Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 7 November 2012

Joint Oireachtas Committee on Public Service Oversight and Petitions

Tuarascáil an Choimisinéara Teanga maidir le Comórtais Inmheánacha sa Roinn Coimirce Sóisialaí: Mionphlé

5:15 pm

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein) | Oireachtas source

Dúirt an Coimisinéir a mhalairt ar fad. Bhí mé ag plé le cúrsaí fostaíochta tamaillín mé féin. Nuair atá post le fógairt, cuirtear sonrú-poist le chéile agus bíonn sé an-soiléir má tá Gaeilge éigeantach nó riachtanach don phost sin má tá scileanna ríomhaireachta nó scileanna eile de dhíth, caithfidh sin bheith sa sonrú-poist chomh maith agus ní maith don Roinn sin a thógáil san áireamh sa phróiseas ar fad. Ní ag an nóiméad deireanach a chuirtear an cheist an bhfuil Gaeilge ag an duine sin nó nach bhfuil agus sin an tráth a thugtar an buntáiste, tá sin ceaptha a bheith ann ó thús an phróisis. Is é an pointe atá á dhéanamh ag an gCoimisinéir Teanga ná gur coinníodh daoine as an bpróiseas ag an tús mar gheall nár tógadh san áireamh go raibh an scil bhreise seo acu, an Ghaeilge - mar a bhí in ainm agus a bheith i gceist.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.