Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 25 November 2025

Joint Oireachtas Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish-Speaking Community

Earnáil na Gaeilge agus na Gaeltachta: Conradh na Gaeilge

2:00 am

Mr. Julian de Spáinn:

Luaigh an Teachta cúrsaí breisoideachais agus aontaím go huile is go hiomlán leis. Ba chóir dúinn i bhfad Éireann níos mó a dhéanamh sa spás sin. Labhair an chomhchoiste seo leis an dream a bhí ag caint ar an suirbhé atá an tÚdarás um Ard-Oideachas le déanamh. Is moladh é sin a bhíomar ag brú chun cinn sa reachtaíocht. Bhí sé mall ag teacht chun cinn ach ba bhreá linn é a fheiceáil ag tarlú do lucht meánscoile. Is mian linn go mbeidh níos mó i gceist leis ná an tríú leibhéal amháin, áfach; tá muid ag iarraidh go gclúdóidh sé cúrsaí breisoideachais chomh maith ionas go mbeidh suirbhé níos leithne ná díreach cúrsaí sna hollscoileanna agus eile á chur ar dhaltaí meánscoile. Tá gá le cúrsaí breisoideachas a bheith san áireamh. Is rud é sin, b’fhéidir, a bhféadfaí labhairt leis an Údarás um Ard-Oideachas faoi.

Maidir le cúrsaí comhordaithe, tá bealaí éagsúla a dhéanann muid comhordú ar ábhair éagsúla. Mar shampla, i gcás chúrsaí maoinithe, tá 130 grúpa Gaeilge agus Gaeltachta taobh thiar den phlean fáis agus, den chuid is mó, tá na grúpaí sin ar fad ag plé leis na heasnaimh atá ann idir maoiniú stairiúil, an maoiniú a bheidh ann amach anseo agus an bealach ar féidir an earnáil a mhaoiniú i gceart. Ó thaobh chúrsaí maoinithe de, tagann na daoine atá thíos leis, nó iad siúd atá ábhartha, le chéile. Ó thaobh chúrsaí oideachais de, tá muid ag déanamh comhordaithe ar ghrúpa saineolach ar chúrsaí oideachais ina dtagann daoine éagsúla a bhfuil saineolas acu le chéile i gcruinnithe ó am go chéile, lena n-áirítear Gaeloideachas, An Foras Pátrúnachta, go leor grúpaí eile ón tríú leibhéal agus na heagraíochtaí Gaeilge agus Gaeltachta. Tagann muid le chéile agus labhraíonn muid faoi na hábhair éagsúla atá le teacht, cosúil leis na sonraí ardteiste atá le teacht go luath. Tagann comóntacht chun cinn agus, ansin, bíonn muid in ann feidhmiú ar bhonn eagraithe agus aontaithe chun na moltaí áirithe a chur chun cinn.

Ag teacht ar ais go dtí an méid a dúirt mé sa chaint a bhí agam níos luaithe, is í sin an áit ina gcothaítear a lán frustrachais. D’fhéadfadh moltaí faoi leith a bheith ag teacht ón earnáil ó na saineolaithe sa réimse seo agus d’fhéadfadh stop a bheith curtha leo chomh luath is a théann siad isteach sa chomhairliúchán. Tá an-chuid comhordaithe ag dul ar aghaidh an t-am ar fad idir na grúpaí ábhartha, agus is maith sin. Is é sin an bealach gur chóir go mbeadh sé. Bíonn na daltaí páirteach chomh maith. Bíonn aontas na ndaltaí iarbhunscoile, Aontas na Mac Léinn agus An Gréasán do Mhúinteoirí Gaeilge uilig páirteach. Bíonn an-chuid de na daoine ábhartha ag gach leibhéal sa seomra nuair atá muid ag iarraidh teacht ar na moltaí aontaithe.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.