Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 10 June 2025

Joint Oireachtas Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish-Speaking Community

An Plean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge 2024-2030: An Roinn Forbartha Pobail agus Tuaithe agus Gaeltachta

2:00 am

Shane Curley (Fianna Fail) | Oireachtas source

Tá brón orm má pléadh na ceisteanna cheana féin. Tá cúpla ceist agam. Bhí mé ag caint le déanaí le Foras na Gaeilge. Tá trí naíolann, nó crèche, i mBéal Feirste ach níl ceann lán-Ghaeilge ar bith sa Deisceart, taobh amuigh de na Gaeltachtaí. Níl ceann ar bith ag rith. An bhfuil plean chun é sin a fheabhsú?

Tá trí bhaile a bhfuil stádas orthu mar líonraí Gaeilge sa tír, is iad sin, Cluain Dolcáin, Inis agus Baile Locha Riach, mo bhaile áitiúil féin. Tá Gaelscoil ollmhór againn anois. Tá an-iarracht déanta ag an gcoiste áitiúil agus ag na daoine áitiúla go ginearálta chun an Ghaeilge a chur chun cinn i mBaile Locha Riach. Tá cultúr ag fás sa bhaile. Tá thart ar 300 dalta sa Ghaelscoil. Tagann páistí ó Phort Omna, Gort Inse Guaire agus áiteanna mar sin go Baile Locha Riach chun freastal ar an nGaelscoil. Tá turas 62 km idir Port Omna agus Baile Átha an Rí go dtí an Gaelcholáiste is giorra dóibh, áfach. Is í seo an áit a bhfuil ag teip orainn mar Roinn agus mar Stát chun na seirbhísí a chur ar fáil. An bhfuil plean ina leith, go háirithe do bhailte ar nós Bhaile Locha Riach? Cén fáth nach bhfuil an baile sin cáilithe chun Gaelcholáiste a bheith aige nuair atá stádas mar líonra Gaeilge aige?

Mar gheall ar an stádas atá againn mar líonra Gaeilge, tá oifigeach pleanála teanga sa bhaile. Bhí an post sin folamh ar feadh ocht mí, áfach, de bharr nach raibh an Roinn in ann teacht ar aon duine lena líonadh. Bhí dhá fháth leis sin. Bhí conradh trí bliana i gceist. Cé atá ag iarraidh conradh trí bliana agus an baol ann go mbeadh sé nó í imithe ina dhiaidh sin? Is é an dara fáth ná go raibh an pá íseal don ról. An bhfuil plean ann le dul i ngleic leis seo nuair atá easpa daoine ann chun na poist a líonadh?

Ina theannta sin, tá oifig bheag againn i mBaile Locha Riach don bheirt atá ag obair inti. Tá oifigeach Gaeilge agus oifigeach pleanála teanga againn sa bhaile anois. Má fheiceann na finnéithe an oifig atá againn, is náire í i ndáiríre. Má fheictear ar Bhéal Feirste, tá naíolann san ionad i mBéal Feirste. Tá sé iontach. An bhfuil plean ag an Roinn teagmháil a dhéanamh le comhairlí contae chun iaroifigí agus foirgnimh fholmha a thógáil in úinéireacht chun soláthar i bhfad níos fearr a chur ar fáil?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.