Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 23 September 2025
Joint Oireachtas Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish-Speaking Community
Teagasc agus Stádas na Gaeilge sna hInstitiúidí Tríú Leibhéal: Plé
2:00 am
Mr. Julian de Spáinn:
Gabhaim buíochas leis an Teachta as a bheith linn Dé Sathairn. Bhíomar an-sásta leis an agóid.
Tá sé imithe trasna go dtí na polaiteoirí arís ó thaobh an cháinaisnéis atá le teacht.
I gcomhthéacs cúrsaí oideachais agus an CEFR, is ionann an TEG agus an CEFR in Éirinn sa bhealach is go bhfuil Ollscoil Mhá Nuad i gceannas ar an gcóras CEFR a chur in oiriúint d’foghlaimeoirí fásta, sa chuid is mó. Is í Aoife Ní Ghloinn atá i gceannas ar an aonad san ollscoil sin. Is féidir é a chur in oiriúint do na scoileanna; ní chóir go mbeadh aon fhadhb ansin. Rinne sí obair le déanaí don NCCA maidir leis an ardteist. Is ionann an dá rud. Tá an ceart ag an Teachta: tá rud éigin ansin faoi bhrandáil a chiallaíonn nach dtuigeann daoine an-chuid den am gur ionann an dá rud. Nuair nach dtuigeann daoine é sin, ní fheiceann siad an buntáiste breise a fhaigheann siad as an TEG a dhéanamh. Mar a tharlaíonn sé, táimid ag roinnt foirgneamh faoi láthair le scoil Béarla - creid nó ná creid - agus tá an CEFR le feiceáil ar na ballaí sna seomraí ranga atá ag an scoil sin. Tá na daoine atá ag foghlaim Béarla sa scoil sin ag foghlaim tríd an CEFR. Ar an gcaoi céanna, tá na daoine atá ag foghlaim Fraincise san Alliance Française ag foghlaim tríd an CEFR. Dá mbeadh a fhios ag níos mó daoine go bhfuil sé ann, agus gurb é an buntáiste atá leis an CEFR ná go mbíonn sé agat ar feadh do shaol, chabhródh sé go mór le cúrsaí.
Tá fadhb an-mhór againn leis na díolúintí agus tá an fhadhb ag dul i méid. Níos mó ná aon rud eile, tá an fhadhb ann toisc go bhfuil muid ag déanamh neamhaird go bhfuil réiteach Éireannach againn ar an fhadhb. Ná gá dúinn breathnú ar céard a dhéanann siad i dtíortha eile ar fud an domhain. Ní fhéadfainn tír dhátheangach nó thrítheangach le córas díolúintí a ainmniú. Ní dhéantar é sa Bhreatain Bheag mar shampla, má táimid ag labhairt faoin dtír sin. Bíonn ar gach duine Breatnais a fhoghlaim. Ní gá do gach duine scrúdú a dhéanamh ag an deireadh ach is gá dóibh an teanga a fhoghlaim. Nuair a tháinig daoine isteach sa Bhreatain Bheag ón Úcráin, d'fhoghlaim siad Breatnais. Ní raibh córas ann chun eisceacht nó díolúine a thabhairt do na daoine a bhí ag teacht isteach. Tá muintir na Breataine Bige ag iarraidh an ceart céanna a thabhairt do gach éinne ionas go mbeadh an deis foghlama seo acu. An rud atá ag teastáil chun líon na ndíolúintí a laghdú ná go mbeadh córas den chineál sin i bhfeidhm anseo ó thús go deireadh. Ba cheart go mbeadh dréimire i gceist, bunaithe ar an CEFR, agus go mbeidh sé in ann freastal ar chumas an dalta.
Mar a dúirt Ashling Kate Wall níos luaithe, más rud é go bhfuil fadhb ag dalta a chiallaíonn go bhfuil deacracht aige nó aici leis an teanga scríofa, ba cheart go mbeadh an dalta sin in ann scrúdú béil a dhéanamh don ardteist. Cén fáth nach mbeidís in ann a leithéid a dhéanamh? Sa chás sin, bheidís mar chuid den rang Gaeilge in ionad a bheith díbeartha amach as an rang sin. Níl figiúr agam air seo toisc nach gcoinnítear taifead air, ach tá an-chuid daoine tar éis bheith i dteagmháil liom le rá go mbíonn, i mórán meánscoileanna, an tréimhse tacaíochta ar siúl ag an am céanna leis na ranganna Gaeilge. Má tá tacaíocht foghlama ag teastáil ó dhalta, níl sé de rogha aige nó aici an Ghaeilge a dhéanamh mar nach féidir an dá rud a dhéanamh ag an am céanna.
Mar a luaigh mé níos luaithe, an grúpa mór eile a bhfuil díolúintí acu na iad siúd a tháinig isteach sa chóras déanach. Tá ár gcóras ag rá go bhfuil sé ró-dhéanach dóibh agus, in ionad a bheith ag ceistiú conas gur féidir freastal orthu, ag rá nach bhfuil sé chun freastal orthu. Dá mbeadh siad in ann tosú ar an leibhéal A1, an chéad leibhéal sa chóras CEFR, agus dá mbeadh na pointí ardteiste agus CAO bunaithe air sin, bheadh aitheantas ann nach bhfuil siad sa chóras ach ar feadh dhá bhliain. Má tá siad ar leibhéal A1 ag an deireadh agus má bhaineann siad an scrúdú amach, gheobhaidh siad na pointí bunaithe air sin ar nós duine a bhí sa chóras ar feadh 14 bliain. Tá solúbthacht ag teastáil ach níl sé sa chóras reatha. Dá mbeadh sé sin ann, bheadh an gá leis na díolúintí laghdaithe. Bhí an tOllamh Pádraig Ó Duibhir ó SEALBHÚ ag caint faoi seo. Dá mbeimid ag freastal i gceart ar na daoine atá sa chóras, bheadh díolúintí fós ann ach bheidís laghdaithe go dtí an 2% nó 3% den phobal a bhfuil sé de dhíth orthu
No comments