Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 9 July 2013

Committee on Environment, Culture and the Gaeltacht: Select Sub-Committee on Arts, Heritage and the Gaeltacht

Estimates for Public Services 2013
Vote 33 - Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht (Revised)
Vote 34 - National Gallery of Ireland (Revised)

6:20 pm

Photo of Seán Ó FearghaílSeán Ó Fearghaíl (Kildare South, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Like Deputy Sandra McLellan, I had wondered whether the Minister of State was committing to multi-annual funding because that is what everyone is interested in with regard to the islands. Is he making such a commitment?

Tá dhá cheist eile agam ar an Aire Stáit. Cuirim iad ar son an Teachta Kitt, a bhí annso níos luaithe. Tá €6 milliún curtha ar fáil ins an Meastachán do Údaras na Gaeltachta. Sin ardú 1%, agus failtím roimhe sin. Cathain a bheidh an t-Aire Stáit in ann a rá go bhfuil Údarás na Gaeltachta ag feidmiú ar bhealach níos éifeachtaí de bharr gur cuireadh deireadh leis na toghcháin áitiúla agus go bhfuil an córas níos éifeachtaí ná mar a bhíodh sé?

Aithníonn Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge gur féidir le muintir áit ar bith an teanga a fhorbairt go dtí an pointe gur féidir aitheantas a thabhairt don áit mar Ghaeltacht. Tá sár obair déanta in áiteacha timpeall na tíre. Tá mé ag smaoineamh ar Mhuintir Chrónáin atá timpeall ar Ráth Cúil i gContae Bhaile Átha Cliath, mar shampla. I dtuairim an Áire Stáit, cathain a bhéadh an pointe scroichte ag pobal le go mbeifí in ann Gaeltacht nua a bhunú, ag tabhairt san áireamh an obair atá á dhéanamh ag daoine i dtaobh gaelscoileanna nó i dtaobh a leithéid agus Comhaltas Ceoltóirí Éireann, a luaigh an t-Aire níos luaithe? Tá áiteacha ina bhfuil gaelscoileanna, a bhfuil na tuismitheoirí go hiomlán tugtha don Ghaeilge agus do chultúr na Gaeilge agus ina bhfuil craobh de Chomhaltas Ceoltórí Éireann ag feidhmiú, agus mar sin de.