Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 9 July 2013

Committee on Environment, Culture and the Gaeltacht: Select Sub-Committee on Arts, Heritage and the Gaeltacht

Estimates for Public Services 2013
Vote 33 - Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht (Revised)
Vote 34 - National Gallery of Ireland (Revised)

6:20 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an Teachta.Tá Údarás na Gaeltachta ag feidhmiú go han-éifeachtach i láthair na huaire. Mar a thuigeann an Teachta, tá ísliú ar bhallraíocht bhord Údarás na Gaeltachta ó 20 ball go dtí 12 bhall. Aithníonn daoine go bhfuil coiste dáréag i bhfad níos éifeachtaí ná ceann le 20 ball, nuair ab fhéidir go mbeadh an iomarca cainte agus nach mbeadh an oiread sin gnímh. Déantar níos mó gnímh ag coiste atá níos lú agus níos éifeachtaí. Deirtear go minic nach bhfuil ach ochtar ar bhord General Motors i Meiricea, cé gur comhlucht ilnáisiúnta é. Tá dosaen ar bhord Údarás na Gaeltachta agus tá ionadaithe ag na ceantair Gaeltachta ar fad ansin.

Tá dhá fhreagracht ar Údarás na Gaeltachta. An chéad cheann ná freagracht fostaíochta. Sílim go bhfuil ag éirí leis an údarás é sin a dhéanamh. Is é an sprioc atá ag an údarás i mbliana ná 400 post a chruthú agus, chomh maith leis sin, 6,500 post atá ag cliantchomhluchtaí de chuid Údarás na Gaeltachta ina na ceantair Gaeltachta a chaomhnú. Má éiríonn leis an údarás é sin a dhéanamh tá mé sásta go bhfuil sé ag déanamh a chuid oibre go héifeachtach. De réir mar a thuigim, tá sé sin ag tarlú.

I mbliana, d'éirigh linn €6 milliún a chur ar fáil mar dheontas caipitil do Údarás na Gaeltachta, an méid céanna a bhí acu anuraidh. Níl sé chomh hard leis an deontas caipitil a bhí aige tá roinnt blianta ó shin, mar a thuigeann an Teachta. Tháinig titim uafásach air, ach tá €6 milliún ag an údarás agus tá acmhainní dá chuid féin aige de €3.6 milliún. Sin €9.6 milliún ar fad agus tá mé dóchasach gur féidir leis an údarás an sprioc fostaíochta a bhaint amach.

Tá freagracht eile ar an údarás chomh maith, sin freagracht Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge a chur i bhfeidhm. Tá sé sin á dhéanamh. Tá obair ar siúl ansin go laethúil. Tá €3.1 milliún curtha ar fáil don údarás fá choinne an teanga a cur ar aghaidh. Tá sé ag plé leis na pobail Gaeltachta i láthair na huaire ó cheann amháin den tír go dtí an cheann eile agus tá 26 ceantar Gaeltachta aimsithe ag Údarás na Gaeltachta mar cheantair pleanála teanga. Tá an obair ag dul ar aghaidh i gcomhroinn le Roinn s'agam féin.

Maidir leis na ceantair taobh amuigh den Ghaeltacht agus na líonraí Gaeltachta, luaigh an Teachta Muintir Chrónáin i gCluain Dolcáin. Thug mé cuairt ar an cheantar sin agus ar cheantair mar é i gContae an Chláir agus i gContae Ceatharlach. Tá ceantair ansin agus tá an Ghaeilge le feiscint iontu. Tá an fhreagracht ar Fhoras na Gaeilge an straitéis a chur i bhfeidhm taobh amuigh den Ghaeltacht. Tá Foras na Gaeilge ag díriú isteach ar cheantair cosúil le Cluain Dolcáin, le Ceatharlach, le hInis i gContae an Chláir agus le háiteacha eile ins an tír agus táimid chun cuidiú agus tacaíocht agus comhairle a thabhairt dóibh sin.

Ba mhaith liom, mar Aire Stáit, go mbeadh líonraí Gaeilge, nó líonraí Gaeltachta, ar fud na tíre taobh amuigh den Ghaeltacht féin. Bíonn ceangal go minic idir bhaile in Éirinn agus baile sa Fhrainc nó i Meiricea. D'fhéadfaí ceangal a bheith idir cheantar mar sin agus áit éigin sa Ghaeltacht, le mo cheantar féin, mar shampla, nó le ceantar i gConamara, i gCorcaí nó i gCiarraí. Tá Foras na Gaeilge ag díriú ar na ceantair seo atá ag gníomhú.

Tá cupla seachtain ó shin bhí sé de phribhléid agam a bheith ag Glór na nGael anseo i mBaile Átha Cliath agus tugadh aitheantas dos na ceantair seo, ins an Ghaeltacht agus taobh amuigh den Ghaeltacht, atá ag cur an teanga chun cinn.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.