Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 26 June 2024
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Pleanáil Teanga Laistigh agus Lasmuigh den Ghaeltacht: Plé
1:30 pm
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source
Ní díreach na húdaráis áitiúla a bhí i gceist agam - tá na ETBs ann agus tá sraith den chóras ina iomlán ann. Aon uair a dhéileálaimid leis na húdaráis áitiúla, feictear dúinn go raibh siad ag éirí níos fearr go dtí seo. Tá roinnt dóibh an-mhaith ó thaobh an chur chuige atá acu agus tá súil agam le dream nua comhairleoirí amach anseo go mbeidh siad ag cur brú ar na comhairlí. Ba iad na húdaráis sláinte, na boird sláinte, na hollscoileanna, srl. - tá liosta ann - a bhí i gceist agam. I mo thuairim féin agus b'fhéidir i dtuairim an choiste i gcoitinne, ba chóir go mbeadh siadsan ar fad gafa nó lárnach sa réimeas atá acu chun cuidiú le haon sórt pleanála teanga.
No comments