Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 7 November 2012

Joint Oireachtas Committee on Public Service Oversight and Petitions

Tuarascáil an Choimisinéara Teanga maidir le Comórtais Inmheánacha sa Roinn Coimirce Sóisialaí: Mionphlé

5:15 pm

Mr. Brian Ó Raghallaigh:

Ní aontóinn leis sin. Níl éinne sa Státseirbhís inniu a bhfuil Gaeilge aige nach bhfuair aitheantas ar an nGaeilge sin. Fuair gach éinne a raibh an caighdeán sroichte aige ó thaobh an jab a dhéanamh agus a raibh Gaeilge aige chomh maith, an bónas le haghaidh na Gaeilge. Níl aon dabht faoi sin agus níl aon éagóir ansin in aon chor. Rud a bheadh ann ná go mbeadh jabanna ann a raibh Gaeilge ag teastáil iontu go bunúsach chun an jab sin a dhéanamh. Is rud difriúil ar fad é sin.