Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 7 November 2012

Joint Oireachtas Committee on Public Service Oversight and Petitions

Tuarascáil an Choimisinéara Teanga maidir le Comórtais Inmheánacha sa Roinn Coimirce Sóisialaí: Mionphlé

5:15 pm

Mr. Brian Ó Raghallaigh:

Ní aontóinn leis an Seanadóir go bhfuil orainn glacadh leis an Ombudsman sa chás seo nó in aon chás eile; tá sé roghnach dúinn dul os comhair na cúirte nó gan dul os a comhair. Shíleamar nach raibh sé de rogha againn an cás a thabhairt sa Roinn féin toisc gur scéim lárnach í seo. Chuireamar eolas ar an dréacht a fuaireamar ón gCoimisinéir go dtí an Roinn. Cloisfidh an coiste a bhfuil le rá ag an Roinn i gceann cúpla nóiméad.

Ó thaobh na ceisteanna eile a bhí ag an Seanadóir, tá beirt i dteagmháil linn faoin gcás seo ach ní fhéadaimis labhairt faoi na cásanna sin. Níl aon dabht ach go bhfuil daoine eile sa chás chéanna. Tá an scéim seo ann le 37 bliain anuas agus tá sí á reáchtáil againn ar an tslí chéanna leis na blianta. Sin an scéal sna Ranna eile chomh maith. Dá mbeadh an ceart ag an gCoimisinéir Teanga, bheadh an-obair le déanamh chun an méid sin a chur bun os cionn.