Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 10 June 2025

Joint Oireachtas Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish-Speaking Community

An Plean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge 2024-2030: An Roinn Forbartha Pobail agus Tuaithe agus Gaeltachta

2:00 am

Dr. Aodhán Mac Cormaic:

Ní bhaineann cuid de na ceisteanna sin leis an ábhar atá á phlé againn inniu. Is é an plean náisiúnta do sheirbhísí Stáit atá á phlé againn. Tá mé in ann labhairt faoi chuid de na nithe seo, áfach. Phléigh muid ceist an leanúnachais mar a bhaineann sé leis an luathoideachas, scoileanna náisiúnta, an Gaeloideachas agus na Gaelcholáistí. Ba bhreá linne dá mbeadh an leanúnachas ann chuile áit, ach níl sé. Níl muid anseo le bheith freagrach as réimse a luíonn leis an Roinn oideachais. Tá mé cinnte go bhfuil oifigigh na Roinne oideachais den tuairim chéanna gur cheart go mbeadh an leanúnachas sin ann chuile áit. Tá an Stát ag déanamh infheistíochta i ngasúir ag aois óg chun Gaeilge a thabhairt dóibh, agus tá a gcuid clann ag déanamh an rud céanna. Tá clanna á gcur go Gaelscoileanna, rud a chuireann dua orthu scaití agus iad ag taisteal píosa fhada, ar nós mhuintir Phort Omna ag dul go Baile Locha Riach, mar shampla. Ag deireadh an lae, níl mé ach ag tuairimíocht faoin Roinn oideachais. Tá a cuid buiséad caipitil aici agus caithfidh sí déileáil leis na pobail éagsúla timpeall na tíre. Níl mise anseo le labhairt thar ceann na Roinne oideachais. Déarfainn gurb é an rud atá ag tarlú ar an talamh ná go bhfuil brú ar an Roinn oideachais i dtaobh caipitil. Níl a fhios agam i ndáiríre. Níl mé anseo le bheith freagrach as na gníomhaíochtaí a dhéanann an Roinn sin. É sin ráite, tá sé sin curtha in iúl againn don Roinn oideachais go bhfuil sé inmhianaithe go mbeadh an leanúnachas sin ann do ghasúir. Beidh muid ag obair leis an Roinn chun é sin a bhaint amach as seo amach.

Maidir leis an luathoideachas ach go háirithe, ar an gcéad dul síos, sa Ghaeltacht, tá go leor airgid bhreise le roinnt blianta curtha isteach i gcóir naíonraí na Gaeltachta ar mhaithe le forbairt a dhéanamh ar an tseirbhís taobh istigh den Ghaeltacht. Tá sé sin ag tarlú agus feiceann muid na torthaí. Taobh amuigh den Ghaeltacht, áfach, tá an ceart ag an Seanadóir. Tá fadhbanna ann taobh amuigh den Ghaeltacht. Tá muid ag obair as lámha a chéile le Gaeloideachas le dul i ngleic leis an bhfadhb sin. Tá muid ag obair leis an Roinn leanaí freisin. Tá an Roinn leanaí ag cur polasaí nua le chéile don earnáil luathoideachais Ghaeilge. Tá muid istigh ar an gcoiste idir-rannach atá aici. Tá cruinnithe ag dul ar aghaidh agus tá dul chun cinn maith á dhéanamh. Tá jab mór oibre le déanamh ar an earnáil Gaeilge sna luathbhlianta taobh amuigh den Ghaeltacht. Aontaím leis an Seanadóir go huile is go hiomlán ó thaobh sin de. Cé nach bhfuil mé anseo le labhairt thar ceann na Roinne leanaí, tá mé ag ceapadh go n-aontódh sí freisin. Is é sin an fáth go bhfuil sí ag forbairt polasaí nua. Tá réamhobair ar bun chun an polasaí a fháil thar an líne agus ansin airgead a chur ina threo chun é a chur i bhfeidhm. Tá an ceart ag an Seanadóir.

Maidir leis na líonraí Gaeilge, tá a fhios agam ón stair agus ó bheith ag plé le muintir Bhaile Locha Riach, go bhfuil obair den scoth ar bun acu. Faigheann siad liúntas ó Fhoras na Gaeilge. Íocann muid an t-airgead leis an bhforas agus déanann an foras an obair ar an talamh leis na grúpaí. Tá a fhios agam go raibh sé i gceist acu foirgneamh a cheannach roinnt blianta ó shín agus gur athraigh siad treo ansin, má tá an ceart agam. Is faoin phobal áitiúil é seo. Leis an bpróiseas pleanála teanga, leanann muid mianta an phobail agus cuireann muid na hacmhainní ar fáil. Tá scéim caipitil againn ar féidir leo iarratas a dhéanamh uirthi le haghaidh airgead caipitil chun foirgneamh a cheannach, a thógáil nó a athchóiriú. Tá a fhios agam go bhfuil na daoine ar an talamh san eagraíocht sin ar an eolas faoi seo. Bhí i gceist acu iarratas a chur isteach chun caoi a chur ar an seanteach a fuair siad. Níl a fhios agam cad a tharla, ach athraigh siad a gcuid intinní. Cuireann muid fáilte i gcónaí roimh iarratas uathu chun rud éigin a dhéanamh ar an mbaile. An raibh aon cheist eile ag an Seanadóir?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.