Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 25 June 2013
Committee on Agriculture, Food and the Marine: Joint Sub-Committee on Fisheries
Fishery Management Plan: Discussion with Iascarí Intíre Cois Cladach na hÉireann
3:10 pm
Mr. John Connolly:
Gabhaim buíochas le baill an choiste uilig. Ceapaim gur seo an lá is fearr dúinn mar iascairí go dtí seo. Táim trí scór bliain d'aois agus táim ag plé le cruinnithe le 30 bliain. Ceapaim go bhfuil an cruinniú a bhí againn inniu ar cheann de na cruinnuithe is fearr a chonaic mé agus tá a fhios agam go dtiocfaidh rud éigin maith as, mar an dream atá timpeall an bhoird, is dream ón gcósta uilig iad, ar nós mé féin. Rugadh ar oileán mé agus tá suas le 50 bliain caite agam ar an bhfarraige. Thosaigh mé amach ag iascaireacht ag plé le gliomaigh, le b'fhéidir scór potaí. Sin an méid a bhí ag teastáil ag an am. Bhíodh muid in ann slí mhaireachtála a bhaint amach le sin. Is é sin le rá go raibh muid in ann ár dteanga, ár gcultúr agus ár n-oidhreacht a choinneáil beo inár gceantar. Anois, dá mbeadh 1,000 potaí amach agam, ní bheinn in ann slí mhaireachtála a bhaint amach.
Táim ag iascaireacht le 150 potaí anois faoi láthair. Chuile bhliain, tosaím ag iascaireacht ag deireadh mhí Márta go dtí Deireadh Fómhair. Sin an séasúr atá agam. I mbliana, ní dheachaigh mé ag iascaireacht go dtí amach san Aibreán go maith. Níl aon gliomaigh fanta mar séard atá ag tarlú ná go bhfuil báid móra ag fáil níos mó potaí chuile lá agus ag cur níos mó potaí chun farraige. Tá suas le 1,000 potaí amach ag cuid de na báid agus tá siad ag iascaireacht 12 mhí sa bhliain. Tá an stoc gliomach gar a bheith bailithe. Seans gur sin ceann de na fáthanna go bhfuil muide anseo, ag iarraidh go mbreathnódh muid amach don stoc éisc agus gliomach atá ann, an stoc a d'fhág ár n-athair agus ár mhuintir againn le n-iascaireacht. Ní bheidh mise in ann é sin a rá le mo chlann féin - gur fhág mé an stoc acu - mar ní bheidh aon stoc ann.
Tá súil agam go bh'féadfaidh an coiste seo rud éigin a dhéanamh don stoc gliomach. Tá an brú uilig ar iascaireacht na ngliomach. Stopadh iascaireacht na mbradán agus chuile cineál iascaireachta. Stopadh iascaireacht na bhfíogach - dogfish- fiú. Bhíodh muid ag plé le líonta agus le scadáin siar sna 70í nuair a bhí iascaireacht mhaith le déanamh. Bhí £20 le fáil ar bhosca scadán an t-am sin. Ar chúig bosca an t-am sin, bheadh pá sheachtaine ag duine. Tá sé sin uilig stopaithe anois.
Tá sé chomh maith a rá anois gur thíos in aerfort Chorcaigh atá an calafort is mó iascaireachta in Éirinn. Tá éisc agus gliomaigh ag teacht isteach ansin ó Cheanada agus tá a fhios agam go bhfuil go leor díobh sin ag dul amach arís mar gliomaigh Éireannacha go dtí an Fhrainc. B'fhéidir gur ceart breathnú isteach ansin agus féachaint an bhfuil sin ag tarlú. Bhí mé istigh i nGaillimh níl sé i bhfad ó shin i siopa éisc agus bhí boscaí ann le "Frozen at sea in Greenland" orthu.
Tá neart éisc timpeall an chósta. Bhí an t-iasc geal breá fairsing i mbliana. Tá an praghas tite i léig de bharr an méid éisc atá ag teacht isteach ó tíortha eile. Tá a fhios agam go gcaithfimid éisc a thabhairt isteach le haghaidh rudaí eile a dhíol amach. Chuir mé ceist an bhféadfar cuid de na gliomaigh atá ag teacht isteach ó Cheanada a stopadh ionas nach mbeidís ag dul amach as an tír seo mar ghliomaigh Éireannach. Bhíodh muid ag plé le cráifisceanna le fada. Bhíodh séasúr i gcónaí ann. Bhíodh muid ag plé le muiríní ag tús na bliana, b'fhéidir. Anois, muna bhfuil tú istigh sa chomarchumann, níl tú in ann plé leis an iascaireacht sin. Bhíodh mé ag plé leis na bradáin. Bhí mé ag baint slí maireachtáil astu, ach níl mé amuigh ar an fharraige anois. Is í an abhainn is giorra domsa ná abhainn atá thoir i mbéal Cuan Ros a' Mhíl. Tá 200 iascaire eile ansin - 200 rón ag béal na habhann - in áit mise a bheith taobh amuigh. Tá siad ag déanamh iascaireacht anois in áit muide a bheith ag plé le sruthlíonta.
Caithfear rud éigin a dhéanamh i dtaobh na rónta. Nuair a bhíonn mé ag iascaireacht mangaigh anois le darú nó ag iascaireacht ón talamh, tagann siad agus tógann siad an mangach díreach ón líne. Nuair a bhí mise ag éirí aníos, bhí airgead le fáil as smiotadh róin. Bhí punt le fáil ar an rón, punt ar an gcaróg liath agus airgead ar an sionnach. Caitheadh in aer é sin uilig. Mar a dúirt an tUasal Ó Corcora, tá an cósta lán le rónta. Ní muide na hiascairí níos mó - is iad na rónta na hiascairí is mó. Dúntar an iascaireacht portáin roimh an Nollaig. Is é an margadh is fearr a bheadh ag na báid ná ag iascaireacht na bportáin seo roimh an Nollaig. Rachfadh na daoine atá ag iascaireacht na gliomaigh ag iascaireacht na portáin. Bheadh airgead le déanamh acu don Nollaig. Caithfear freisin breathnú isteach ar an méid potaí atá ag gach bád. Tá na hiascairí ag iarraidh an méid sin a laghdú go dtí 200 pota. Má tá 200 pota amuigh ag chuile bhád, beidh an t-iascaireacht i bhfad níos fearr agus beifear in ann breathnú amach do na héisc. Tá daoine atá ag iascaireacht faoi láthair agus is cuma leo cad a thagann isteach sa mbád - tabharfaidh siad leo abhaile iad. Muide a tógadh leis an fharraige - agus a d'fhás aníos leis an fharriage - tugann muid aire don fharraige.