Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 3 July 2024
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Plean Fáis 2024-29: Conradh na Gaeilge
1:30 pm
Professor Fionnbarra Ó Brolcháin:
Tá mo chur i láthair gairid seo bunaithe ar an tuiscint atá agam tar éis na mblianta fada a chaitheamh mar léachtóir agus mar thaighdeoir eacnamaíochta agus airgeadais in ollscoileanna in Éirinn leithéidí DCU, Ollscoil Mhá Nuad, UCD agus Trinity, ar fud na hEorpa san Fhionlainn, sa Danmhairg, sa Fhrainc agus san Ostair, agus i Stáit Aontaithe Mheiriceá.
Is rud an-tábhachtach gur mian liom a rá i dtosach ná go bhfuil an plean fáis seo go mór chun tosaigh ó thaobh smaointeoireachta forbartha, eacnamaíochta, nuálaíochta agus inbhuanaitheachta de. Tá geilleagar an domhain ag athrú ó bhonn agus é ag bogadh ó ré thionsclaíochta ina dtáirgtear earraí den chuid is mó go ré athghiniúna ina bhfuil eispéiris doláimhsithe i réim. Tá an pharaidím athghiniúna bunaithe ar phatrún smaointeoireachta a bhfuil luí níos mó aige leis an taobh deas den inchinn ná leis an taobh clé. Baineann athghiniúint le damáiste a dheisiú, éiceachórais a athbheochan, pobail a neartú, cultúir dhúchasacha a chothú agus mar sin de. Téann an athghiniúint níos faide ná an inbhuanaitheacht. Baineann sé le hiarrachtaí sochaí folláine a bhaint amach trí mhórtas dúiche a chothú. Tá meas an-ard ar an dúchas mar bhunchloch den athghiniúint seo.
Tá na tíortha atá ag cothú polasaithe athghiniúna ag imeacht ó bhéim ar thomhaltachas go béim ar an rath agus ar an gcúram. Téann na tíortha seo i gcoinne fhórsaí an tsaormhargaidh. Ní chaitheann siad le tomhaltachas nó le fás eacnamaíochta ach le folláine sa bhrí is leithne mar spriocanna náisiúnta. Is iad seo na tíortha a mbeidh rath orthu sna blianta atá romhainn. Agus muid anois sáite i bhfórsaí an domhandaithe, éireoidh go geal leis na háiteanna sin atá tógtha ar mheanma nó spiorad athghiniúna. Caithfidh Éire a bheith ina measc siúd.
Tá fiúntas faoi leith ag cultúr dúchasach na hÉireann, an Ghaeilge ach go háirithe, chun fiontair athghiniúna a chothú. Tá sé aitheanta le fada ag tíortha Nordacha, mar shampla, go gcothaíonn á dteangacha uathúla an mórtas dúiche atá riachtanach don fhéintuilleamaí, don fhéinmhuinín agus don fhéinmheas atá de dhíth chun an rathúnas a bhaint amach. Faraor, tá an tuairim forleathan sa tír seo go bhfuil buntáiste iomaíoch againn in Éirinn mar gur tír ina labhraítear Béarla í. Caitheann an smaointeoireacht athghiniúna an tuairim as dáta sin bun os cionn. Sa ré athghiniúna, tá luach tráchtála faoi leith ag an nGaeilge ó thaobh cúrsaí brandála agus margaíochta de. Mar shampla, i suirbhé a rinne an comhlacht Amárach do Ghaelchultúr i mbliana, ghlac 73% den phobal gur táirge dúchasach Éireannach atá ann nuair a bhíonn an Ghaeilge le feiceáil ar an lipéadú nó ar an fhógraíocht. Dúirt beirt as gach cúigear gur mó seans go gceannódh siad táirge nó seirbhís ó chomhlacht a bhaineann úsáid as an nGaeilge ina chuid fógraíochta ná ó cheann nach mbaineann úsáid as an teanga. Thug 26% le fios go mbeadh siad sásta níos mó a íoc dá bharr. Tá an figiúr seo i bhfad níos airde i measc daoine óga.
Ní mór d’Éirinn úr faoi bhláth a bheith bunaithe ar athmhúscailt chultúrtha fréamhaithe sa Ghaeilge. Chuirfeadh na riachtanais infhéistíochta a luaitear sa phlean fáis muid i dtreo na meanman athghiniúna céanna. Tabharfadh sé buntáiste uathúil spreagúil faoi leith dúinn. Dá gcuirfí an plean físeach seo i bhfeidhm ina iomláine, thabharfadh sé deis ar leith le haghaidh torthaí suntasacha trí infheistiú acmhainní, a bhfuil géarghá leo, sa Ghaeilge agus sa Ghaeltacht. Thaispeánfadh sé go bhfuil Éire ag dul i dtreo fís athghiniúna in ionad a bheith ag cloí le smaointeoireacht eacnamaíochta atá ró-chúng do chúrsaí iomaíochta idirnáisiúnta agus inmharthanachta an lae inniu.
No comments