Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 7 November 2012

Joint Oireachtas Committee on Public Service Oversight and Petitions

Tuarascáil an Choimisinéara Teanga maidir le Comórtais Inmheánacha sa Roinn Coimirce Sóisialaí: Mionphlé

5:05 pm

Dr. Orlaigh Quinn:

Tá sé deacair don Roinn scéim mar sin a athrú. Scéim í atá ann ar feadh 37 bliain agus táimid sásta go bhfuil na comórtais i gceart agus sásta gur líonamar gach rialachán. B’fhéidir go mbeadh daoine eile anseo le tuairimí eile ach mar a dúirt mé, níl ar chumas na Roinne na moltaí sin a chur i ngníomh toisc go gciallódh sin leasú aontaobhach a dhéanamh ar bheartas lár-aontaithe agus an tionchar a bheadh ann do gach Roinn Stáit. Mar gheall air sin, ní rabhamar in ann na rudaí sin a thógáil agus dhíríomar na ceisteanna chuig an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe.