Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 3 July 2024
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Plean Fáis 2024-29: Conradh na Gaeilge
1:30 pm
Mr. Julian de Spáinn:
Ar son Chonradh na Gaeilge, gabhaim buíochas mór leis an gCathaoirleach, na Teachtaí Dála agus na Seanadóirí as an deis a bheith anseo inniu in éineacht le Gráinne Nic Niallais, ó bhaile seirbhíse Gaeltachta an Chlocháin Léith agus ón meitheal náisiúnta pleanála teanga, agus Fionnbarra Ó Brolcháin, iar-ollamh airgeadais in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, chun An Plean Fáis: Plean Infheistíochta don Ghaeilge agus don Ghaeltacht 2024-2029 a phlé leo agus a dtacaíocht a lorg dó. Tá an seisiún seo inniu an-ábhartha agus ár lá stocaireachta, SEAS 24, ag dul ar aghaidh trasna an bhóthair in Óstán Buswells.
Tosóidh mé le cuid den bhuneolas a bhaineann leis an bplean fáis a chur os comhair an choiste. Bhí go leor feachtas don Ghaeilge agus don Ghaeltacht eagraithe thar na blianta ach ní raibh feachtas sonrach cuimsitheach eagraithe roimh 2016 le maoiniú na Gaeilge agus na Gaeltachta a mhéadú go suntasach agus le cothrom na Féinne a bhaint amach ó na cistí Stáit Thuaidh agus Theas. In 2016, chomhordaigh an conradh an chéad phlean infheistíochta don Ghaeilge agus don Ghaeltacht le tacaíocht ó 90 grúpa eile agus d’éirigh linn stop a chur leis na ciorruithe ar mhaoiniú na Gaeilge agus na Gaeltachta a cuireadh i bhfeidhm, go háirithe idir 2008 agus 2016, agus €31 milliún a bhaint amach a bhaineann go dlúth le héilimh a leagadh amach sa phlean infheistíochta idir 2016 agus 2022. Baineadh €14 milliún eile amach sa bhreis air sin don Ghaeilge agus don Ghaeltacht nár bhain go dlúth le héilimh sa phlean infheistíochta.
Cé go raibh sé go maith gur éirigh linn maoiniú sa bhreis a bhaint amach, caithfear a thógáil san áireamh go bhfuil maoiniú na Gaeilge agus na Gaeltachta bunaithe ar bhonn ró-íseal go stairiúil. I gcomhthéacs chaiteachas an Stáit, níl ach idir 0.13% agus 0.17% de chaiteachas an Stáit ó Dheas á chaitheamh ar scéimeanna Gaeilge agus Gaeltachta idir Roinn na Gaeltachta, Foras na Gaeilge, Údarás na Gaeltachta agus TG4 ó 1956 go dtí an lá atá inniu ann. Mar sin, tá easpa uaillmhian an Stáit don Ghaeilge agus don Ghaeltacht le feiceáil thar na blianta ó thaobh acmhainní a chur ar fáil. Lena gceart a thabhairt do rialtais éagsúla, tá gach seans ann nár thuig siad nach raibh cothrom na Féinne á thabhairt acu don Ghaeilge agus don Ghaeltacht. Tá samplaí d’Airí éagsúla ag tabhairt arduithe suntasacha ar mhaoiniú a bhaineann leis an nGaeilge agus leis an nGaeltacht agus tá siad le moladh as sin a dhéanamh ach, mar a luaigh mé roimhe seo, bhí an bonnleibhéal i bhfad ró-íseal i gcónaí.
Déanfaidh mé tagairt shonrach d’Fhoras na Gaeilge maidir leis an easpa cothromaíochta sa mhaoiniú atá faighte ag an eagraíocht tras-Teorainn le 20 bliain anuas. Déanfaidh Gráinne Nic Niallais cur síos níos déanaí maidir le cás Údarás na Gaeltachta, mar eolas. Nuair a dhéantar comparáid idir athruithe buiséid de chuid na Comhairle Ealaíon ó Dheas agus Foras na Gaeilge ó 2003 go 2022, is léir nár tháinig aon ardú suntasach ar bhuiséad an fhorais le 20 bliain anuas, fiú nuair a bhí arduithe móra á dtabhairt le haghaidh buiséid áisíneachtaí Stáit eile. Tá buiséad Fhoras na Gaeilge íslithe le 20 bliain anuas ó €17.18 milliún go €16.26 milliún. Sa tréimhse chéanna, tá buiséad na Comhairle Ealaíon ó Dheas ardaithe ó €44.1 milliún go €130 milliún. Nuair a chuirtear boilsciú an innéacs praghsanna san áireamh, is ionann an t-ísliú i mbuiséad an fhorais agus ísliú 45% ar a bhuiséad ón méid maoinithe a bhí aige sa bhliain 2003 agus atá le bheith aige sa bhliain 2024.
Léiríonn na figiúirí suntasacha seo ar fad nach bhfuil ag éirí leis an struchtúr tras-Teorainn cothrom na Féinne a bhaint amach i maoiniú na Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht. Níl an socrú maoinithe nó an coibhneas maoinithe Thuaidh-Theas don áisíneacht tras-Teorainn ag oibriú amach agus tá ceist mhór ann an féidir é seo a réiteach i bhfianaise na fírice nár tugadh ardú suntasach don fhoras nuair a bhí airgead breise le roinnt Thuaidh nó Theas le 20 bliain anuas. Tá cúpla réiteach a d’fhéadfaí a úsáid leis seo a chur ina cheart. Mar shampla, is féidir an meamram airgeadais idir Rialtas na hÉireann agus Rialtas na Breataine a athrú le ligean do cheachtar de na Rialtais ó Dheas nó ó Thuaidh maoiniú suntasach sa bhreis a thabhairt d’Fhoras na Gaeilge gan aon airgead sa bhreis ag teacht ón Rialtas eile nó socrú eile a chur ar bun a dheiseodh an fhadhb struchtúrtha maoinithe atá ag Foras na Gaeilge maidir leis na bunchéatadáin, atá reoite ag 75% ó Rialtas na hÉireann agus 25% ón Rialtas ó Thuaidh ó tháinig ann don eagras tras-Teorainn an chéad lá.
Táimid ag éileamh ar na Rialtais Thuaidh agus Theas le roinnt blianta socrú mar seo a dhéanamh agus struchtúr maoinithe an fhorais a dheisiú. Sa chás nach féidir é seo a bhaint amach áfach, caithfear a bheith cróga le féachaint ar fhéidearthachtaí eile le maoiniú sásúil agus cothrom a chur ar fáil d’fhorbairt na Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht, ar nós an moladh a cuireadh san áireamh sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 le háisíneacht Stáit eile a chur ar bun - údarás na Gaeilge, Thuaidh agus Theas - le bord tofa nó struchtúr eile a chinntíonn fíorionadaíocht ón bpobal. Inár dtuairim, níor chóir an Ghaeltacht a chur san áireamh sna freagrachtaí a bheadh ag áisíneacht cosúil leis seo mar go bhfuil Údarás na Gaeltachta ann cheana féin.
D’fhéadfadh a leithéid d’áisíneacht a bheith maoinithe go díreach ag na Rialtais chuí le buiséad suntasach curtha ar fáil dó. Ní bheadh an áisíneacht seo faoin mbac céanna atá ar Fhoras na Gaeilge maidir leis an aontas atá ag teastáil ar aon ardú buiséid idir an dá Rialtas Thuaidh agus Theas, rud atá tar éis a chinntiú go raibh ísliú i mbuiséad an fhorais le 20 bliain anuas, mar a luadh cheana féin. B’fhearr linn gan dul síos an bóthar seo in aon chor ach níl sé cothrom go mbeadh pobal na Gaeilge thíos leis ar feadh 20 bliain eile mar gheall ar struchtúr a cuireadh ar bun 25 bliain ó shin nach bhfuil in ann maoiniú sásúil a bhaint amach. Mar sin, tá dhá rogha ann. Is féidir na rialacha reatha a leasú nó, murar féidir é sin a dhéanamh, an struchtúr ar fad a athrú.
Is é an t-éileamh is mó sa phlean fáis gur mhaith linn tacaíocht an choiste a fháil dó ná go n-ardófar an infheistíocht ar scéimeanna Gaeilge agus na Gaeltachta ó 0.17% go 0.4% de chaiteachas an Stáit ó Dheas agus ó 0.03% go 0.1% ó Thuaidh idir 2024 agus 2029. Chuirfeadh sé seo breis is €200 milliún sa bhreis ar fáil i mbonnlínte na n-áisíneachtaí Stáit, idir Údarás na Gaeltachta, Foras na Gaeilge, TG4 agus eile, le tionscadail a mhaoiniú agus le seirbhísí suntasacha breise a chur ar fáil do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta. I suirbhé neamhspleách a rinne Ireland Thinks in 2023, bhí 64% ar son 0.5% nó níos mó de chaiteachas an Stáit a bheith caite ar scéimeanna Gaeilge agus Gaeltachta. Bhí 37% dóibh siúd ar son é a ardú go 1% de chaiteachas an Stáit. Léiríonn na figiúirí seo go bhfuil ár n-éilimh thar a bheith réasúnta, go bhfuil an pobal ag tacú leo agus gur chóir feidhmiú ar na héilimh seo láithreach bonn.
Bheadh tionchar dochreidte ag an maoiniú breise seo sa phobal agus don phobal. Chruthófaí 9,000 post breise, go háirithe sa Ghaeltacht. Bheadh 5,000 lánscoláireacht agus 5,000 leathscoláireacht ar fáil do pháistí faoi mhíbhuntáiste le freastal ar chúrsaí Gaeltachta. Bheadh 10,000 scoláireacht ar fáil do dhaoine fásta leis an teanga a fhoghlaim. Bheadh lárionaid Gaeilge nua bunaithe fud fad na tíre agus na hacmhainní cuí curtha ar fáil dóibh. Bheadh an maoiniú céanna ag TG4 is atá ag S4C sa Bhreatain Bheag. Bheadh rochtain ar dhaoine óga ar Raidió Rí-Rá ar FM pé áit sa tír ina bhfuil siad. Is iomaí toradh eile a bheadh ann leis an infheistíocht atá molta sa phlean fáis.
Go luath, beidh deis ag Gráinne Nic Niallais tagairt a dhéanamh do roinnt de na tionscadail a bhaineann leis an bpleanáil teanga a bheadh thuas leis go mór nuair a mhaoineofar an plean fáis ach ar dtús iarrfaidh mé ar Fhionnbarra Ó Brolcháin comhthéacs beagáinín níos leithne a thabhairt dúinn ar an tábhacht a bhaineann le hinfheistíocht chothrom agus riachtanach sa Ghaeilge agus sa Ghaeltacht. Críochnóidh mé ansin le cúpla éileamh gur mhaith linn a chur os comhair an choiste agus a tacaíocht a lorg dóibh.
No comments