Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 10 June 2025
Joint Oireachtas Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish-Speaking Community
An Plean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge 2024-2030: An Roinn Forbartha Pobail agus Tuaithe agus Gaeltachta
2:00 am
Dr. Aodhán Mac Cormaic:
Ar dtús báire, gabhaim buíochas leis an gcomhchoiste as cuireadh a thabhairt dom inniu chun labhairt leis faoin bPlean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge, an chéad straitéis náisiúnta Rialtais i stair an Stáit do sholáthar seirbhísí poiblí Gaeilge. In éineacht liom inniu tá mo chomhghleacaithe sa Roinn: Sadhbh Ó Cinnseala, príomhoifigeach; Emily Maloney, príomhoifigeach cúnta agus rúnaí an choiste chomhairligh; agus Máirín Ní Mhárta, príomhoifigeach cúnta.
Ag croílár iarrachtaí an Rialtais sa bhogadh i dtreo seirbhís phoiblí dhátheangach, tá feidhmiú iomlán agus rathúil Acht na dTeangacha Oifigiúla. Tá an obair seo criticiúil ó thaobh an Ghaeilge a neadú isteach agus a normalú mar chuid lárnach de sholáthar seirbhísí poiblí na tíre seo agus lucht labhartha na teanga a chumasú í a úsáid ina bplé leis an Stát. Mar sin, is céim shuntasach chun cinn a bhí i bhfoilsiú an Phlean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge i mí Dheireadh Fómhair 2024.
Tá an plean mar thoradh ar dhlúthchomhoibriú ag leibhéal sinsearach idir na heagraíochtaí a bhfuil ionadaíocht acu ar an gcoiste comhairleach mar aon le páirtithe leasmhara eile a raibh ionchur éagsúla acu sa phróiseas dréachtaithe. Mar chuid den ullmhú don phlean taighde-bhunaithe seo, reáchtáladh 17 gcruinniú den choiste idir Iúil 2022 agus Meitheamh 2024 agus tugadh cuireadh do réimse leathan ionadaithe teacht chun cainte leis an gcoiste, ina measc ionadaithe ó Rialtas na Breataine Bige, ó Chonradh na Gaeilge agus ó Chumann na nOifigeach Forbartha Gaeilge.
Díríonn an plean náisiúnta ar chúig mhór-réimse straitéiseacha sna réimsí seo a leanas: tionscnaimh leathana agus neartú struchtúir reatha; soláthar seirbhísí poiblí trí Ghaeilge; teicneolaíocht; oiliúint, earcaíocht agus inniúlacht teanga; agus bailiú sonraí. Is réimsí iad sin atá ag teacht le straitéisí athchóirithe eile de chuid an Rialtais ar nós Seirbhísí Poiblí Níos Fearr agus Straitéis Athnuachana na Státseirbhíse. Bheadh cuid de na tionscnamh féideartha atá leagtha amach sa phlean, ar nós bunú moil chun croísheirbhísí poiblí a chur ar fáil trí Ghaeilge agus bunú seirbhíse comhroinnte aistriúcháin, réabhlóideach ó thaobh deireadh a chur le bacainní ar sholáthar seirbhísí poiblí dátheangacha.
I gcomhréir leis an bPlean Digiteach don Ghaeilge, tá béim ar leith curtha sa phlean ar chúrsaí teicneolaíochta chun a chinntiú go bhfuil an Ghaeilge i lár an aonaigh ó thaobh forbairtí teicneolaíochta, go háirithe i réimse na hintleachta saorga agus spriocanna eile an Rialtais ó thaobh seirbhísí ábhartha a bhogadh ar líne faoi Leas a Bhaint as Digitiú – Creat Digiteach na hÉireann.
I gcomhthéacs na sprice earcaíochta 20%, leagtar béim sa phlean náisiúnta ar uasoiliúint teanga a chur ar fhoireann reatha de chuid comhlachtaí poiblí anuas ar dhaoine le Gaeilge a earcú ón taobh amuigh. Ag teacht leis seo, tá méadú suntasach le sonrú ar líon na ndaoine atá ag glacadh páirte i gcúrsaí oiliúna san earnáil phoiblí le blianta beaga anuas. Mar shampla, bhí ardú 123% sa Státseirbhís idir earrach 2022 agus earrach 2025. Anuas air sin, léirigh torthaí an tsuirbhé a rinneadh mar chuid den taighde don phlean, inar ghlac 35,000 fostaí den earnáil phoiblí páirt, báúlacht ar leith i dtreo na teanga. Mar shampla, dúirt 50% de na freagróirí go mbeadh suim acu cur lena n-inniúlacht sa Ghaeilge agus dúirt 23% go mbeadh suim acu dul ag obair trí Ghaeilge le breis oiliúna nó tacaíochtaí. Tá sé sin anuas ar 5% atá ag obair trí Ghaeilge cheana féin nó a bheadh réidh le dul ag obair trí Ghaeilge láithreach. Anuas air sin, léirigh an taighde go raibh leibhéal cumasach Gaeilge labhartha, is é sin leibhéil B2 go C2 ar an CEFR, ag 11% de rannpháirtithe an tsuirbhé agus poitéinseal a bheith cumasach gan mhoill, is é sin leibhéal B1, ag 13% acu. I gcodarsnacht leis seo, níor úsáid ach 3% í mar chuid dá gcuid oibre oifigiúil i gcónaí nó go minic. Bhí 10% eile a d’úsáid í anois agus arís.
Ag tógáil san áireamh gur léirigh an taighde chomh maith nach gnáthnós é ag comhlachtaí poiblí faoi láthair taifead a choinneáil ar an líon foirne atá acu le Gaeilge nó ar an líon foirne a thug faoi chúrsa oiliúna Gaeilge, feictear go bhféadfaí tuilleadh béime a chur ar mheaitseáil scileanna agus go bhfuil cúpla deis anseo do chomhlachtaí poiblí céimeanna praiticiúla a thógáil gan mhoill i dtreo na sprice earcaíochta 20% a bhaint amach. Mar shampla, is féidir cúrsaí oiliúna Gaeilge a chur ar fáil don fhoireann reatha agus d’earcaigh nua ar bhonn réamhghníomhach; taifead a choinneáil díobh siúd a thugann faoi na cúrsaí; agus Gréasán Gaeilge na hEarnála Poiblí a chur chun cinn ina measc. Cuirtear béim ar leith sa mhéid seo ar fhostaithe atá ag gráid níos sóisearaí faoi láthair i bhfianaise gurb iad a bheidh ag bogadh suas trí na heagraíochtaí sna blianta amach romhainn. D’fhéadfaí earcú réamhghníomhach a dhéanamh ar dhaoine le Gaeilge agus eolas a bhailiú tríd an bpróiseas earcaíochta maidir le mian iarrthóirí oibriú go dátheangach, a leibhéal reatha Gaeilge agus a mian cur lena scileanna Gaeilge, más gá. Is féidir féachaint ar chonairí gairme éagsúla reatha isteach ag an gcomhlacht poiblí agus forbairt a dhéanamh orthu le gnéithe Gaeilge a chuimsiú iontu más gá. Feictear go mbeidh tábhacht ar leith ag baint le forbairt printíseacht trína bhféadfaí scileanna teanga a fhorbairt, ag teacht le gealltanas ina leith seo i bPlean Printíseachta na Seirbhíse Poiblí 2023, mar aon le hintéirneachtaí agus tréimhsí taithí oibre.
Beidh bearta sonracha agus praiticiúla i leith an mhéid seo agus tuilleadh le leagan amach sa chéad phlean gníomhaíochta faoin bplean náisiúnta. Tá sé chruinniú reáchtáilte ag an gcoiste comhairleach i dtaobh réiteach an phlean gníomhaíochta seo ó fhoilsiú an phlean náisiúnta, ceann an lae inné san áireamh, le deis tugtha arís do Chonradh na Gaeilge a chuid moltaí ina leith a chur faoi bhráid an choiste mar chuid den obair sin mar aon le labhairt leis an Aire faoin tseachtain seo caite. Mar sin, tá áthas orm a chur in iúl, tar éis comhairliúchán fairsing agus fiúntach le páirtithe leasmhara laistigh agus lasmuigh den choiste féin, go bhfuil an obair ar an bplean gníomhaíochta uaillmhianach seo ag teacht chun críche anois.
Mar fhocal scoir, gabhaim buíochas arís leis an gcomhchoiste as an deis a thabhairt dom féin agus do mo chomhghleacaithe cuntas a thabhairt ar an obair ar an bplean náisiúnta chomh maith leis an obair thacaíochta eile atá ar siúl sa chúlra chun a chinntiú nach i bhfolús amháin a bheidh an plean náisiúnta seo ach go mbeidh sé mar chuid den éiceachóras níos leithne atáimid ag iarraidh a chruthú maidir leis an teanga a neadú mar chuid de ghnáthghníomhaíochtaí laethúla gnó an Stáit. Fáiltím roimh aon cheisteanna atá ag an gcomhchoiste ina leith seo anois.
No comments