Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 26 June 2024
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Pleanáil Teanga Laistigh agus Lasmuigh den Ghaeltacht: Plé
1:30 pm
Mr. Seán Ó Coinn:
Is dóigh liom gur ceist easpa feasachta den chuid is mó atá ann i dtaca leis na forais eile Stáit, na bord oideachais agus oiliúna, na heagraíochtaí sláinte agus mar sin de, sa mhéid is nach bhfuil siad eolach ar caidé atá i gceist leis an bpleanáil teanga. Ar ndóigh, ag tús an phróisis tá a fhios againn gur cineál d’fheiniméan úr atá ann, go háirithe sna bailte seirbhíse Gaeltachta, ionas nach raibh éileamh ag teacht ó na bailte sin roimhe seo maidir le seirbhísí trí mheán na Gaeilge, agus mar sin de. Seachas go fánach ó dhaoine aonair sa phobal, ní raibh iarratais eagraithe ag teacht i dtaca leis sin. Is dóigh liom gur próiseas feasachta a bheidh ann ach bheimis ag súil le hAcht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 agus leis an tuairisc comhairleach atá curtha faoi bhráid an Aire Stáit maidir le cúrsaí earcaíochta, go mbeidh an fheasacht sin sa tseirbhís phoiblí i gcoitinne á hardú de réir a chéile agus nuair a bheidh na grúpaí pleanála teanga ag leibhéal áitiúil réidh chun dul chuig forais Stáit ina gceantair féin, go mbeidh fáilte á cur rompu.
No comments