Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 7 November 2012

Joint Oireachtas Committee on Public Service Oversight and Petitions

Tuarascáil an Choimisinéara Teanga maidir le Comórtais Inmheánacha sa Roinn Coimirce Sóisialaí: Mionphlé

5:05 pm

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein) | Oireachtas source

Tá sin ráite sa ráiteas ach ní thugann sin freagra do chuid mhaith de na ceisteanna an-bhunúsacha a chuir mé. Cé gur dúradh nach féidir leis an Roinn é a chur i bhfeidhm, ní shin le rá nach bhfuil an Coimisinéir Teanga ceart. An nglacann an Roinn le húdarás an Choimisinéara go bhfuil sé de chumhacht aige rialú a dhéanamh agus go bhfuil gá go nglacfadh Ranna Stáit leis an rialú sin nó, mura nglacann, go gcaithfear cás Ard-Chúirte a thógáil leis sin a throid?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.