Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 7 November 2012

Joint Oireachtas Committee on Public Service Oversight and Petitions

Tuarascáil an Choimisinéara Teanga maidir le Comórtais Inmheánacha sa Roinn Coimirce Sóisialaí: Mionphlé

5:15 pm

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein) | Oireachtas source

An bhfuair an Roinn comhairle faoi sin ón Roinn Airgeadais nó an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe? Glacaim leis gurb é dlí na tíre dlí na tíre. Ní fheicim go bhfuil seo roghnach; tá sé éigeantach ó thaobh an phróisis de. Níl mé ag iarraidh piocadh ar an Roinn trí chéile mar sin an fáth go bhfuil an cheist seo iontach tábhachtach - baineann sí le gach Roinn Rialtais ó thaobh an rud seo a chur i bhfeidhm. Níor leanadh an próiseas mar ba cheart. Bhí dualgas ar an Roinn achomharc a dhéanamh in aghaidh an ruda seo mura raibh daoine sásta faoi agus mura raibh, seasann an cinneadh a glacadh agus an rialú a rinne an Coimisinéir Teanga. Dá bhrí sin, ba chóir go mbeadh na daoine ar ndearnadh éagóir orthu in ann a gceart a fháil. Céard atá déanta maidir leis na daoine sin? An bhfuil teagmháil ann idir an Roinn agus na daoine sin nó an bhfuil aon cheist maidir le cúrsaí dlí leis na daoine sin?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.