn le cinntiú go mbeidh pleanáil éifeachtach agus éifeachtúil i gceist ón mbun aníos.

Ní féidir dul chun cinn feidhmiú na straitéise a mheas gan an lagú atá déanta ar institiúidí na Gaeilge agus na Gaeltachta le trí bliana anuas a thógáil san áireamh. Is é an lagú is bunúsaí atá déanta ar gach institiúid, eagraíocht agus gníomhaireacht Stát Gaeilge agus Gaeltachta ná go bhfuil laghduithe suntasacha tagtha ar a mbuiséid. Tuigeann Conradh na Gaeilge go maith go bhfuil an tír i dtrioblóid ó thaobh airgid de. Ba cheart don Rialtas dearcadh fadradharcach a ghlacadh. Mura éiríonn leis an Rialtas bunús ceart a chur leis an straitéis anois, déanfar dochar dochreidte, go háirithe don Ghaeltacht, dochar a chosnóidh i bhfad níos mó airgid lena chur i gceart amach anseo.

Aithníonn Conradh na Gaeilge go ndearna an Rialtas seo cinneadh dearfadh le hÚdarás na Gaeltachta a choinneáil. Céard is fiú gníomhaireacht Stát mar seo a choinneáil agus laghdú de 75% curtha i bhfeidhm ar a buiseád chaipitil ón mbliain 2008? Más é ceann de phríomhrólanna Údarás na Gaeltachta ná fostaíocht a chruthú sa Ghaeltacht, nár chóir maoiniú breise a chur ar fáil don údarás i rith na blianta deacra fostaíochta, mar a rinneadh i gcásanna Fiontraíocht Éireann agus IDA Ireland? In ionad é sin a dhéanamh, baineadh an bunús de bhuiséad an údaráis agus ag an am céanna, tugadh cúram ollmhór nua don údarás chun pleanáil teanga sa Ghaeltacht a eagrú. Is gá an buiséad caipitil a mhéadú agus maoiniú faoi leith a chur ar fáil don phleanáil ríthábhachtach seo a bheidh ar siúl idir na húdaráis agus na heagraíochtaí pobail sa Ghaeltacht.

Dar ndóigh, tá uafás leanúnach ar phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta mar gheall ar an bplean atá ann an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta a chónascadh leis an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta. Tá sé i gceist freisin cónascadh a dhéanamh idir Oifig an Choimisinéara Teanga agus Oifig an Ombudsman, institiúidí lena mbaineann tábhacht faoi leith. Tá muinín ag pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta iontu. Níl aon buntáiste le baint as iad a chónascadh, ach a mhalairt de sin. Tá baol ann do éifeacht agus do chumas na n-institiúidí amach anseo. Ba chóir an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta a dícheangail ón gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta láithreach agus gan dul ar aghaidh le haon chónascadh idir Oifig an Choimisinéara Teanga agus Oifig an Ombudsman.

Tugadh gealltanas sa straitéis craoltóireacht na Gaeilge a láidriú, ach níl rian den ghealltanas sin le feiceáil sa mholadh a rinneadh sa tuairisc "Athbhreithniú 5 bliana ar Mhaoiniú Poiblí, a d'fhoilsigh Údarás Craolacháin na hÉireann le déanaí. Moltar sa tuairisc go bhfuil TG4 ag feidhmiú go héifeachtach, ach iarrtar orthu plean nua a chur le chéile gan breis maoinithe a lorg. Ag an am céanna, tá sé ráite sa thuairisc gur féidir le RTÉ breis maoinithe a lorg. Níl aon rud cóir ná ceart faoin idirdhealú atá déanta idir RTÉ agus TG4. Níl an moladh seo ag teacht leis an ngealltanas sa straitéis.

Is oth le Conradh na Gaeilge go bhfuil, ar an iomlán, easnaimh mhóra sna pleananna forfheidhmithe a foilsíodh i mí Iuíl 2013 chun an straitéis 20 bliain a chur i bhfeidhm. Is gá don Rialtas breis acmhainní a chur ar fáil. Ní mór dóibh a bheith níos uaillmhianaí sna spriocanna a leagann siad amach. Ba chóir é seo a chur san áireamh maidir leis na pleananna. Tá go leor sna pleananna atá ar siúl cheana féin ag na ranna éagsúla, cosúil le scéim na gcúntóirí teanga nó scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge. Tá easpa spriocanna dúshlánacha intomhaiste iontu. Mar shampla, ba chóir go mbeadh plean cuimsitheach le fáil réidh leis an maolú ar stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach faoi 2016. Ba chóir scéim phíolótach a bhunú in 2013 chun tús a chur le roinnt ábhair phríomhshrutha a theagasc trí Ghaeilge i ranganna na naíonán, sna blianta láir agus sna hardbhlianta sa bhunscoil.

Ba cheart fágadh ar lár aon tagairt do na drochchinntí a glacadh, ar nós deireadh a chur leis an deontas d'ábhar oidí le freastail ar chúrsaí sa Ghaeltacht nó an cinneadh gan cur leis an tréimhse sa Ghaeltacht go suntasach. Os rud é gur chuireadh bliain breise leis an tréimhse oiliúna d'ábhar múinteoirí, ar an iomlán tá an méid céanna ama á chaitheamh ag ábhair múinteoirí sa Ghaeltacht. Caitheann siad 3.33% den chúrsa iomlán sa Ghaeltacht agus ní leor sin. Níos measa ná sin, tá go leor tagairtí do spriocanna tábhachtacha a leagadh amach sa straitéis nach dóigh leis na Ranna éagsúla go mbeidh a leithéid indéanta sa ghearrthéarma go meántéarma. Níl aon ceann de na costais fhéideartha luaite leo agus ní fios dúinn an ndearnadh costáil orthu riamh. Ba chóir athmheas a dhéanamh ar spriocanna ar nós forbairt an ionaid acmhainní oideachais Ghaeilge i mBaile Bhúirne agus spriocdátaí a chur leo.

Tá 21 moladh le cur i bhfeidhm na straitéise a cur ina gceart leagtha amach san aighneacht a cuireadh chuig an gcoiste. Mar a luaigh mé ag an tús, tá sé ríthábhachtach aitheantas a thabhairt do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta mar gheallshealbhóirí i gcur i bhfeidhm na straitéise agus struchtúr ardleibhéal a chur ar bun idir na geallshealbhóirí ar fad. Is féidir linn na fadhbanna a a cruthaíodh go dtí seo a réiteach i bpáirt le chéile. Nil aon dabht againn ná go mbeadh cur chuige comhtháite i bhfad níos éifeachtaí amach anseo dá mbeadh a leithéid de struchtúr curtha ar bun. Thabharfadh sé seo seilbh na straitéise ar ais go dtí na geallshealbhóirí ar fad.