Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 25 November 2025

Joint Oireachtas Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish-Speaking Community

Earnáil na Gaeilge agus na Gaeltachta: Conradh na Gaeilge

2:00 am

Photo of Shane MoynihanShane Moynihan (Dublin Mid West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Is deas na finnéithe a fheiceáil. Maithigí dom an mhoill; bhí cruinniú eile agam ar maidin. Ar mhaithe le trédhearcacht, is mian liom a dhearbhú gur mise a chuir an tuairisc faoi thithíocht le chéile d’Údarás na Gaeltachta an bhliain seo chaite. Ar an ábhar sin, tacaím leis an méid atá ráite ag an Teachta John Connolly i leith ról na n-údarás áitiúla. Is é ceann de na rudaí a sheas amach dom sa tuairisc sin ná go raibh an sciar den tithíocht a bhí á chur ar fáil ag na húdaráis áitiúla sna ceantair Ghaeltachta i bhfad níos ísle ná an sciar náisiúnta. Tá ról, gan amhras, ag na húdaráis áitiúla agus, pé rud a thiteann amach d’Údarás na Gaeltachta, ní féidir dearmad a dhéanamh ar sin. Cuireann sé misneach orm Julian de Spáinn a chloisteáil agus é ag rá nach bhfuil aon rud ag teacht ó na moltaí atá Conradh na Gaeilge ag cur ar aghaidh faoi ról an údaráis a rachadh salach air sin.

Pléadh an suirbhé cheana féin. D’fhreastail mé ar chruinniú de chuid an bhoird bhainistíochta aréir, áit ar léirigh comhaltaí an bhoird an-mhíchompord faoin bhealach a bhfuil éileamh anois á thomhas ag an Roinn oideachas i leith sholáthar Gaelcholáistí, go háirithe i gcomhthéacs an mhéid a bhí á rá ag an Roinn i leith scoileanna nua a bhunú agus a leithéid. Tá píosa oibre le déanamh ansin. Beidh mé ag moladh do bhoird bhainistíochta timpeall na tíre a gcuid mianta a chur in iúl don Roinn oideachais agus do na ETBs faoina a bhfuil ag titim amach mar caithfear anois a léiriú go bhfuil bealaí níos beaichte le héileamh a léiriú agus a thomhas i leith labhairt agus scolaíocht na Gaeilge. Caithfear é sin a chur ar an taifead.

Is é ceann de na rudaí a bhfuil mé paiseanta faoi, cé go bhfuil beagán dul chun cinn déanta ag an Roinn breisoideachais ina leith, ná breisoideachas a chur ar fáil trí Ghaeilge. Tá bearna ollmhór amach romhainn, go háirithe sna ceantair Ghaeltachta i leith Gaeilge a chothú mar theanga pobail, le printíseachtaí a chur ar fáil i mbealach struchtúrtha as Gaeilge. Impím ar Chonradh na Gaeilge, agus ar gach aon ghrúpa abhcóideachta eile nach é, an t-éileamh sin a léiriú mar tá spás mór ann. Más rud é go bhfuil muid chun na tithe seo a thógáil sa Ghaeltacht, beidh daoine ag teastáil uainn leis na tithe sin a thógáil agus is fearr gur Gaeilgeoirí a bheidh iontu agus go mbeidh an Ghaeilge á cothú mar theanga pobail.

Go bhfios dom, cé go bhfuil muid ag fanacht anois leis an dréacht-straitéis maidir leis na luathbhlianta – tá muid ag súil go ndéanfar í sin a fhoilsiú go luath – tá spás agus bearna ollmhór ann inar féidir linn an-chuid foghlamtha a dhéanamh ó na straitéis a chuaigh roimpi. Má thapaíonn muid an deis sin le bheith ar an gcos tosaigh, is féidir linn cur chuige i leith an bhreisoideachais a sholáthar. Ar an mbonn céanna, beidh bealach againn a cheapann muid a chabhróidh leis an ngéarchéim tithíochta sa Ghaeltacht, is é sin, trí fhórsa saothar a chur ar fáil.

Tá ceist agam faoi ról abhcóideachta an chonartha. Is ball den chonradh mé. Cén sórt comhordaithe a bhíonn ar siúl aige idir leithéidí Gaeloideachas agus an feachtas atá ar siúl i mBaile Átha Cliath 2, 6, 8 agus eile? An bhfuil ról comhordaithe aige? An mbíonn Conradh na Gaeilge agus na grúpaí uilig ar aon leathanach amháin agus iad ag dul i ngleic leis an Roinn? Cén cuma atá air sin?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.